Úsáid Substaintí

Page Content Category: 

Is éard atá in Oideachas um Chosc ar Mhí-Úsáid Substaintí ná scileanna sóisialta agus pearsanta a fhorbairt, luachanna agus dearcthaí a chuireann an tsláinte chun cinn a chothú agus faisnéis oiriúnach d’aois a thabhairt, maidir le leigheasanna agus drugaí sa chomhthéacs sin, bíodh siad dleathach nó mídhleathach.

 

Scrollaigh chuig bun an leathanaigh chun acmhainní na cáipéise beartais a íoslódáil

 

 

Is é is aidhm d’Oideachas um Chosc ar Mhí-Úsáid Substaintí cabhrú le daltaí scileanna, luachanna agus dearcthaí oiriúnacha a fhorbairt agus faisnéis oiriúnach d’aois a thabhairt dóibh atá ag teastáil chun roghanna eolacha sláintiúla a dhéanamh faoi shubstaintí

Níor cheart plé le hOideachas um Chosc ar Mhí-Úsáid Substaintí ar shlí éagsúil le réimsí eile den churaclam agus níor cheart é a theagasc ar leithlis. D’fhéadfadh sé go ndéanfadh cuir chuige den chineál sin é a áibhliú mar thopaic in ionad plé leis mar pháirt lárnach d’fhorbairt iomlánaíoch agus d’oideachas an dalta i gcomhthéacs churaclam na bunscoile. Is é an múinteoir an duine is fearr le hoideachas um chosc ar mhí-úsáid substaintí a sholáthar sa suíomh scoile.


 

Oideachas Drugaí

Rinneadh taighde fairsing ar éifeachtúlacht na gclár oideachas drugaí. Tugtar le tuiscint sa bhonn fianaise atá ar fáil gur féidir le cláir oideachas drugaí, amhail an clár Misneach, ina gcuirtear scileanna eolais, sóisialta, saoil agus diúltaithe san áireamh, laghduithe suntasacha ar úsáid drugaí dleathacha agus mídhleathacha a chruthú. Is fearr na cláir sin a shocrú laistigh de churaclam forbartha sláinte agus pearsanta níos leithne ar nós churaclam an OSPS.