Page Content Category:
Mar thoradh ar rannpháirtíocht na leanaí i ngníomhaíochtaí éagsúla OSPS, idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, tugtar faisnéis faoina ndul chun cinn sa churaclam OSPS. Tá an fhaisnéis seo ríthábhachtach má tá an múinteoir le breithiúnas gairmiúil a thabhairt faoi cé chomh maith is atá ag éirí le foghlaim na leanaí agus faoin gcaoi ar féidir leis/léi cabhrú leo foghlaim níos éifeachtaí. Úsáidfear roinnt teicnící le faisnéis a bhailiú agus a thaifeadadh faoi dhul chun cinn an pháiste in OSPS. Cabhraíonn gach ceann acu leis an múinteoir dul chun cinn a mheas, láidreacht agus deacrachtaí a shainaithint, cumarsáid a dhéanamh leis an dalta, le tuismitheoirí agus le daoine eile, agus tuilleadh foghlama don leanbh a phleanáil.
Breathnóireacht an mhúinteora
Tá breathnóireacht an mhúinteora ar cheann de na huirlisí measúnachta is tábhachtaí dá bhfuil ann i gcás OSPS. Tugtar idir fhaisnéis láithreach agus fhaisnéis ríthábhachtach faoi fhoghlaim an linbh mar gheall ar ghnéithe foghlama an linbh a thugann múinteoirí faoi deara nuair a bhíonn topaicí agus saincheisteanna OSPS á n-iniúchadh agus a múineadh. De réir mar a bhreathnaíonn an múinteoir ar na leanaí agus iad i mbun caidrimh agus comhrá sa rang gach lá, féadfaidh sé/sí na bealaí a n-oibríonn siad le daltaí eile, na cineálacha ceisteanna a chuireann siad agus an oiread suime agus féinmhuiníne a léiríonn siad, a thabhairt faoi deara. Le linn don mhúinteoir breathnú ar na leanaí i mbun caidrimh lena chéile laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, féadfaidh sé/sí na leanaí a dhéanann caidreamh éifeachtach le daoine eile agus na leanaí a gcabhródh forbairt ar chineálacha cumais agus scileanna sóisialta leo, a thabhairt faoi deara.
Chuideodh sé leis an múinteoir dá gcoimeádfadh sé/sí dorn nótaí faoinar thug sé/sí faoi deara le linn do na leanaí oibriú agus idirghníomhú lena chéile.
Punanna agus tionscadail
Tiocfaidh cuid mhór samplaí saothair chun cinn as na gníomhaíochtaí a mbeidh na leanaí ina mbun. I gcás go mbaileofar iad seo i bpunann an linbh, is foinse úsáideach iad chun tuiscint agus scileanna an linbh a mheas. D’fhéadfadh fillteán simplí, póca, leabhar gearrthóg nó comhad a bheith i gceist leis na punanna. Tabharfaidh na leanaí faoi chuid mhór samplaí oibre i gcaitheamh na bliana. D’fhéadfaí sampla a roghnú lena chur san áireamh sa phunann a ndéanfaidh an múinteoir measúnú uirthi faoi dheoidh. Ba cheart go léireodh an sampla a roghnóidh an leanbh nó an múinteoir éagsúlacht oibre a chuireann dul chun cinn agus eispéireas an linbh ar shnáitheanna éagsúla den churaclam in iúl. Ligfidh an bailiúchán seo don mhúinteoir breithiúnas gairmiúil eolach a thabhairt ar dhul chun cinn an linbh agus ar a (h)ullmhacht le haghaidh tuilleadh eispéiris foghlama.
Is modh úsáideach freisin iad na tionscadail a dhéanann leanbh nó grúpaí leanaí sa rang chun measúnú a dhéanamh ar thuiscint, ar scil agus ar fhorbairt dearcaidh an linbh i leith topaic ar leith. Féadfaidh an múinteoir an fhaisnéis a bhailítear, na modhanna taighde a úsáidtear, an dóigh a n-oibríonn na leanaí lena chéile, na stíleanna cur i láthair agus a fheabhas a fhreagraíonn leanaí ceisteanna faoina dtionscadal, a thabhairt faoi deara.
Tá feidhm ag punanna agus ag tionscadail freisin i dtaca le faisnéis a thabhairt don mhúinteoir le go mbeidh sé/sí in ann dul chun cinn na leanaí a chur in iúl do na tuismitheoirí. Is áis iad freisin le cumas linbh spriocanna agus cuspóirí aonair nó grúpa a leagan amach, agus na bealaí ar baineadh nó nár baineadh amach iad, a fháil amach. D’fhéadfaidís cur le pleanáil na múinteoirí le deacrachtaí áirithe, na teorainneacha agus na láidreachtaí a bhaineann le cineálacha cur chuige ar leith, nó an t-ábhar a clúdaíodh go cuimsitheach agus go mb’fhéidir go mbeadh daingniú agus taiscéalaíocht bhreise uaidh, a chur in iúl.