Page Content Category:
Scrollaigh chuig bun an leathanaigh chun acmhainní ar phleanáil don OSPS a íoslódáil. |
---|
Pleanáil eagair OSPS
Caithfidh cur chuige scoile maidir le OSPS a bheith réalaíoch, ba cheart dó freastal ar riachtanais na leanaí agus mothú soiléir aidhme agus treorach a thabhairt don mhúinteoir. Sainaithneofar na straitéisí cuí ann chun OSPS a chur i gcrích go héifeachtach sa scoil, agus tiocfaidh sé de bharr dul i gcomhairle le tuismitheoirí, múinteoirí, an lucht bainistíochta agus foireann choimhdeach. Beidh beartais scoile cosúil le beartais ar bhulaíocht, OCG, nó úsáid substaintí mar bhonn eolais ag cur chuige na scoile maidir le OSPS lena n-áirítear:
- Iniúchadh ar chineál agus ar bhunbhrí OSPS
- Cur chuige scoile maidir le OSPS a fhorbairt
- Páirt a ghlacadh i bpróiseas faisnéise agus comhairliúcháin
- Athbhreithniú tar éis tréimhse áirithe.
Tá róil éagsúla ag an mbord bainistíochta, ag tuismitheoirí, ag an bpríomhoide, ag an bhfoireann tacaíochta agus ag an bhfoireann choimhdeach sa phróiseas seo. Léigh leathanaigh 29 agus 30 de na Treoirlínte do Mhúinteoirí maidir le OSPS le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi phleanáil eagair OSPS.
An plean scoile maidir le OSPS a fhorbairt
Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas i gceist leis an bpleanáil le haghaidh OSPS:
- Comhthuiscint ar OSPS a chruthú
- É a bheith mar aidhm leas iomlán a bhaint as spéiseanna agus as saineolas na foirne teagaisc
- Fíorchúnamh a thabhairt don mhúinteoir
- Cur chuige sa scoil uile a leagan amach maidir le cur i bhfeidhm na snáitheanna agus na snáithaonad den churaclam OSPS a fheidhmeofar go comhsheasmhach sna seomraí ranga uile
- Cuidiú le forbairt an phlean scoile iomláin a athbhreithneoidh an bord bainistíochta
- Na naisc le beartais agus le cláir ghaolmhara sa scoil a thacaíonn le OSPS a leagan amach, i.e. Úsáid Substaintí, Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta agus Cosaint Leanaí
- Athbhreithniú agus meastóireacht a chur san áireamh
- Cumarsáid idir na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an bord bainistíochta a chur san áireamh
- Róil an phríomhoide agus an mhúinteora i bpleanáil agus i bhfeidhmiú an chláir a shocrú
Cur chuige sa scoil uile maidir le pleanáil le haghaidh OSPS
Tá trí shnáithe sa churaclam OSPS: ‘Mise’, ‘Mise agus daoine eile’ agus ‘Mise agus an domhan mór’. Déantar iad seo a roinnt i roinnt snáithaonad. Is é atá sna snáithaonaid seo ná topaic nó líon topaicí a bhaineann leis an aonad. Tá na snáitheanna agus na snáithaonaid comhsheasmhach agus cuirtear i láthair iad i gceithre leibhéal sa scoil.
Beartaítear go ndéanfar freastal ar ghnéithe gach ceann de na trí phríomhshnáithe in aon bhliain amháin. Moltar don mhúinteoir glacadh le cur chuige sa scoil uile le linn na snáithaonaid a roghnú laistigh de na snáitheanna chun gach bliain a chlúdach, ionas go mbeidh fáil ag an leanbh ar chlár cuimsitheach in OSPS thar tréimhse de dhá bhliain. Má ghlactar le cur chuige sa scoil uile chun na snáithaonaid a chlúdach, déantar cinnte go mbíonn comhsheasmhacht le sonrú sa chur i bhfeidhm ó rang go rang don leanbh. Is é lánrogha na scoile cinneadh ar na snáithaonaid a chlúdaítear gach bliain, a fhad agus go gclúdaítear gné éigin de na trí shnáithe, ‘Mise’, ‘Mise agus daoine eile’ agus ‘Mise agus an domhan mór’, gach bliain. Ba cheart na snáitheanna agus na snáithaonaid a leagan amach sa phlean scoile maidir le OSPS.
Ag pleanáil le haghaidh OSPS trí am scoite agus trí chomhtháthú
Cé gur príomhchomhthéacs i leith na foghlama iad meon agus atmaisféar na scoile, bíonn OSPS ar siúl trí am scoite agus trí chur chuige comhtháite sna réimsí ábhair ábhartha.
Meastar go bhfuil na lámhleabhair seo a leanas do mhúinteoirí, a dtacaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna leo, mar chroí-acmhainní chun an curaclam OSPS a chur i bhfeidhm ina iomláine i ngach rang. Féach ar an gcáipéis acmhainnídon OSPS thíos chun níos mó acmhainní a fháil.
- Making the Links
- An Clár Bí Sábháilte
- Lámhleabhair Misneach don uile leibhéal ranga
- Lámhleabhair um Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta don uile leibhéal ranga
Léigh leathanaigh 31 agus 32 de na Treoirlínte do Mhúinteoirí maidir le OSPS le haghaidh tuilleadh eolais faoi phleanáil OSPS trí am scoite agus trí chomhtháthú. Tugtar breac-chuntas in eiseamláirí 1-5 ar leathanaigh 42 go 51 de na Treoirlínte do Mhúinteoirí, ar an dóigh a bhféadfaí roinnt snáithaonad sa churaclam OSPS a iniúchadh le linn am scoite OSPS agus in ábhair eile freisin.
Tacaíocht agus acmhainní le haghaidh OSPS a shainaithint
Sainaithneofar agus gheofar tacaíocht ó ghrúpaí nó ó dhaoine éagsúla sa phobal mar chuid den phleanáil le haghaidh an churaclaim OSPS. Áirítear leo sin:
- Tacaíocht ó dhaoine sa phobal áitiúil: Tá siad seo a leanas i measc na ndaoine sa phobal áitiúil a d’fhéadfadh tacaíocht mhór a thabhairt don churaclam OSPS: D’fhéadfadh Garda, comhraiceoir dóiteáin, maor tráchta, altra nó dochtúir áitiúil cuairt a thabhairt ar an seomra ranga, oibriú leis an múinteoir agus an méid a teagascadh a threisiú. D’fhéadfadh foireann áitiúil foraoiseachta, tréidlia, láithreoir raidió áitiúil nó baill de ghrúpaí pobail áitiúla teacht isteach freisin.
- Úsáid as cláir ina bhfuil fócas ar leith: Is iomaí clár atá ar fáil go náisiúnta agus go réigiúnach. D’fhéadfaidís a bheith ábhartha agus úsáideach le haghaidh OSPS agus tá baint shoiléir acu le snáitheanna agus le snáithaonaid an churaclaim. Is gá go gcomhlíonann aon chláir ina bhfuil fócas ar leith a úsáidtear i scoileanna prionsabail an churaclaim OSPS
- Údaráis Shláinte Réigiúnacha: Féadfaidh ionaid shláinte tacú le gnéithe áirithe den churaclam OSPS i scoileanna trí fhaisnéis, oiliúint agus acmhainní a chur ar fáil.
- Na Meáin: Teastóidh sleachta taifeadta as fógráin, cláir, DVDanna agus dlúthdhioscaí chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar na meán agus ar na teicnící a mbaineann siad leas astu. Sa chomhthéacs seo, féadfaidh an nuachtán laethúil a bheith ina acmhainn fíorluachmhar sa seomra ranga nuair a dhéantar scrúdú air in éineacht leis na leanaí. Cruthaítear tuilleadh deiseanna do leanaí scrúdú a dhéanamh ar mhodhanna cumarsáide agus aisghabhála faisnéise de thoradh infhaighteacht cuid mhór teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.
Féadfaidh an scoil critéir a dhréachtú maidir le roghnú acmhainní ionas go ndéanfaidh na cinn a úsáidfear freastal cuí ar aidhmeanna agus ar chuspóirí an churaclaim agus go léireoidh siad beartais agus carachtar na scoile. Tugtar breac-chuntas ar chritéir shamplacha maidir le roghnú acmhainní mar aguisín sna Treoirlínte do Mhúinteoirí maidir le OSPS, ar leathanach 103.
Pleanáil sa seomra ranga le haghaidh OSPS
Tagann plean oibre don seomra ranga ón bplean scoile iomlán agus caithfidh sé beartas scoile maidir le gach ní a bhaineann le hoideachas sóisialta, pearsanta agus sláinte an linbh, a léiriú.
Saincheisteanna pleanála don mhúinteoir
- Tá comhghaol díreach idir caighdeán na timpeallachta foghlama agus caighdeán an teagaisc a bhíonn ar siúl inti. Is ríthábhachtach i gcomhair chur i bhfeidhm éifeachtach an chláir OSPS go mbíonn meon agus atmaisféar dearfach seomra ranga ann ina mothaíonn na leanaí go bhfuil siad tábhachtach agus go dtugtar aire agus meas dóibh. Ní mór go léireofar foghlaim ar bith i gcaidreamh laethúil an ranga agus sna bealaí a n-oibríonn agus a gcaitheann na leanaí agus an múinteoir lena chéile
Féadtar meon agus atmaisféar dearfach seomra ranga a chruthú ach an méid seo a leanas a sholáthar:
- timpeallacht thaitneamhach teagaisc agus foghlama atá fairsing agus spreagthach don tsúil
- an dúrud bealaí do leanaí chun oibriú agus idirghníomhú lena chéile go dearfach
- straitéisí cuí chun coimhlintí a réiteach agus aitheantas a thabhairt do leanaí
- deiseanna chun idirbheartaíocht a dhéanamh i dtaobh rialacha ranga agus baint leanaí leis an gcinnteoireacht a spreagadh
- machnamh ag deireadh an lae scoile nó na seachtaine scoile
- eispéiris a chuireann le féinmhuinín agus le féinmheas
- deiseanna chun spriocanna a leagan amach don lá nó don tseachtain
- uain suaimhnis
Is féidir déileáil le mórán gnéithe den churaclam OSPS ar bhonn traschuraclaim. Bainfidh gnéithe eile tairbhe as an am scoite atá ar fáil ar an gclár ama. Ó thaobh na pleanála de, beidh sé ríthábhachtach don mhúinteoir cinneadh a dhéanamh faoin dóigh a bhféadfaí an dá chineál cur chuige seo a úsáid go héifeachtach leis an gcuraclam a chur i bhfeidhm. Ní mór don mhúinteoir an méid seo a leanas a chinntiú le linn pleanála don dá chineál cur chuige: go gclúdófar an clár OSPS go cuimsitheach do na leanaí go léir, nach gcuirfear iomláine ábhar aonair i mbaol, go mbainfear feidhm as an am scoite chomh héifeachtach agus is féidir, agus go mbeidh an comhtháthú bríoch.
Ag pleanáil d’am ar leith agus comhtháthú
Tá na tosca seo a leanas san áireamh freisin i bpleanáil OSPS: eispéireas an ranga go nuige seo, an gá le freagairt do riachtanais shóisialta agus comhshaoil atá ag athrú, cur chuige bíseach i leith an chláir, difríocht aonair, teacht ar chothromaíocht idir scileanna, luachanna agus dearcthaí agus saothrú faisnéise, an gá le héagsúlacht cur chuige agus modheolaíochtaí a úsáid agus solúbthacht chun dul i ngleic le teagmhais agus imeachtaí a d’fhéadfadh teacht aníos sa seomra ranga
Acmhainní le haghaidh OSPS |
---|
Is iad an curaclam bunscoile OSPS agus na treoirlínte OSPS do mhúinteoirí na príomhacmhainní do gach múinteoir chun tacú leo agus clár OSPS á chur i bhfeidhm sa bhunscoil
- Leagtar amach ar leathanach 103 de threoirlínte OSPS do mhúinteoirí liosta de chritéir shamplacha a bhreithneoidh scoil agus acmhainní dá scoil á roghnú aici.
- Is treoir phraiticiúil í ‘Making the Links’ , maidir le comhtháthú an chláir Misneach, OCG (Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta) agus Bí Sábháilte ar fud na snáithaonad den Churaclam OSPS ag gach leibhéal ranga agus is féidir breathnú uirthi ach an nasc seo a leanúint.
Attachment | Size |
---|---|
![]() | 80.63 KB |
![]() | 84.26 KB |
![]() | 84.25 KB |
![]() | 2.9 MB |
![]() | 275.6 KB |