Page Content Category:
Leagtar amach i gCuraclam na Bunscoile (1999) ábhair fhoghlaim leanaí – céard agus cén chaoi i dtaobh foghlaim leanaí – don chéad ocht mbliana sa scoil, ó na naíonáin shóisearacha go dtí rang a sé. Tá sé mar aidhm ag an gcuraclam:
- cumas gach linbh a fhorbairt a mhéad agus is féidir
- grá don fhoghlaim a spreagadh
- cuidiú le leanaí chun scileanna a fhorbairt a úsáidfidh siad ar feadh a saoil.
Cuirtear an curaclam i láthair i seacht réimse, a bhfuil cuid díobh foroinnte ina n-ábhair. Seo a leanas iad:
- Teanga: Gaeilge agus Béarla
- Matamaitic
- Oideachas sóisialta, comhshaoil agus eolaíochta (OSIE): stair, tíreolaíocht agus eolaíocht
- Oideachas ealaíon: na hamharcealaíona, ceol agus drámaíocht
- Corpoideachas
- Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
- Tá oideachas reiligiúnach nó eiticiúil mar fhreagracht ar na comhlachtaí caomhnóireachta scoile éagsúla.
Curaclam na Bunscoile: Tugtar tuilleadh faisnéise sa réamhrá. Feic www.curriculumonline.ie
Cliceáil ar cheann ar bith de na réimsí curaclaim seo chun na hacmhainní cearta a fháil do gach réimse Curaclaim