Folláine

Page Content Category: 

Treoirlínte Folláine do Bhunscoileanna
Tugtar treoir phraiticiúil ar an gcaoi a bhfeadfadh le bunscoileanna meabhairshláinte agus folláine a chur chun cinn sna Treoirlínte Folláine. Tuigimid go bhfuil meabhairshláinte agus folláine ár leanaí an-tábhachtach le bheith rathúil ar scoil agus sa saol. Is cuid lárnach é oideachas ar mheabhairshláinte agus ar fholláine de churaclam na scoile. Bíonn ról lárnach ag scoileanna i ndul chun cinn meabhairshláinte i measc leanaí. Is féidir le scoileanna timpeallacht shábháilte agus thacúil a chur ar fáil do leanaí chun scileanna don saol agus teacht aniar agus nasc leis an scoil a fhorbairt. Bíonn éisteacht le guth an linbh agus caidrimh shláintiúla a chothú le comhdhaltaí, le múinteoirí agus le foireann na scoile ríthábhachtach do dhea-eispéireas an linbh ar scoil agus dá fhorbairt chognaíoch agus mhothúchánach. Bíonn riachtanais agus folláine fhoireann na scoile an-tábhachtach chomh maith. An rud is tábhachtaí maidir le cur i bhfeidhm na dtreoirlínte seo ná cur chuige comhordaithe sa scoil uile a ghlacadh. Baineann sé seo le próisis féinmheastóireachta a chur le chéile agus a chomhtháthú, gach gné de churaclam Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Shláinte (OSPS) a chur i bhfeidhm, an Contanam Tacaíochta ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais a úsáid, agus caidrimh idirghníomhaireachta éifeachtacha a chruthú.

 

Folláine Múinteoirí

Tá forbairt iomlán an duine cuimsithe in éiteas gach scoile agus tá an tionchar is féidir le múinteoirí mar dhaoine gairmiúla a bheith acu agus a bhíonn acu ar na daoine óga ina gcúram lárnach d’fhorbairt na ndaoine óga sin. Tá i bhfad níos mó i gceist anois le ról an mhúinteora ná múineadh agus foghlaim sa seomra ranga, ní mór tacú leis an múinteoir sna róil éagsúla seo a athraíonn de shíor idir a bheith ina mhúinteoir ranga, theagascóir, chomhairleoir agus chara rúin ag ár ndaoine óga. Is breá an rud é go bhfuil neart deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí ann do mhúinteoirí chun tacú lena róil lena n-áirítear i réimse Folláine Múinteoirí, réimse an-tábhachtach go deo.

 

Reáchtálann Comhairleoirí Sláinte agus Folláine SFGM ceardlanna ar Shláinte agus ar Fholláine do mhúinteoirí iad féin i gcaitheamh na bliana. Ritear na cúrsaí sin tráthnóna amháin sa tseachtain thar dhá sheachtain as a chéile agus bhí an-tóir orthu go dtí seo. Tá na leabhráin eolais thíos a ghabhann lenár gCeardlanna agus b’fhéidir go mbeadh spéis ag múinteoirí iad a úsáid mar chlár iomlán nó súil a chaitheamh orthu anois is arís chun smaointe a bhaint astu.

 

  • Is féidir le múinteoirí clárú le haghaidh na gcúrsaí sin ag a nIonad Oideachais áitiúil, tá siad saor in aisce.

  • A Phríomhoide – Dá mba mhaith leat iarratas a dhéanamh ar cheardlann Folláine Foirne do d’fhoireann féin lean an nasc seo chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht scoil-bhunaithe

  • Cliceáil anseo le breathnú ar réimse céimeanna simplí is féidir a thógáil chun d’fholláine a fheabhsú san ionad oibre.