Cluichí

 

Áirítear le snáithaonaid an churaclaim Cluichí:

  • Seoladh, fáil agus taisteal
  • Cluichí a cheapadh agus a imirt
  • Cluichí a chiallú agus a léirthuiscint

Ba chóir béim a chur i gclár na gcluichí ar fhorbairt scileanna, ar cheapadh agus imirt cluichí agus ar thuiscint ar chluichí.  Chuirtí an bhéim go traidisiúnta ar ‘an gcluiche a imirt’ nó ar scileanna a chleachtadh neamhspleách ar an gcluiche. Féachann an curaclam seo le cleachtadh scileanna a nascadh le himirt mionchluichí (foirne beaga).

Ba chóir go gcuirfeadh an clár cluichí deiseanna ar fáil do leanaí scileanna agus tuiscint a fhorbairt trí mheán gníomhaíochtaí taitneamhacha agus iad ina n-aonar, ina ngrúpaí beaga, agus ina bhfoirne.

Cuidíonn cluichí clóis leis an leanbh gluaiseacht go héifeachtach agus idirghníomhú le leanaí eile. Áirítear iad seo sa snáithaonad ‘cluichí a cheapadh agus a imirt’.

 

Ba chóir go bhfaigheadh leanaí taithí chothrom ar scileanna agus ar chluichí i roinnt catagóirí:

 

Cluichí Ionraidh

Cluichí Eangaí

An liathróid a stopadh agus a chur ar ais/an liathróid a bhualadh

Sprioc

Cispheil

Leadóg

Cluiche Corr

Galf

Peil

Eitpheil

Cruicéad

Bollaí

Iománaíocht

Badmantan

Cróice

Dairteanna Velcro

Rugbaí

 

 

Boccia

 

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh Corpoideachais, a leagtar amach in Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí ar leathanaigh 42-100, do mhúinteoirí chun ceachtanna Cluichí a eagrú.

Tá cur chuige don aimsiú treoraithe i snáithe oibre cluichí leagtha amach ar lch 44

Tá áit súgartha roinnte i ngreillí a úsáid i gceacht cluichí leagtha amach ar lch 54

Leagtar amach aonad oibre i gcluichí ina sonraítear clár oibre sé seachtaine do rang a trí agus do rang a ceathair ar leathanaigh 86-87

Leagtar amach aonad oibre i gcluichí ina sonraítear clár oibre sé seachtaine do rang a cúig agus do rang a sé ar leathanaigh 88-89

Ina theannta sin, is acmhainn den scoth do mhúinteoirí iad ceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) i dtaca le Cluichí don uile leibhéal ranga. Tugtar breac-chuntas iontu ar chlár cuimsitheach oibre a oireann do gach ceacht ranga ar leith. Tá cur chuige agus modhanna teagaisc éagsúla san uile leibhéal ranga san áireamh iontu.

Tá tuilleadh acmhainní faoi iamh a thacóidh leat agus tú ag cur an tsnáithaonaid Cluichí i ngníomh

Active Playgrounds: Alt ón irisleabhar ‘In Touch’ chun tacú le scoileanna gníomhaíochtaí a leagan amach sa chlós scoile i rith sosa.

Cluichí sa Chlós Scoile: Dul Chun Cinn Liosta de chluichí don chlós scoile atá oiriúnach do gach leibhéal ranga

Co-operative games in the primary school: Alt ón irisleabhar ‘In Touch’ a leagann amach réimse cluichí comhoibríocha agus paraisiúit a d’fhéadfaí a ionchorprú sa churaclam cluichí agus i snáithí eile den churaclam corpoideachais

Píosa físe de Chluichí Comhoibríocha: Píosa físe de thrí chluiche chomhoibríocha, ‘Hula Hut’, ‘Bull Ring’ agus ‘Traffic Lights’ arna léiriú le grúpa leanaí ó rang a cúig.

 

 

 

 

 

 

Stáisiúin: Sampla de smaointe don teagasc stáisiún le haghaidh Cluichí ón inseirbhís Corpoideachais maidir le Cluichí a d’fhéadfaí a chur in oiriúint do na leibhéil éagsúla ranganna.  

Cluichí a ionchorpraíonn forbairt scileanna liathróide: Rogha cluichí, roinnte ina dtrí leibhéal deacrachta a ionchorpraíonn scileanna liathróide ó spóirt éagsúla, atá fós féin spraíúil agus dúshlánach.

Scileanna láimhsithe liathróide: D’fhéadfaí rogha gníomhaíochtaí maidir leis seo a ionchorprú sna snáithaonaid ‘seoladh, fáil agus taisteal’ agus ‘cluichí a cheapadh agus a imirt’. 

 

ACMHAINNÍ: