Oiliúint uisce

 

Áirítear le snáithaonaid an churaclaim Oiliúna Uisce:

 

  • Sláinteachas

  • Sábháilteacht uisce

  • Dul isteach san uisce agus teacht amach as

  • Snámhacht agus tiomáint

  • Forbairt banganna snámha

  • Cluichí liathróide uisce

  • Oiliúint uisce a chiallú agus a léirthuiscint

 

Aithnítear sa churaclam oiliúna uisce go bhfuil níos mó i gceist le snámh ná a bheith ag foghlaim banganna snámha agus ag iomaíocht i gcomórtais snámha. Cuirtear an bhéim ar shraith bunscileanna agus ar dhearcadh agus ar thuiscint a ghnóthú sula mbaintear cumas amach sna banganna snámha traidisiúnta.

 

Cuidíonn súgradh san uisce leis an leanbh foghlaim a dhéanamh, agus is é an bealach is inmholta é chun cabhrú leis an leanbh taithí a fháil ar ghnéithe tairbheacha an uisce. Tá cluichí samplacha le fáil in a lán de na snáithaonaid, agus is féidir iad a úsáid chun na scileanna atá le múineadh a thionscnamh, a threisiú, nó a fhorbairt. Is féidir leis na cluichí foghlaim a mhéadú, mar is féidir iad a úsáid mar ghléas chun cleachta, chun aiseolas a fháil, agus chun athdhaingnithe.

 

Níl an snáithe oiliúna uisce roinnte ina leibhéil ranga, ach tá sé leagtha amach mar aonad iomlán amháin, sa chaoi gur féidir é a fheidhmiú go forchéimnitheach cibé am a fhaigheann an leanbh deis tús a chur le gníomhaíochtaí uisce.

 

Aireoidh formhór na múinteoirí an phleanáil do chlár oiliúna uisce a bheith neamhchosúil leis an bpleanáil do shnáitheanna eile an churaclaim, toisc go mbeidh caidreamh i gceist le pearsanra eile a dhéanfaidh an clár a mhúineadh. Ní laghdaíonn sé seo ról an mhúinteora ranga, áfach, mar is eisean/ise a fhéachfaidh chuige go bhfreastalaíonn an clár ar riachtanais an ranga agus go mbíonn an clár ina chuid den phlean scoile don oiliúint uisce. Ba chóir smaoineamh faoi líon na múinteoirí cáilithe snámha a bheidh ag teastáil chun freastal ar riachtanais an ranga agus faoi conas is féidir an clár a eagrú chun freastal ar raon leathan cumais más gá. Ba chóir an t-am a thógann sé chun taisteal chuig an linn snámha agus uaithi a chur san áireamh freisin.

 

Sa chlár lúthchleasaíochta ba chóir an bhéim a chur ar sholáthar deiseanna don leanbh a d(h)úshlán féin a thabhairt chun rith níos tapúla nó ar feadh tréimhsí níos faide, gaireas a chaitheamh níos faide, agus léimneach níos faide nó níos airde.

 

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh Corpoideachais, a leagtar amach in Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí ar leathanaigh 42-100, do mhúinteoirí chun ceachtanna Lúthchleasaíochta a eagrú.

 

Tá ceacht oiliúna uisce atá oiriúnach do rang le cumas measctha leagtha amach ar leathanach 96 agus leathanach 97

 

Ina theannta sin, tá leathanach leideanna ar Oiliúint Uisce le fáil i gceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI), agus is acmhainn úsáideach do mhúinteoirí é seo.

 

Tá cúrsa forbartha ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann ina n-ionchorpraítear gach gné den snáithe Oiliúna Uisce – PAWS (Sábháilteacht Uisce in Oiliúint Uisce do Bhunscoileanna). Is féidir le múinteoirí a gcuid daltaí a dheimhniú agus dámhachtainí atá aitheanta go náisiúnta a bhronnadh orthu ón gclár seo atá molta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is féidir rang a ghlacadh tríd an gcéad trí dhámhachtain gan dul isteach san uisce – PAWS: Talamh 1, 2 agus 3. Ní amháin go bhfoghlaimíonn daltaí chun snámha sa chlár PAWS, foghlaimíonn siad freisin conas an t-uisce a chiallú agus a léirthuiscint.

 

Níos Mó Eolais:

www.iws.ie nó cuir glaoch ar 1890 420 202