Daltaí agus TSCS
- Cé hiad na daoine ar chóir dóibh tabhairt faoin TSCS?
- An féidir le grúpa daltaí laistigh de rang tabhairt faoin gClár?
- Cén dóigh a mínítear a rannpháirtíocht sa Chlár do dhaltaí?
- Cad a bhaineann daltaí amach ó pháirt a ghlacadh sa Chlár?
- Ar chóir dúinn na spriocanna foghlama atá sna ráitis a mhíniú do na daltaí?
- An gá go mbeadh na daltaí rannpháirteach ina ndul chun cinn féin a leanúint?
- An féidir cabhrú le daltaí an t-aistriú a dhéanamh ón mbunoideachas go dtí an meánoideachas?
- Cá fhad nach mór do dhalta a bheith páirteach sa Chlár sula bhfaighidh sé/sí Próifíl Deiridh?
- An féidir próifíliú a dhéanamh ar dhalta má d’fhág sé/sí an scoil?
Cé hiad na daoine ar chóir dóibh tabhairt faoin TSCS?
Tá an Clár TSCS dírithe ar dhaltaí idir 12-16 bliana d’aois a d’fhéadfadh an scoil a fhágáil go luath.
An féidir le grúpa daltaí laistigh de rang tabhairt faoin gClár?
Cinnte is féidir. Is faoin múinteoir agus faoin scoil cinneadh a dhéanamh ar an dóigh ar mian leo na daltaí ina gcuid ranganna a eagrú.
Cén dóigh a mínítear a rannpháirtíocht sa Chlár do dhaltaí?
Insítear do dhaltaí go bhfuil siad ag tabhairt faoi Chúrsa an Teastais Shóisearaigh. In ionad iad a bheith ag fanacht le scrúdú a dhéanamh chun teastas a bhaint amach tar éis trí bliana, is féidir leo tosú ag obair i dtreo a scrúduithe láithreach. Glacfaidh múinteoirí smután dá n-ábhar, rud ar a dtugtar ráiteas agus a deir gur féidir leo rud éigin a dhéanamh. Cuirfear an ráiteas seo ar a dteastas chomh luath agus a bheidh an líon riachtanach spriocanna foghlama bainte amach acu.
e.g. ‘Is féidir leis an dalta an t-eolas bunúsach agus na scileanna bunúsacha is gá chun déantáin a chruthú trí ábhair innealtóireachta a úsáid a chur i bhfeidhm.’
Is féidir le daltaí a bPróifíl TSCS féin a chur le chéile i rith na Sraithe Sóisearaí trí spriocanna agus trí ráitis a chur i gcrích lena múinteoirí. Faoin am a bheidh siad ar tí tabhairt faoina scrúduithe, feicfidh siad gur foghlaimeoirí rathúla iad agus beidh siad níos muiníní maidir le tabhairt faoi scrúdú an Teastais Shóisearaigh.
Cad a bhaineann daltaí amach ó pháirt a ghlacadh sa Chlár?
Faigheann daltaí deis chun páirt níos mó a ghlacadh ina gcuid foghlama féin, i ráitis a phlé agus i spriocanna a chomhlíonadh. Trí rannpháirtíocht sa phróiseas foghlama seo, tagann rath ar dhaltaí agus téann siad ar aghaidh chun cur leis an rath sin. I rith a gcuid ama ar an gClár, lorgaíonn an fhoireann TSCS deiseanna chun luach saothair a thabhairt do dhaltaí agus iad a mholadh agus aiseolas úsáideach a thabhairt dóibh maidir lena gcuid feidhmíochta. Ina theannta sin, déanann an fhoireann TSCS iarracht teagmháil dhearfach a dhéanamh le teaghlaigh na ndaltaí. Chomh maith leis sin, nuair a thugann daltaí faoina scrúdú Teastais Shóisearaigh, faigheann siad teastas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus próifíl ina liostaítear gach a bhfuil bainte amach acu agus iad ar an gClár.
Ar chóir na spriocanna foghlama atá sna ráitis a mhíniú do na daltaí?
Tá sé tábhachtach go bhfuil daltaí ar an eolas faoi na spriocanna foghlama atá rompu. Tá sé tábhachtach a threisiú go bhfuil na spriocanna sin mar chuid de shiollabas scrúdaithe an Teastais Shóisearaigh agus go bhfuil rath iontu sin ar an gcéad chéim i dtreo rath a bhaint amach sa scrúdú Teastais Shóisearaigh féin.
An gá go mbeadh na daltaí rannpháirteach ina ndul chun cinn féin a leanúint?
Dar le múinteoirí TSCS, braitheann daltaí go bhfuil níos mó smachta acu ar a gcuid foghlama féin agus go tugtar spreagadh níos mó dóibh chun spriocanna foghlama a bhaint amach nuair a thugtar páirt dóibh i bhfaireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn féin. Tuairiscíonn múinteoirí TSCS a bhfuil taithí acu go bhfuil an rannpháirtíocht sin mar ghné thábhachtach de sheachadadh an Chláir. Cuireann sé daltaí ar an eolas faoi conas atá ag éirí leo agus tugann sé luach saothair dóibh ar son a gcuid ratha i bhfoirm spreagtha agus molta.
An féidir cabhrú le daltaí an t-aistriú a dhéanamh ón mbunoideachas go dtí an meánoideachas?
Reáchtálann cuid mhór scoileanna TSCS cláir aistrithe anois do dhaltaí atá ag aistriú ón mbunscoil go dtí an mheánscoil. Baineann na cláir seo cuid den choimhthíos agus den eagla as an aistriú go dtí an mheánscoil trí dheis a thabhairt do dhaltaí bunscoile i rang a sé iniúchadh a dhéanamh ar a scoil nua, bualadh le roinnt múinteoirí, éisteacht le daltaí sa chéad bhliain agus sa dara bliain maidir leis na buaicphointí sa scoilbhliain agus, i roinnt cásanna, triail a bhaint as cúpla rang.
Cá fhad nach mór do dhalta a bheith páirteach sa Chlár chun Próifíl Deiridh a fháil?
Ní mór do dhalta bliain amháin a chur i gcrích sa Chlár chun Próifíl Deiridh a fháil.
An féidir próifíliú a dhéanamh ar dhalta má d’fhág sé/sí an scoil?
Is féidir, tá aon dalta a bhfuil bliain iomlán amháin curtha i gcrích aige/aici sa Chlár i dteideal próifíle agus teastasú. Mar sin féin, ní féidir an phróifíl ná an teastasú a bhronnadh go dtí deireadh an tríú bliain.