Áirítear le snáithaonaid an churaclaim Damhsa:
- Iniúchadh, cruthú agus léiriú an damhsa
- An damhsa a chiallú agus a léirthuiscint
Cuidíonn snáithe an damhsa le leanaí foghlaim trí mheán damhsa agus foghlaim faoi dhamhsa. Tríd an damhsa gríosaítear leanaí chun a scileanna corpionramhála a fheabhsú, chun raon coincheap luaile a thuiscint, chun oibriú go comhchuí le daoine eile, agus chun cruthaitheacht agus samhlaíocht a fhorbairt.
Nuair a bhíonn damhsaí á n-iniúchadh, á gcruthú agus á ndéanamh ag leanaí tagann siad ar an tuiscint gur meán é an damhsa trínar féidir idéanna, smaointe agus mothúcháin a chur in iúl.
Tá rannpháirtíocht i ndamhsa oiriúnach do leanaí, idir bhuachaillí agus chailíní, cuma cén aois iad. Caithfidh leanaí atá ar bheagán nó ar easpa taithí ar an damhsa tosú ag leibhéal a oireann dá riachtanais, agus scileanna agus féinmhuinín a chothú de réir a chéile trí eispéireas a thugann taitneamh do gach leanbh.
Cuimsíonn snáithe an damhsa idir dhamhsa tíre agus damhsa cruthaitheach.
ACMHAINNÍ: