Díospóireacht

Page Content Category: 

Tá an-chuid bealaí ann chun díospóireacht le leanaí a chur chun cinn; i mbeirteanna, i ngrúpaí beaga nó leis an rang iomlán. Is féidir í a úsáid mar réamhghníomhaíocht trína n-aithníonn na leanaí na smaointe go léir atá bainteach le topaic ar leith. Is féidir díospóireacht freisin a úsáid mar phríomhghníomhaíocht i gceacht ina spreagtar na leanaí chun topaic nó téama a mhioniniúchadh trína gcuid tuairimí féin a chur i láthair agus trí éisteacht le tuairimí agus le dearcadh daoine eile agus freagairt dóibh. D'fhéadfadh críoch na gníomhaíochta a bheith i gcruth díospóireachta inar féidir smaointe agus moltaí a d’eascair as gníomhaíocht ranga a spíonadh amach agus a shoiléiriú.

 

Tá díospóireacht ina cuid de bheagnach gach gníomhaíocht ach i measc na straitéisí atá fíorúsáideach chun díospóireacht agus agallamh a chur chun cinn le leanaí tá:

 

  • Ráiteas oscailte
  • Ransú Smaointe
  • Obair chiorcail
  • Aontaigh nó easaontaigh
  • Pictiúir nó póstaeir a chruthú
  • Díospóireachtaí, quizeanna nó ardán cainte
  • Agallaimh
  • Scéalta
  • Dánta
  • Píosa ceoil a iniúchadh

 

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh OSPS, a leagtar amach i dtreoirlínte do mhúinteoirí maidir le OSPS ar lgh 54-99 do mhúinteoirí chun tacú leo agus modheolaíochtaí foghlama gníomhaí i gceachtanna OSPS á gcur i bhfeidhm

Taispeánann na heiseamláirí seo a leanas an dóigh ar féidir gnéithe éagsúla d’ábhar OSPS a iniúchadh trí úsáid a bhaint as raon straitéisí díospóireachta

Ráitis/ceisteanna oscailte: leagtha amach ar leathanach 80 do rang a cúig agus do rang a sé bunaithe ar chaitheamh tobac, ag léiriú gur modh úsáideach iad chun deis a thabhairt do leanaí a gcuid smaointe féin a chur le chéile agus don mhúinteoir an méid atá ar eolas ag na leanaí nó na dearcthaí atá acu cheana féin a fháil amach.

Ransú smaointe: leagtha amach ar leathanach 81 do rang a trí go dtí rang a sé, léirithe mar dhea-phointe tosaigh le haghaidh díospóireachta

Aontaigh nó easaontaigh: leagtha amach ar leathanach 82 do rang a trí go dtí rang a sé, is teicníc an-úsáideach í seo chun leanaí a spreagadh a gcuid tuairimí féin a chur in iúl trí iarraidh ar leanbh seasamh a ghlacadh i leith saincheiste agus an seasamh sin a chosaint nó a mhíniú.

Obair Chiorcail: leagtha amach ar leathanach 83 do rang a haon agus rang a dó. Spreagann suí in eagar ciorcail dea-chumarsáid agus freastalaíonn sé ar phrionsabail chomhroinnte, chomhionannais agus chuimsitheachta mar aon le mothú cúraim dá chéile. Tugtar a uain do gach leanbh chun cuidiú leis an díospóireacht agus spreagtar é/í chun éisteacht le dearcadh daoine eile. Is féidir obair chiorcail a úsáid i ngach snáithe den chlár OSPS agus tá sí oiriúnach do gach leibhéal ranga

Colláis a chruthú: leagtha amach ar leathanach 84 do rang na naíonán go dtí rang a dó. Is féidir colláisí agus póstaeir a úsáid chun smaointe agus coincheapa a léiriú. Forbraíonn siad cur i láthair cruthaitheach agus cabhraíonn siad le leanaí léirthuiscint a bhaint amach maidir leis na bealaí difriúla inar féidir teachtaireachtaí a chur in iúl.

Dán a iniúchadh: leagtha amach ar leathanach 85 do rang a trí go dtí rang a sé. Cuireann úsáid filíochta ar chumas leanaí an méid nach eol dóibh a iniúchadh agus is féidir léi an méid is eol dóibh a dhoimhniú.

 

Gheobhaidh tú faoi iamh tuilleadh acmhainní a thacóidh leat agus gníomhaíochtaí díospóireachta á n-úsáid agat:

 

Comharthaí ‘aontaím/easaontaím’: Comharthaí a d’fhéadfaí a úsáid sa halla nó sa seomra ranga le haghaidh na teicníce ‘aontaím/easaontaím/níl a fhios agam’

Cluichí comhoibríocha d’obair chiorcail: Cluichí comhoibríocha atá úsáideach d’obair chiorcail

Téamaí críochnaithe abairte: tosaitheoirí abairtí ar raon topaicí éagsúla a d’fhéadfadh díospóireacht a spreagadh nó a d’fhéadfaí a úsáid mar chuid de cheacht oibre ciorcail

Lúbchluiche bianna sláintiúla: Lúbchluiche ina gcuirtear síos ar roinnt cineálacha éagsúla bia is féidir a úsáid mar spreagadh le haghaidh díospóireachta ar an topaic

Lúbchluiche mothúchán: Lúbchluiche ina dtugtar raon leathan focal a bhaineann le mothúcháin isteach

Píosa scannán a bhaineann le dán a iniúchadh: Leagtar amach píosa scannán a bhaineann le ‘Dán a iniúchadh’ le grúpa leanaí i rang a ceathair ar leathanach 85 de na treoirlínte do mhúinteoirí