Page Content Category:
Gníomhaíochtaí drámaíochta: Cuireann an drámaíocht suíomhanna gníomhacha foghlama ar fáil a dhéanann iniúchadh ar chaidreamh daonna, ar iompraíocht agus ar imeachtaí. Trí dhrámaíocht cuireann leanaí na mothúcháin atá acu faoi láthair, a dtuiscint agus a gcuid eolais in iúl, agus stiúrtar iad i dtreo mothúcháin nua, tuiscint nua agus eolas nua. Is féidir le húsáid na drámaíochta mar mhodheolaíocht in OSPS cuidiú le méadú féinmheasa agus féinmhuiníne a bhaint amach trí dheiseanna a thabhairt do leanaí dul i bhfiontar agus a gcuid smaointe féin a thástáil. I rith na ngníomhaíochtaí tugtar mothú smachta do na leanaí ar a mbeatha féin, de réir mar a fhoghlaimíonn siad conas cinntí a dhéanamh, fadhbanna a réiteach agus freagraí a chruthú i suímh shábháilte gan bhagairt Trí dhrámaíocht cabhraítear le leanaí brí a bhaint as an saol mórthimpeall orthu agus iad féin agus a gcuid iompraíochta i dtaca le hiompraíocht daoine eile a thuiscint.
Seo a leanas samplaí de ghníomhaíochtaí drámaíochta is féidir a dhéanamh i mbeirteanna agus i ngrúpaí beaga nó móra
Gníomhaíochtaí beirte |
Gníomhaíochtaí grúpa |
Gníomhaíochtaí don rang ar fad |
Ag déanamh gearáin |
Iniúchadh ar fhreagraí i leith suímh dhifriúla |
Cúirt fiosrúcháin |
Réiteach coimhlinte |
Ócáidí teaghlaigh, mar shampla ag ithe le chéile |
Cruinniú ranga |
Stiúradh agallaimh |
Gníomhaíochtaí éisteachta labhartha breathnaithe |
Preasagallamh |
Míniú a thabhairt |
Forbairt ar scileanna ceistiúcháin |
Triail |
Ag déanamh comhrá teileafóin |
|
|
Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh OSPS, a leagtar amach i dtreoirlínte do mhúinteoirí maidir le OSPS ar lgh 54-99 do mhúinteoirí chun tacú leo agus modheolaíochtaí foghlama gníomhaí i gceachtanna OSPS á gcur i bhfeidhm
Taispeánann na heiseamláirí seo a leanas an dóigh ar féidir gnéithe éagsúla d’ábhar OSPS a iniúchadh trí úsáid a bhaint as raon straitéisí drámaíochta:
Leagtar amach gníomhaíochtaí drámaíochta do ranganna Naíonán ar leathanach 60
Leagtar amach gníomhaíochtaí drámaíochta do ranganna a haon agus a dó ar leathanach 61
Leagtar amach gníomhaíochtaí drámaíochta do ranganna a trí agus a ceathair ar leathanach 62
Leagtar amach gníomhaíochtaí drámaíochta do ranganna a cúig agus a sé ar leathanaigh 63 agus 64