Page Content Category:
Cónaíonn leanaí i sochaí faisnéise agus tá sé éigeantach go dtugtar deiseanna dóibh in OSPS (Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte):
- Faisnéis a rochtain agus a fháil
- Iniúchadh a dhéanamh ar roinnt teicnící a úsáidtear sna meáin chumarsáide agus ar na teicneolaíochtaí éagsúla i leith cumarsáide atá ar fáil dóibh
- Foghlaim le cinntí a dhéanamh agus éirí níos géarchúisí nuair atá an teicneolaíocht agus na meáin chumarsáide á n-úsáid acu
- Féinmhuinín as raon leathan teicneolaíochta a úsáid a fhorbairt
- A gcuid scileanna caidrimh a fheabhsú
Tá roinnt CD-ROManna agus DVDanna ar fáil a chlúdaíonn saincheisteanna ar nós saolréanna, anailís aiste bia, ag fás aníos le chéile, chorp an duine agus phróiseas na giniúna, an iompair agus na breithe agus anailís aiste bia. Cuirtear na saincheisteanna seo i láthair ar bhealaí suimiúla agus is féidir leo cabhrú le leanaí ar gach aois na gnéithe seo den chlár ar fad a thuiscint le cabhair ó chártaí taisc.
Tugann ríomhchláir phróiseála focal agus ríomhchláir foilsitheoireachta an deis do leanaí a gcuid oibre féin a dhréachtú, a chur in eagar agus a cheartú. Cuireann sé seo ar a gcumas a gcuid smaointe, torthaí nó moltaí a chur in iúl ar bhealach suimiúil bunúil. Is féidir le leanaí obair go han-éifeachtach ina mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga ar na tascanna sin, agus is féidir leo foghlaim óna chéile agus le chéile trí smaointe a chomhroinnt agus trí fhiosrú a dhéanamh le chéile.
Is féidir leis an ábhar atá i roinnt mhaith de chláir theilifíse agus raidió, d’fhógraí agus de DVDanna a bheith ina thairbhe agus topaicí agus saincheisteanna ar leith in OSPS á n-iniúchadh. Is féidir le taifeadadh sleachta ó chláir agus a bplé agus a n-anailísiú sa seomra ranga cabhrú le leanaí na teicnící atá á n-úsáid chun táirgí nó stíleanna beatha a chur chun cinn a thuiscint, nó chun an difríocht idir fíoras agus ficsean a thuiscint, agus chun a bheith eolach ar an gciall le spriocphobal meáin.
Is féidir leis an idirlíon raon leathan d’ábhar foinse faoi chuid mhaith topaicí a chur ar fáil do leanaí. Tá sé tábhachtach go dtugtar tús eolais ar an Idirlíon do leanaí de réir a chéile agus go struchtúrtha agus go dtugtar eolas dóibh ar a thionchar agus ar an gcultúr, ar na luachanna agus ar na dearcthaí a chuireann sé in iúl. Trí úsáid a bhaint as an Idirlíon, aithneoidh leanaí an gá le cinntí agus roghanna láithreacha a dhéanamh. Soláthraíonn OSPS an deis chun cur chun cinn a dhéanamh ar na scileanna chun an tIdirlíon a úsáid mar is iomchuí agus chun cur ar chumas an linbh a bheith ina (h)úsáideoir idirlín géarchúiseach agus ciallmhar