Tá Tuilleadh eolais ar fáil ar Phríomhscileanna na Sraithe Sinsearaí ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.
Aithníodh cúig phríomhscil atá lárnach don teagasc agus don fhoghlaim i ngach cuid de churaclam na sraithe sinsearaí. Is cuid thábhachtach iad na príomhscileanna seo in iarracht an uile fhoghlaimeora a lánacmhainneacht a chomhlíonadh, le linn a laethanta scoile agus ina ndiaidh. Cuireann siad ar chumas foghlaimeoirí a bheith lánpháirteach sa tsochaí, i saol an teaghlaigh agus an phobail agus i saol na hoibre. De réir mar a théann foghlaimeoirí i dtaithí ar gach ceann de na príomhscileanna cuirfidh siad eolas ar mhodhanna agus ar scileanna foghlama ginearálta agus ar mhodhanna agus ar scileanna ar leith a bhainfidh leis na rudaí atá á bhfoghlaim acu féin. Mar sin beidh foghlaimeoirí ag foghlaim conas dul i mbun foghlama de réir mar a ghlacann siad na cúig phríomhscil chucu féin. Beidh na príomhscileanna le sonrú ar bhealach comhtháite i mórchuid réimsí sa churaclam agus is iomaí deis a bheidh ag daltaí dul i dtaithí orthu.
Na Cúig Phríomhscil:
- Eolas a phróiseáil
- Smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach
- Dul i mbun cumarsáide
- Ag dul i gcomhair le daoine
- A bheith éifeachtach go pearsanta