*ACMHAINN NUA IONTACH*
Cártaí Scileanna Gleacaíochta
Is gné thábhachtach de shnáithe Gleacaíochta an churaclaim corpoideachais é an rolladh. Tá sraith cártaí scileanna forbartha ag Foireann Corpoideachais Bunscoile SFGM le tacú leat teagasc a dhéanamh go sábháilte i réimse teicnící rollta agus dul chun cinn sa ghleacaíocht ag gach leibhéal ranga.
- Rolladh Peann Luaidhe/Lomáin
- Rolladh Uibhe/Craptha
- Rolladh Méise/Droim Stuach
- Rolladh Scaradh Gabhail/Béirín
- Rolladh James Bond/Gualainne
- Rolladh Wonder Woman
- Rolladh chun tosaigh
- Rolladh ar gcúl (Cúlrolladh)
Cliceáil anseo nó ar an íomhá thuas chun an tsraith cártaí a íoslódáil. Tá tuilleadh acmhainní chun rolladh a theagasc ar fáil ag bun an leathanaigh seo.
Cliceáil anseo le freastal ar cheardlann gleacaíochta SFGM.
Cliceáil anseo le hiarratas a dhéanamh go dtiocfaidh Comhairleoir Corpoideachais chuig do scoil chun tacaíocht scoile gleacaíochta a éascú (Uaireanta Pháirc an Chrócaigh, oiliúint ar an bhfoireann uile, ceacht múnlaithe sa rang, FMS agus tacaíocht pleanála etc.)
Áirítear le snáithaonaid an churaclaim Gleacaíochta:
- Luail
- An ghleacaíocht a chiallú agus a léirthuiscint
Déanann snáithe na Gleacaíochta cur síos ar na gníomhaíochtaí luaile do gach leibhéal ranga, agus léiríonn sí conas is féidir luail a fhorbairt go seicheamhach. Dírítear ar ghníomhartha coirp mar léimneach, iompú, luascadh agus cothromú agus ar luailí coirp a rialú agus a riaradh i dtosca a éiríonn níos dúshlánaí de réir a chéile. Ba chóir go soláthródh na tascanna luaile deiseanna chun gnóthachtála do na leanaí go léir, ach na tascanna a bheith oiriúnach dá gcéimeanna forbartha.
Leagann an curaclam gleacaíochta béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht nuair a bhíonn fearas á láimhsiú.
Tá gníomhaíochtaí sa churaclam gleacaíochta freisin a thagraíonn do theagasc sainscileanna e.g. tulrolladh, lámhsheasamh agus rothalchleas. Caithfear béim a chur ar chéim ullmhachta an linbh nuair a bhíonn gach gné den ghleacaíocht á pleanáil, ach baineann sé seo go speisialta le teagasc na sainscileanna. Chun go mbeidh an leanbh in ann iad seo a chomhall go rathúil, caithfidh sé/sí, bheith láidir ligthe agus a bheith in ann teannas a chruthú ar fud an choirp. Ba cheart don mhúinteoir gan na scileanna seo a mhúineadh go dtí go mbíonn an leanbh inniúil ar na réamh-chleachtaí.
Cé go leagtar amach sa Churaclam Corpoideachais a bhfuil i gceist leis na snáithaonaid uile i gcomhair Gleacaíochta san uile leibhéal ranga, taispeántar achoimre sa tábla thíos ar an dul chun cinn san uile leibhéal ranga.
Dul chun cinn sa Ghleacaíocht
Luail
|
|
Naíonáin |
- Na bunghníomhartha luaile seo a fhorbairt: rith, stopadh, léimneach, rolladh, dreapadh, meáchan a aistriú, cothromú, luascadh, casadh, iompú, agus baill dhifriúla choirp á n-úsáid chun spás a iniúchadh - Bogadh agus rolladh a chleachtadh - Feasacht coirp a fhorbairt trí éagsúlacht a chleachtadh iontu seo: treo, conairí, leibhéil, cruth, luas, etc... - Oibriú le chéile chun sraith a chruthú agus a chomhall - Labhairt faoin luail agus ceisteanna mar gheall uirthi a chur agus a fhreagairt. - Cumas chun an fearas a ardú, a iompar agus a shuí go sábháilte a fhorbairt.
|
Rang a haon agus rang a dó |
Na bunghníomhartha luaile seo a fhorbairt: cothromú, rolladh, iompú, casadh, síneadh, dreapadh, aistriú meáchain (cineálacha éagsúla rollta) - Feasacht coirp trí luail (treo, leibhéil...) - Taisteal thar fhearas - Sraitheanna aonair agus sraitheanna beirte - Scileanna éirí agus tuirlingthe - Dea-theannas coirp agus dea-staidiúir - Cumas fearas a ardú, a shuí
|
Rang a trí agus rang a ceathair |
- Sraitheanna luaile, treo, conairí a athrú, etc. - Gníomhartha luaile agus taistil ar an urlár agus ar an bhfearas - Ceannseasamh agus lámhsheasamh - An rolladh ar aghaidh agus an rolladh ar gcúl (faoi rogha an mhúinteora) - Sraitheanna a tháirgeadh agus a chomhall - Dea-theannas coirp agus dea-staidiúir a shaothrú trí ghleacaíocht - Tuilleadh rialaithe a léiriú le linn preabadh, eitilte agus tuirlingt - Luail a bhreathnú, cur síos a dhéanamh uirthi, agus ceisteanna mar gheall uirthi a chur agus a fhreagairt
|
Rang a cúig agus rang a sé |
- Raon gníomhartha gleacaíochta a roghnú agus a nascadh d’fhonn taistil ar an urlár agus ar an bhfearas Raon scileanna a chleachtadh agus a chomhall - Sraitheanna níos casta a tháirgeadh agus a chomhall, i dteannta páirtí, ar an urlár agus ag úsáid fearais - Preabadh, eitilt agus tuirlingt dea-rialaithe a léiriú - Grúp-shraitheanna a tháirgeadh
|
Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh Corpoideachais, a leagtar amach in Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí ar leathanaigh 42-100, do mhúinteoirí chun ceachtanna Gleacaíochta a eagrú.
Leagtar amach cur chuige téamach bunaithe ar theanga na gluaiseachta ar leathanaigh 74-75
Leagtar amach aonad oibre sa Ghleacaíocht ina sonraítear clár oibre deich seachtaine do naíonáin shinsearacha ar leathanaigh 78-79
Leagtar amach aonad oibre sa Ghleacaíocht ina sonraítear clár oibre ocht seachtaine do rang a trí agus do rang a ceathair ar leathanaigh 80-81
Leagtar amach aonad oibre sa Ghleacaíocht ina sonraítear clár oibre ceithre seachtaine do rang a cúig agus do rang a sé ar leathanaigh 82-83
Ina theannta sin, is acmhainn den scoth do mhúinteoirí iad ceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) i dtaca le Gleacaíocht don uile leibhéal ranga. Tugtar breac-chuntas iontu ar chlár cuimsitheach oibre a oireann do gach ceacht ranga ar leith. Tá cur chuige agus modhanna teagaisc éagsúla san uile leibhéal ranga san áireamh iontu.
ACMHAINNÍ:
- Ceardlanna Gleacaíochta 2017
- The Fun Gym Circuit
- Scileanna sonracha: Sonraítear sa bhileog seo réamhghníomhaíochtaí agus pointí teagaisc sonracha do scileanna sonracha churaclam na gleacaíochta
- Cártaí Scileanna Gleacaíochta– Rolladh
- Ceardlann Gleacaíochta 2018 – Rolladh
- Cárta Seicheamhaithe Gleacaíochta – Rolladh