Le Damhsa Tíre foghlaimíonn leanaí roinnt damhsaí Gaelachaagus roinnt damhsaí tíre ó thraidisiúin eile.
Tá sé tábhachtach go smaoineofar gur chóir an bhéim a chur i gcónaí ar thaitneamh a bhaint as an damhsa agus na leanaí go léir a bheith rannpháirteach ann seachas béim mheicniúil a chur ar ghluaiseachtaí an damhsa.
Ba chóir ceol a roghnú go cúramach chun ligean do na leanaí taitneamh a bhaint as rithimí bríomhara ag luas oiriúnach dóibh agus iad ag tabhairt faoin damhsa.
Treoir mhaith ná go bhfoghlaimeodh gach leibhéal ranga damhsa tíre Gaelach amháin ar a laghad agus damhsa tíre amháin ó thír eile.
Léirítear sa tábla thíos achoimre ar na damhsaí tíre a liostaítear i gCuraclam na Bunscoile
Rang |
Gaelach |
Idirnáisiúnta |
Coiscéimeanna (tugtha isteach) |
Naíonáin |
|
|
|
1 agus 2 |
|
|
sleaschéim (Gaelach) coiscéim phromanáide
léim |
3 agus 4 |
|
|
luascadh céim ardaithe
cosa in airde sleaschéim (damhsa tíre)
|
5 agus 6 |
|
|
|
Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh Corpoideachais, a leagtar amach in Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí ar leathanaigh 42-100, do mhúinteoirí chun ceachtanna damhsa tíre a eagrú.
Breac-chuntas ar dhamhsa tíre Viostfálach, ‘Tar Chugam’, do rang a haon agus rang a dó
Breac-chuntas ar dhamhsa tíre Gaelach, ‘An Damhsa Mór’ ,do rang a haon agus rang a dó nó fiú do rang a trí agus rang a ceathair
Breac-chuntas ar dhamhsa tíre Gaelach, ‘Baint an Fhéir’, do rang a cúig agus rang a sé
Ina theannta sin, is acmhainn den scoth do mhúinteoirí iad ceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) i dtaca le Damhsa don uile leibhéal ranga. Tugtar breac-chuntas iontu ar chlár cuimsitheach oibre a oireann do gach ceacht ranga ar leith. Tá cur chuige agus modhanna teagaisc éagsúla san uile leibhéal ranga san áireamh iontu.
Cliceáil le tuilleadh acmhainní thíos a íoslódáil a thacóidh leat agus tú ag cur damhsa tíre i ngníomh
Leideanna don damhsa a mhúineadh: Sa bhileog seo tugtar leideanna praiticiúla do mhúinteoirí i ndáil le damhsa tíre a mhúineadh agus cur chuige molta freisin maidir le damhsaí tíre a mhúineadh
Skip to my Lou: Breac-chuntas ar ‘Skip to my Lou’ agus na focail a ghabhann leis, damhsa atá oiriúnach do na ranganna Naíonán
Damhsa an Ghréasaí: Breac-chuntas ar choiscéimeanna Dhamhsa an Ghréasaí, damhsa tíre ón bPolainn atá oiriúnach do rang a trí agus rang a ceathair
Ionsaí na hInse: Breac-chuntas ar choiscéimeanna damhsa tíre Gaelach, Ionsaí na hInse, atá oiriúnach do rang a trí agus rang a ceathair
La Vinca: Breac-chuntas ar dhamhsa tíre ón Iodáil, La Vinca, atá oiriúnach do rang a cúig agus rang a sé
Damhsa Thuathánach na Fraince: Breac-chuntas ar choiscéimeanna Dhamhsa Thuathánach na Fraince, atá oiriúnach do rang a cúig agus rang a sé
Réicí Mhala: Breac-chuntas ar chéimeanna damhsa tíre Gaelach, atá oiriúnach do rang a cúig agus rang a sé
Cor beirte: Breac-chuntas ar chéimeanna damhsa tíre Gaelach, atá oiriúnach do rang a cúig agus rang a sé
Acmhainn don damhsa tíre Gaelach: Tá céimeanna sa bhileog seo do roinnt damhsaí Gaelacha agus idirnáisiúnta le damhsaí atá oiriúnach do na leibhéil uile ó rang a haon go rang a sé
Tá na comhaid cheoil seo a leanas ar fáil le híoslódáil (cliceáil chun iad a sheinm/a íoslódáil):
An ceol a ghabhann leis an damhsa tíre ‘Tar Chugam’