Tá trí shnáithe sa churaclam ceoil agus roinntear na snáitheanna seo ina snáithaonaid a thugann modh chun fuaimeanna a iniúchadh, éisteacht le ceol agus freagairt do cheol, ceol a chanadh agus a sheinm, nodaireacht cheoil a scríobh agus nuacheoil a chruthú. Seo a leanas na snáitheanna sin:
- Éisteacht agus Freagairt
- Léiriú
- Cumadóireacht
Tá deiseanna ann le forbairt a dhéanamh ar líon coincheapa ceolmhara de réir mar a thugann na leanaí aghaidh ar shnáitheanna agus ar ghníomhaíochtaí an Churaclaim Ceoil. Ina measc seo tá forbairt ar íogaireacht i leith na ngnéithe seo a leanas:
● buille ● ré ● luas ● tuinairde ● dinimic ● comhdhéanamh ● tondath ● uigeacht ● stíl
Dearadh na “cártaí sracfhéachana” curaclaim seo chun forbhreathnú aon leathanaigh a thabhairt ar na cuspóirí ábhair i ngach snáithaonad do gach leibhéal ranga. Níl sé i gceist go nglacfaidh na cártaí sracfhéachana seo áit na gcáipéisí curaclaim, ach ceapadh iad chun léargas láithreach a thabhairt ar an dóigh a bhforbraítear coincheapa ar leith idir rang na naíonán agus rang a sé. Cliceáil le hamharc ar an gCuraclam Ceoil ‘ar sracfhéachaint’ sa cheangaltán thíos.