TSCS – Ceisteanna Ginearálta
- Cad é an aidhm atá leis an TSCS?
- An bhfuil sé seo mar mhalairt ar an Teastas Sóisearach?
- Cad é an difríocht idir an Teastas Sóisearach agus TSCS?
- An dtugann daltaí faoi scrúdú an Teastais Shóisearaigh?
- An dteipeann ar mhórán daltaí sa TSCS?
- Cad iad na croí-ábhair?
- An mbíonn ról ag tuismitheoirí sa TSCS?
Cad é an aidhm atá leis an TSCS?
Is é an aidhm atá leis an Teastas Sóisearach – Clár Scoile cur chuige úr a chur ar fáil i leith Chlár an Teastais Shóisearaigh do dhaltaí a d’fhéadfadh an scoil a fhágáil go luath agus atá ag streachailt chun déileáil leis an meánoideachas. Is idirghabháil é do na daltaí sin bunaithe ar an gcoincheap go bhfuil gach duine óg in ann fíor-rath a bhaint amach ar scoil.
An bhfuil sé seo mar mhalairt ar an Teastas Sóisearach?
Níl, níl an Teastas Sóisearach – Clár Scoile mar mhalairt ar an Teastas Sóisearach. Is creat é atá deartha chun cabhrú le scoileanna agus le múinteoirí cur chuige samhlaíoch a fhorbairt i leith chúrsa an Teastais Shóisearaigh. Ní mór gach dalta sa Chlár a iontráil ar scrúdú an Teastais Shóisearaigh.
Cad é an difríocht idir an TSCS agus an Teastas Sóisearach?
Tá an Teastas Sóisearach – Clár Scoile ina bhealach oibre laistigh den Teastas Sóisearach. Tá sé deartha go háirithe chun cabhrú le daoine óga a raibh taithí dheacair acu ar scoil agus a d’fhéadfadh an scoil a fhágáil go luath. Trí phróifíliú a dhéanamh ar obair na ndaltaí i ranganna na Sraithe Sóisearaí, tugtar deiseanna do dhaltaí páirt a ghlacadh sa churaclam agus rath a bhaint amach ar scoil. Faigheann siad teastas oifigiúil dá gcuid éachtaí, atá bailíochtaithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, mar aon lena dTeastas Scrúdaithe Teastais Shóisearaigh.
An dtugann daltaí faoi scrúdú an Teastais Shóisearaigh?
Tugann, cinnte! Tá an Teastas Sóisearach – Clár Scoile ann le gur féidir le daltaí fanacht ar scoil, rath a bhaint amach ar scoil agus a bheith níos muiníní maidir le tabhairt faoi Scrúdú an Teastais Shóisearaigh.
An dteipeann ar mhórán daltaí sa TSCS?
Ní féidir le daltaí teip a fháil sa TSCS. Tá rath i gceist leis an gClár seo. Roghnaítear ráitis indéanta go cúramach. Faigheann daltaí deis chun sraith ráiteas a chur i gcrích agus a bpróifíl ratha féin a fhorbairt – is é sin, próifíl ina liostaítear na rudaí is féidir leo a dhéanamh.
Cad iad na croí-ábhair?
Níl aon chroí-ábhair ann. Ach ní mór gach dalta a iontráil ar Scrúdú an Teastais Shóisearaigh i mBéarla agus i Matamaitic agus ní mór dóibh cúrsa oiriúnach i nGaeilge a leanúint.
An mbíonn ról ag tuismitheoirí sa TSCS?
Spreagtar rannpháirtíocht na dtuismitheoirí sa TSCS agus cuirtear fáilte roimpi. Bíonn scoileanna i dteagmháil le tuismitheoirí ar bhonn níos minice agus cuirtear béim ar ‘dhea-scéal’ a thabhairt dóibh. Tionólann cuid mhór scoileanna lá tuismitheoirí chun an obair atá déanta a chur ar taispeáint, chun teastais ghnóthachtála a bhronnadh agus chun rath a leanaí a cheiliúradh le tuismitheoirí. Iarrtar ar thuismitheoirí páirt ghníomhach a ghlacadh in oideachas a leanaí trína bheith ag obair leis an scoil maidir le dea-thinreamh, le dea-phoncúlacht agus le hobair bhaile mhaith a spreagadh agus tríd an dul chun cinn atá déanta a mholadh.