Pleanáil

Acmhainní tacaíochta maidir le pleanáil don Chorpoideachas 

(Cliceáil ar an íomhá chun rochtain a fháil ar an acmhainn nó lena híoslódáil)

Curaclam Corpoideachais na Bunscoile Curaclam Corpoideachais, Treoirlínte do Mhúinteoirí Litearthacht Fhisiciúil, Treoir do Mhúinteoirí
Liosta Acmhainní do Chorpoideachas na Bunscoile Cáipéis Athbhreithnithe Corpoideachais – Féinmheastóireacht Scoile  Cártaí Sracfhéachana Curaclaim Chorpoideachais

Treoirlínte CNCM do mhúinteoirí chun leanaí faoi mhíchumas foghlama ginearálta a mhúineadh

 

Beidh feidhmiú rathúil an churaclaim corpoideachais ag brath ar éifeacht na pleanála a dhéanfaidh an scoil agus na múinteoirí. Ní mór machnamh a dhéanamh ar dhá ghné den phróiseas pleanála:

  • Pleanáil an churaclaim
  • Pleanáil eagraíochta

 

Pleanáil an churaclaim

Ionas go gcuirfí clár leathan cothrom corpoideachais ar fáil, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas:

  • Freastal ar riachtanais na scoile

Má tá traidisiún láidir sa scoil maidir le gníomhaíocht áirithe, ba cheart don scoil a chinntiú go gcuirtear béim chuí ar ghnéithe eile den chlár corpoideachais, agus féachaint chuige ar an gcaoi seo go bhfaigheann na leanaí taithí ar chlár cothrom gníomhaíochtaí.

 

  • Snáitheanna uile an churaclaim a chuimsiú más féidir.

Sa chás go mbíonn deacracht ag scoileanna snáithe iomlán a chur i bhfeidhm de bharr easpa áiseanna nó acmhainní, tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhféadfaí snáithaonad nó fiú cuid de shnáithaonad a chur i bhfeidhm.

 

  • Soláthar le haghaidh dul chun cinn agus leanúnachais.

Bíonn gach leibhéal sa chorpoideachas ag brath ar chur i bhfeidhm an leibhéil roimhe sin. Déantar leanúnachas a chinntiú nuair a bhíonn ceachtanna a mhúintear go tráthúil ina ndlúthchuid den phlean don scoil uile, agus nuair a bhíonn gníomhaíochtaí leagtha amach do gach rang agus curtha i bhfeidhm ag na múinteoirí de réir an phlean scoile.

 

  • Roghnú áirithe laistigh de na snáitheanna a mholadh.

Más féidir snáitheanna uile an churaclaim a chuimsiú i gclár na scoile, seans go mbeidh sé riachtanach roghnú áirithe a dhéanamh laistigh de na snáitheanna. Mar shampla, i snáithe na Gleacaíochta d’fhéadfaí na cuspóirí atá leagtha amach a ghnóthú in aonad oibre réasúnta gearr trí théamaí a roghnú go cúramach.

 

An méid ama ba cheart a chaitheamh leis an gcorpoideachas

  • Caithfear machnamh a dhéanamh ar dháileadh ama do na snáitheanna difriúla den chlár corpoideachais agus teacht ar chomhaontú faoi.
  • Mar aon le clár ama le haghaidh úsáid na n-áiseanna gach seachtain, cabhraíonn sé cuimhneamh ar an méid ama a chaitear le hábhar thar thréimhse ama, e.g. mí, agus d’fhéadfadh snáitheanna den churaclam  a bheith ‘blocáilte’, e.g. oiliúint uisce.
  • Gné de phleanáil cláir ranga is ea machnamh a dhéanamh ar an méid ama atá le caitheamh le gach snáithe agus ar iomláine an chúraim a dhéanfar de. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach gá sciar cothrom d'am curaclaim a chaitheamh le gach snáithe, mar gur féidir na cuspóirí a leagadh amach do gach rang a ghnóthú san am atá curtha ar fáil do ghníomhaíocht áirithe. Moltar an bhliain a roinnt ina bloic ina mbeidh idir ceithre agus sé seachtaine. D’fhéadfaí snáithe nó cuid de shnáithe a thabhairt chun críche san achar ama seo.

 

Tugtar breac-chuntas ar phlean oibre samplach le haghaidh ranganna na naíonán agus le haghaidh Rang a hAon go Rang a Sé ar leathanach 35 den treoir, Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí. Tá teimpléad bán faoi cheangal thíos leis.

  • D’fhéadfadh sé go dtarlódh roinnt de na tosca thíosluaite nuair a bhítear ag socrú cén tráth den bhliain ina gcuirfear gníomhaíochtaí ar siúl, i.e. cathain a mhúinfear gach snáithe:
  • más amhlaidh go mbíonn srian ar áis laistigh nó lasmuigh ag am áirithe, b’fhéidir go mbeadh sé áisiúil dhá shnáithe a bheith ar siúl ag an am céanna, ceann amháin a bheadh oiriúnach le múineadh laistigh agus ceann eile a bheadh oiriúnach le múineadh lasmuigh.
  • an tráth den bhliain inar féidir teacht ar áis oiliúint uisce
  • a thábhachtaí atá sé an rannpháirtíocht is mó i ngníomhaíocht fhuinniúil a spreagadh nuair a bhíonn an aimsir fuar nó nuair a chuirtear rang ar siúl go luath ar maidin

 

 

Pleanáil eagraíochta

An plean scoile don chorpoideachas a fhorbairt

Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas i gceist leis an bpleanáil don chorpoideachas:

  • Comhthuiscint ar an gcorpoideachas a chruthú
  • É a bheith mar aidhm leas iomlán a bhaint as spéiseanna agus as saineolas na foirne teagaisc
  • Fíorchúnamh a thabhairt don mhúinteoir
  • Scrúdú a dhéanamh ar na háiseanna agus ar na hacmhainní atá ar fáil sa scoil
  • Cuidiú le forbairt an phlean scoile iomláin a athbhreithneoidh an bord bainistíochta
  • Cinneadh ar an mbealach a dtugann an scoil an clár nua isteach diaidh ar ndiaidh
  • Athbhreithniú agus meastóireacht a chur san áireamh
  • Cumarsáid idir na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an bord bainistíochta a chur san áireamh
  • Róil an phríomhoide agus an mhúinteora i bpleanáil agus i bhfeidhmiú an chláir a shocrú

Tá cáipéis bheag a chuideoidh le scoileanna a bplean scoile i dtaobh corpoideachais a chur le chéile ar fáil thíos

 

Tacaíocht don chlár corpoideachais a eagrú agus a riar

Ba cheart go ndéanfadh scoileanna breithniú ar an tacaíocht a leanas le linn dóibh pleanáil a dhéanamh i gcomhair corpoideachais:

  • Tacaíocht na dtuismitheoirí: Ba chóir tacaíocht na dtuismitheoirí don chlár a lorg ionas go mbainfidh na leanaí an leas is mó as an gcorpoideachas agus is féidir. D’fhéadfaí tuismitheoirí a bhfuil taithí speisialta acu ar an gcorpoideachas a spreagadh chun cabhair a thabhairt nuair a thagann deiseanna faoi leith aníos.
  • Tacaíocht oiliúnóirí: B'fhéidir go soláthródh eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla spóirt oiliúint ar spóirt faoi leith go deonach mar chuid den chlár corpoideachais. Féadfaidh an pearsanra a roghnófar tacaíocht a thabhairt don mhúinteoir chun clár a chur i bhfeidhm a rachaidh chun sochair don leanbh agus don rang. Is gá múinteoir ranga a bheith i láthair nuair a bhíonn an t-oiliúnóir ag obair leis an rang. Ba cheart go ndéanfadh an scoil machnamh ar an gcáipéis, Code of Ethics & Good Practice for Children's Sport, ina dtugtar treoir do dhaoine a bhfuil baint acu le spórt
  • Le linn a bheith ag pleanáil don chorpoideachais, ba cheart freastal ar riachtanais na múinteoirí le hoideachas forbartha inghairme.
  • Ba cheart an fháil atá ar áiseanna oiriúnacha faoin spéir agus faoi dhíon agus an fearas, idir mhór agus bheag, atá curtha ar fáil lena úsáid, a scrúdú. Ba cheart soláthar a dhéanamh le go bhféadfaí an fearas go léir a thaifeadadh, a stóráil agus a chur ar fáil go héasca. Braithfidh eagrú na hoiliúna uisce ar an teacht a bheidh ag an scoil ar áiseanna linne, ar sholáthar iompair, agus ar an bhfáil a bheidh ar mhúinteoirí snámha a bhfuil cáilíochtaí cuí acu. Ba cheart go ndéanfaí tréaniarracht bloc gairid ama a sholáthar do gach rang am éigin i rith na bunscolaíochta.
  • Ba cheart do mhúinteoirí na hábhair atá ar fáil chun tacú leis an gclár a athbhreithniú le linn dóibh bheith i mbun pleanála. Is iomaí acmhainn ar fáil do mhúinteoirí chun tacú leo clár cuimsitheach corpoideachais a chur i bhfeidhm. Soláthraíonn mórán comhlachtaí rialaithe náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar spóirt éagsúla cláir thraenála do mhúinteoirí, chomh maith le hábhair thacaíochta.
  • Ba cheart do scoileanna machnamh a dhéanamh ar chaidreamh a chothú le clubanna spóirt áitiúla agus le gasraí damhsa áitiúla, más féidir, d'fhonn go mbeidh na leanaí in ann a bheith páirteach sna gníomhaíochtaí a sholáthraíonn na clubanna nó na gasraí.

