Tá siad seo a leanas san áireamh sna snáithaonaid le haghaidh churaclam na nGníomhaíochtaí Lasmuigh agus Gníomhaíochtaí Eachtraíochta:
- Siúl
- Treodóireacht
- Gníomhaíochtaí dúshláin lasmuigh
- Gníomhaíochtaí uisce (rang a cúig agus rang a sé amháin)
- Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta a chiallú agus a léirthuiscint
Cabhraíonn na gníomhaíochtaí seo chun léirthuiscint a fhorbairt don domhan amuigh faoin spéir agus chun sult a bhaint as. Cabhraíonn siad freisin le leanaí meas a chothú ar an timpeallacht thart orthu. Gníomhaíochtaí foirne iad a fhorbraíonn scileanna sóisialta. San áireamh i gcuid de na gníomhaíochtaí tá léamh léarscáileanna agus réiteach fadhbanna, teacht ar chinntí grúpa, cáilíochtaí ceannaireachta a fhorbairt agus seansanna beartaithe a thógáil. Sna ranganna sinsearacha, d’fhéadfadh deiseanna nua canúála nó seoltóireachta a bheith san áireamh sna gníomhaíochtaí uisce, arna éascú ag cuairt ar Ionad Oideachais Allamuigh ina bhfuil cóimheas dóthanach teagascóra le daltaí agus caighdeáin sábháilteachta. Go hachomair, tá gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta neamhiomaíoch don mhórchuid agus is bealaí eile iad chun sult a bhaint as cur chuige sláintiúil i leith gníomhaíochtaí caitheamh aimsire agus gníomhaíochtaí lasmuigh.
Is iomaí nasc idir snáithe na ngníomhaíochtaí lasmuigh agus na ngníomhaíochtaí eachtraíochta agus curaclam na Tíreolaíochta. Gné den churaclam corpoideachais é an snáithe seo ar seans ann nach n-áireofaí é i gclár scoileanna go traidisiúnta. Taitníonn a lán de na gníomhaíochtaí a mholtar leis an leanbh nach nglacfadh páirt go fonnmhar i ngníomhaíocht choirp. Déanann an curaclam freastal ar raon fairsing gníomhaíochtaí, áfach.
Is féidir roinnt de na gníomhaíochtaí a mholtar sa snáithe gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta a chur ar siúl laistigh. Is minic gurb í seo an áit is fearr chun bunscileanna a fhoghlaim sula bhfeidhmítear iad lasmuigh. Is féidir a lán scileanna treodóireachta, mar shampla, a fhorbairt i dtús báire i bhfoirgneamh na scoile agus é á úsáid mar bhunáit. Féadfar gníomhaíochtaí eile a ghlacadh mar chúram sa scoil nó d’fhéadfadh taitneamhachtaí áitiúla an timpeallacht idéalach a sholáthar faoi choinne cuid de na dúshláin lasmuigh, mar shampla.
Cothaítear dearcthaí dearfacha i dtaca le cúram a thabhairt don chomhshaol de réir mar a ghlacann leanaí páirt i ngníomhaíochtaí lasmuigh.
Cé go leagtar amach sa Churaclam Corpoideachais a bhfuil i gceist leis na snáithaonaid uile i gcomhair gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta san uile rang, taispeántar achoimre sa tábla thíos ar an dul chun cinn san uile rang.
