TSCS a Reáchtáil i Scoileanna
- Cé na hacmhainní atá ar fáil do scoileanna?
- Cé a thugann aire don Chlár?
- Cé mhéad múinteoir a bhíonn ar fhoireann TSCS?
- An mbíonn an t-am ag an bhfoireann TSCS chun teacht le chéile?
- Cé chomh minic is a thagann an fhoireann TSCS le chéile?
- Cén dóigh a ndéantar éascú ar chruinnithe?
- Cén cúnamh a fhaigheann múinteoirí a bhíonn páirteach sa Chlár?
- An oibríonn gach múinteoir ábhair ar ráitis go neamhspleách?
- Cad is obair thraschuraclaim ann?
- Cé a choinníonn taifead ar dhul chun cinn an dalta?
- Cé a choinníonn na taifid?
- Cá gcoinnítear na taifid?
Cé na hacmhainní atá ar fáil do scoileanna?
Faigheann scoileanna a bhíonn páirteach sa TSCS leithdháileadh múinteoirí níos fearr. Déantar an leithdháileadh ag ráta 0.25 coibhéis múinteora lánaimseartha (CLA) in aghaidh grúpa de 45 dalta a bhíonn páirteach sa Chlár. Úsáideann an comhordaitheoir cuid den am sin chun an Clár a chomhordú. Cuirtear an chuid eile den am sin ar fáil don fhoireann múinteoirí TSCS le gur féidir leo a gcuid oibre a phleanáil agus a mheas agus daltaí a phróifíliú.
Cé a thugann aire don Chlár?
Tá comhordaitheoir don Chlár i ngach scoil. Is é ról an chomhordaitheora aire a thabhairt do riachtanais múinteoirí agus daltaí a thagann ó rannpháirtíocht sa chlár. Go ginearálta, tacaíonn siad le múinteoirí ar bhonn neamhfhoirmiúil, trí fhótachóipeáil a dhéanamh agus trí acmhainní a chur ar fáil. Eagraíonn siad cruinnithe foirne le haghaidh pleanála agus meastóireachta freisin. Bíonn siad i dteagmháil le daltaí ar roinnt bealaí; tugann siad aiseolas maidir le dul chun cinn, eagraíonn siad gníomhaíochtaí agus bíonn siad ina bhfoinse spreagtha do dhaltaí. Chomh maith leis sin, tugann comhordaitheoirí aire do rannpháirtíocht na dtuismitheoirí sa Chlár, is foinse faisnéise iad don phríomhoide agus don fhoireann scoile ar fad agus bíonn siad i dteagmháil leis an tSeirbhís Tacaíochta TSCS.
Cé mhéad múinteoir a bhíonn ar fhoireann TSCS?
Níl aon líon socraithe múinteoirí ann. Mar sin féin, fuair múinteoirí a oibríonn le daltaí TSCS amach go mbíonn foireann teagaisc bheag níos éifeachtaí ná foireann teagaisc níos mó. Téann cuid mhór daltaí ón mbunscoil, áit ina raibh múinteoir amháin acu i rith na bliana, go dtí an mheánscoil, áit ina mbíonn a lán múinteoirí éagsúla acu ar bhonn laethúil. Fuair go leor scoileanna amach go dtáinig feabhas ar eispéireas scoile na ndaltaí tar éis líon na múinteoirí do dhaltaí TSCS a laghdú go dtí deichniúr múinteoirí, aon mhúinteoir déag nó dháréag múinteoirí.
An mbíonn an t-am ag an bhfoireann TSCS chun teacht le chéile?
Bíonn. Tagann gach foireann le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh an téarma, ach, i mórán cásanna, tarlaíonn sé go dtagann siad le chéile níos minice ná sin. Glactar an t-am a chaitheann múinteoirí sna cruinnithe seo ón leithdháileadh ama a thugann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do scoileanna a bhíonn páirteach sa Chlár.
Cé chomh minic is a thagann an fhoireann TSCS le chéile?