 

An corpoideachas i scoileanna beaga nó i scoileanna a bhfuil ganntanas áiseanna iontu

I gcás go mbíonn fadhbanna ar leith ag scoileanna maidir le heaspa spáis laistigh agus lasmuigh, d’fhéadfaidís na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Seomraí ranga, conairí agus tailte na scoile a úsáid le haghaidh na treodóireachta
  • Clós na scoile a mharcáil le haghaidh gníomhaíochtaí lúthchleasaíochta agus cluichí foirne beaga
  • Áiseanna áitiúla a úsáid, e.g. ionaid phobail, hallaí paróiste, clubanna óige, etc.
  • Comhoibriú le bunscoileanna nó le scoileanna dara leibhéal eile d'fhonn áiseanna a roinnt
  • Tuilleadh ama a chur ar fáil don chorpoideachas nuair a bhíonn an aimsir go breá
  • Cuairt a thabhairt ar ionad oideachais allamuigh ina gcuirtear áiseanna ar fáil faoi choinne go leor gníomhaíochtaí fiúntacha
  • Caidreamh a bhunú le cumainn spóirt nó damhsa a chuireann pearsanra tacaíochta agus fearas ar fáil

 

Pleanáil sa seomra ranga don chorpoideachas

Rudaí le cur san áireamh i gclár an ranga:

  • Eispéireas an ranga
  • An treoir a thugtar sa phlean scoile
  • Úsáid as raon modhanna teagaisc agus saghsanna éagsúla cur chuige – sonraítear moltaí mar gheall ar raon éagsúlachtaí cur chuige atá an-oiriúnach do theagasc an chorpoideachais ar leathanaigh 42-101 de na Treoirlínte do Mhúinteoirí
  • An méid ama a chaitear le gach snáithe agus iomláine an chúraim a dhéantar de
  • An tráth den bhliain ina gcuirfí gníomhaíochtaí ar siúl
  • Cód cleachtais a cheapadh faoi choinne ceachtanna corpoideachais
  • Infhaighteacht acmhainní agus tacaíochta
  • Comhtháthú snáitheanna le hábhair eile
  • Rannpháirtíocht na scoláirí in eagrú gníomhaíocht choirp
  • Freastal ar chineálacha cumais difriúla
  • An chaoi a bhféadfaí dul chun cinn na scoláirí a mheas

Faightear comhairle faoin méid seo thuas ar leathanaigh 34-39 de na Treoirlínte do Mhúinteoirí.

Cur Chuige agus Modhanna Teagaisc

Ar na cuir chuige teagaisc is oiriúnaí chun an corpoideachas a mhúineadh tá siad seo a leanas:

  • Cur chuige an teagaisc dhírigh
  • Cur chuige na fionnachtana faoi threoir
  • Cineálacha cur chuige comhtháite

Tugtar breac-chuntas ar leathanaigh 40-97 den treoir, Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí, ar fhaisnéis agus ar shamplaí de chuir chuige agus de mhodheolaíochtaí sna snáithaonaid éagsúla a ghabhann leis an gcorpoideachas.