|
Siúl |
Treodóireacht |
Gníomhaíochtaí dúshláin lasmuigh |
Ciallú agus Léirthuiscint |
Naíonáin |
- siúlóidí gearra sa scoil nó timpeall uirthi Siúlóid ábhair - tóraíocht taisce, ócáid ghlantacháin, cluichí meaitseála péirí, rás sealaíochta tóraíochta |
Siúlóid teorann Limistéir den halla, den pháirc imeartha nó de láthair na scoile a aithint Treoracha/treonna a leanúint Slí ainmhithe – simplí – randamach |
Clocháin – aonair Cosán caoch Seachaid an fonsa Bac-chúrsa Cairt dathanna |
Meas ar an gcomhshaol Saincheisteanna sábháilteachta |
Rang a haon agus rang a dó |
- Siúlóidí gearra lasmuigh den scoil Siúlóid ábhair - tóraíocht taisce, ócáid ghlantacháin, cluichí meaitseála péirí, rás sealaíochta tóraíochta |
Siúlóid teorann Limistéir den halla, den pháirc imeartha nó den scoil a aithint NSEW Slí ainmhithe Plean simplí léarscáile a leanúint Siúlóid nathair nimhe |
Clocháin – foireann Cosán caoch Seachaid an fonsa Bac-chúrsa Suaitheadh an phaca |
Meas ar an gcomhshaol Saincheisteanna sábháilteachta |
Rang a trí agus rang a ceathair |
Siúlóidí coille Siúlóid ábhair - tóraíocht taisce, ócáid ghlantacháin, cluichí meaitseála péirí, rás sealaíochta tóraíochta |
Siúlóid teorann Siúlóid léarscáile Treodóireacht fótaréalta Cearnóg NSEW |
Slí eachtraíochta Castóir achrainn Suaitheadh an phaca Cosán caoch Bac-chúrsa |
Meas ar an gcomhshaol Saincheisteanna sábháilteachta |
Rang a cúig agus rang a sé |
Siúlóid choille/tuaithe Puball a chur in airde Siúlóid ábhair - tóraíocht taisce, ócáid ghlantacháin, cluichí meaitseála péirí, rás sealaíochta tóraíochta |
Treodóireacht réalta Sa halla, tailte scoile Réalta cuimhne Pointe go pointe Treodóireacht scórála |
Slí eachtraíochta Castóir achrainn Suaitheadh an phaca Cosán caoch Bac-chúrsa Clocháin ardaithe Scíonna |
Meas ar an gcomhshaol Saincheisteanna sábháilteachta |
Nuair a bhíonn an múinteoir ag pleanáil gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta, ba chóir dó/di an méid seo a leanas a chur san áireamh:
- gníomhaíochtaí aclaithe agus iaraclaíochta a oirfidh don cheacht
- tacaíocht a lorg ó dhaoine eile chun go mbeidh cabhair ar fáil dó/di le haghaidh obair ghrúpa nó le haghaidh gníomhaíochta ina mbeidh taisteal amach as suíomh na scoile i gceist
- cuairt a thabhairt ar ionad gníomhaíochtaí lasmuigh a sholáthraíonn deiseanna le haghaidh treodóireachta, dúshláin eachtraíochta nó gníomhaíochtaí uisce
- pleanáil maidir le gnéithe de roinnt snáithaonad a sheachadadh i ngach ceacht nó béim a chur ar shnáithaonad faoi leith i gceachtanna áirithe.
Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh Corpoideachais, a leagtar amach in Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí ar leathanaigh 42-100, do mhúinteoirí chun ceachtanna Lúthchleasaíochta a eagrú.
Leagtar amach aonad oibre i ngníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta ina sonraítear clár oibre cúig seachtaine do rang a haon agus rang a dó ar leathanaigh 92-93.
Ina theannta sin, is acmhainn den scoth do mhúinteoirí iad ceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) i dtaca le gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta don uile leibhéal ranga. Tugtar breac-chuntas iontu ar chlár cuimsitheach oibre a oireann do gach ceacht ranga ar leith. Tá cur chuige agus modhanna teagaisc éagsúla san uile leibhéal ranga san áireamh iontu.
Gheobhaidh tú tuilleadh acmhainní faoi iamh a thacóidh leat gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta a chur i bhfeidhm.
Gníomhaíochtaí siúil: Roinnt gníomhaíochtaí siúil a oireann do gach leibhéal ranga
Gníomhaíochtaí Dúshláin Lasmuigh: Liosta gníomhaíochtaí dúshláin lasmuigh, gníomhaíochtaí neartaithe foirne agus gníomhaíochtaí paraisiútála a d’fhéadfaí a dhéanamh i halla na scoile nó ar thailte na scoile; gníomhaíochtaí feiliúnacha inoiriúnaithe don uile leibhéal scoile
Cártaí rialaithe treodóireachta: Cártaí rialaithe samplacha a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhair gníomhaíochtaí treodóireachta. Cuirtear treoracha do na cártaí rialaithe ar fáil
Mionchártaí Rialaithe: Mionchártaí rialaithe samplacha a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhair gníomhaíochtaí treodóireachta
Pleananna Ceachta an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI): Sraith treoracha nó liosta ‘rudaí le déanamh’ a d’fhéadfadh tacú le scoileanna ullmhú faoi choinne na gceachtanna Lasmuigh Agus Eachtraíochta ar ábhair an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) lena chinntiú go mbíonn dóthain acmhainní agus ábhar ar fáil don uile rang
Tóraíocht léarscáile: Tá liosta gníomhaíochtaí sa bhileog eolais seo a d’fhéadfaí a dhéanamh ar thailte scoile i dteannta cárta rialaithe samplach is féidir a chur in oiriúint d’áiseanna scoileanna áirithe