Tagann gach foireann le chéile ceithre huaire sa bhliain ar a laghad: reáchtáiltear cruinniú pleanála i mí Mheán Fómhair agus reáchtáiltear cruinniú próifílithe amháin ag deireadh gach ceann de na trí théarma. Mar sin féin, measann cuid mhór scoileanna go mbaineann tairbhe ollmhór le cruinnithe níos minice. Reáchtálann roinnt acu cruinnithe uair amháin sa mhí, agus i scoileanna eile, tá sé leagtha síos sa chlár ama go dtagann croíghrúpa múinteoirí le chéile gach seachtain.
Cén dóigh a ndéantar éascú ar chruinnithe?
Tá sé de fhreagracht ar an gcomhordaitheoir éascú a dhéanamh ar chruinnithe. Is é sainchúram an chomhordaitheora ná ionad, am, bia agus deoch a eagrú, cláir oibre a ullmhú, an cruinniú a reáchtáil agus pleananna gníomhaíochta agus miontuairiscí a thaifeadadh.
Cén cúnamh a fhaigheann múinteoirí a bhíonn páirteach sa Chlár?
- Tacaíocht i gcuraclam oiriúnach a phleanáil
- Am le haghaidh cruinnithe
- Lámhleabhar ráiteas
- Cuairteanna scoile ón tseirbhís tacaíochta
- Acmhainní ón tseirbhís tacaíochta
- Tacaíocht inseirbhíse le haghaidh topaicí amhail: modheolaíochtaí, réimsí ábhair, litearthacht, uimhearthacht
An oibríonn gach múinteoir ábhair ar ráitis go neamhspleách?
Oibríonn agus ní oibríonn. Bíonn deiseanna ag múinteoirí ag na cruinnithe próifílithe le linn na bliana chun labhairt le múinteoirí eile ar an bhfoireann maidir leis an gcéad rud eile atá le teagasc. Bíonn sé an-tairbheach do dhaltaí TSCS nuair a bhíonn aon réimsí inar féidir le múinteoirí forluí ar bhealach úsáideach, mar ní mór athrá agus atreisiú a bheith leanúnach.
Cad is obair thraschuraclaim ann?
Is éard is obair thraschuraclaim ann ná nascadh ábhar. Is cur chuige i leith modheolaíochta í a chothaíonn foghlaim trí thaithí phearsanta agus trí rannpháirtíocht ghníomhach na ndaltaí i bpleanáil, i gcinnteoireacht agus i meastóireacht. Is é aidhm na hoibre traschuraclaim ná oideachas fiosrach gníomhach a chur ar fáil do dhaltaí, rud atá bunaithe ar shaincheisteanna sa saol laethúil, le gur féidir leo a bheith ina mbaill sholúbtha inoiriúnaithe den tsochaí. ANSIN are a whole sraith of traschuraclaim ráitis that múinteoirí can roghnaigh ó.
Cé a choinníonn taifead ar dhul chun cinn an dalta?
Coinníonn gach múinteoir taifead ar dhul chun cinn a gcuid daltaí féin agus faigheann siad an t-am chun aiseolas a thabhairt dóibh maidir lena gcuid feidhmíochta. Oibríonn múinteoirí áirithe i gcomhar le daltaí chun an dul chun cinn atá déanta a thaifeadadh.
Cé a choinníonn na taifid?
Coinníonn múinteoirí a dtaifid féin ar dhul chun cinn na ndaltaí trí spriocanna agus trí ráitis. Ag an am céanna, taifeadann gach dalta a ndul chun cinn i ngach ráiteas ina bhfillteáin TSCS. Is ag an gcomhordaitheoir atá an máistirthaifead oifigiúil ar dhul chun cinn. Nuashonraítear é seo ag cruinnithe próifílithe a reáchtáiltear uair amháin in aghaidh an téarma.
Cá gcoinnítear na taifid?
Coinníonn múinteoirí a dtaifid féin. Coinnítear fillteáin na ndaltaí ina seomraí ranga, i seomra an chomhordaitheora, sa seomra tacaíochta foghlama nó sa seomra foirne. Is é an comhordaitheoir a choinníonn cártaí an mháistirthaifid. Is féidir iad a stóráil in oifig na scoile.