Webwise

 

Tionscnamh um shábháilteacht idirlín é Webwise a bhfuil sé mar aidhm aige feasacht a mhúscailt ar shaincheisteanna sábháilteachta ar líne agus ar dhea-chleachtas i measc scoláirí, a dtuismitheoirí agus a múinteoirí.

 

Is é Webwise Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag an gClár um Idirlíon níos Sábháilte de chuid an AE agus tá sé mar aidhm aige oiliúint agus dialóg a chur chun cinn i measc leanaí, múinteoirí agus tuismitheoirí faoi úsáid shábháilte agus oiriúnach an idirlín agus na meán nua.

 

Is iad príomhaidhmeanna an tionscadail a chinntiú go bhfuil na páirtithe leasmhara go léir eolach ar shaincheisteanna sábháilteachta a bhaineann le dul chun cinn nua teicneolaíochta, ar bhuntáistí agus ar rioscaí an idirlín agus ar conas inneachar neamhoiriúnach nó gníomhaíochtaí neamhoiriúnacha ar líne a thuairisciú.

 

Tá siad seo i leanas i measc na nithe atá i gceist le hobair Webwise:

  • Gníomhartha náisiúnta um Idirlíon níos Sábháilte a chruthú atá go mór os comhair an phobail agus a ndéanfar comhordú maith orthu. Beidh na gníomhartha seo inbhuanaithe sa todhchaí, de réir mar a bheidh teicneolaíochtaí agus úsáidí nua do na meáin ag forbairt i gcónaí
  • Ábhair agus cláir feasachta a fhorbairt chun a chinntiú go dtuigfidh leanaí, múinteoirí agus tuismitheoirí na tairbhí agus na rioscaí a ghabhann leis an Idirlíon.

 Chun acmhainní feasachta agus oideachais do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí a aimsiú, téigh chuig www.webwise.ie