Damhsa Cruthaitheach

Damhsa Cruthaitheach

Agus damhsa á chruthú, forbraíonn an leanbh gluaiseachtaí a chuireann smaointe agus mothúcháin in iúl.

Ba cheart go mbeadh deiseanna ag leanaí smaoineamh a fhiosrú agus a fhorbairt i gcéimeanna leanúnacha, a thugann am dóibh na gluaiseachtaí a chleachtadh, a phlé agus a bheachtú.

Spreagann damhsa cruthaitheach leanaí chun scileanna teicniúla agus taibhiúcháin simplí a fháil, ag díriú ar cháilíochtaí mothúchánacha na gluaiseachta. Ba cheart go leagfaí an bhéim ar thaitneamh agus meonta dearfacha a fhorbairt i dtaobh an damhsa, agus dá bhrí sin ag cruthú timpeallachta ina mothaíonn leanaí muiníneach triail a bhaint as smaointe agus na damhsaí a chruthaíonn siad a dhéanamh.

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh Corpoideachais, a leagtar amach in Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí ar leathanaigh 42-100, do mhúinteoirí chun ceachtanna damhsa chruthaithigh a eagrú.

Leagtar amach Comhtháthú Damhsa le hábhair eile ar lch 48

Leagtar amach prionsabail na luaile a theastaíonn ó leanaí le damhsa a dhéanamh ar leathanaigh 66-67

Leagtar amach ceacht samplach sa damhsa cruthaitheach do Naíonáin ar leathanach 68

Leagtar amach ceacht samplach sa damhsa cruthaitheach do ranganna a cúig agus a sé ar leathanach 69

Leagtar amach aonad oibre sa damhsa cruthaitheach ina sonraítear clár oibre sé seachtaine do ranganna a trí agus a ceathair ar leathanaigh 72-73

Ina theannta sin, is acmhainn den scoth do mhúinteoirí iad ceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) i dtaca le Damhsa don uile leibhéal ranga. Tugtar breac-chuntas iontu ar chlár cuimsitheach oibre a oireann do gach ceacht ranga ar leith. Tá cur chuige agus modhanna teagaisc éagsúla san uile leibhéal ranga san áireamh iontu.

 

Gheobhaidh tú tuilleadh acmhainní faoi iamh a thacóidh leat Damhsa a chur i bhfeidhm:

 

  • Ceacht tosaigh sa Damhsa Cruthaitheach: Leagtar amach sa bhileog seo ceacht tosaigh sa damhsa cruthaitheach, atá oiriúnach do mheánranganna agus ranganna sinsearacha. Is é téama an cheachta seo ‘baill choirp a bhogadh’.

  • Damhsa Cruthaitheach: Leagtar amach sa bhileog seo an chaoi a bhforbrófar an ‘jeighbh choirp’ le ranganna a dhéanfaidh forbairt ar dhamhsa coirp

  • Lámha Suas: An t-irisleabhar seo. Arna fhoilsiú ag Clár Tacaíochta an Churaclaim Bhunscoile, leagann sé amach sraith de sheacht gceacht sa damhsa cruthaitheach, ag úsáid scéal an tuair ceatha mar spreagadh. Cé gur le haghaidh ranganna a cúig agus a sé iad cuspóirí an churaclaim, is féidir na gníomhaíochtaí a dhéanamh le leanaí d’aois ar bith.