Lúthchleasaíocht

Áirítear le snáithaonaid an churaclam Lúthchleasaíochta:

  • Rith
  • Léim
  • Teilgean
  • An lúthchleasaíocht a chiallú agus a léirthuiscint

Ba cheart béim a chur sa chlár Lúthchleasaíochta ar dheiseanna don leanbh chun dúshlán a chur air/uirthi féin rith níos tapúla nó ar feadh tréimhse níos faide, rud a chaitheamh níos faide agus léim níos faide nó níos airde.

Cé go leagtar amach sa Churaclam Corpoideachais a bhfuil i gceist leis na snáithaonaid uile i gcomhair Lúthchleasaíochta san uile leibhéal ranga, taispeántar achoimre sa tábla thíos ar an dul chun cinn san uile leibhéal ranga.

Dul chun cinn Lúthchleasaíochta

 

 

Rith

Léim

Teilgean

Ciallú agus
Léirthuiscint

Naíonáin

Reathaíocht Chian-achair

30-90 soic

Ráib:  10-20 m

Freagairtí agus Tosú ó Stad

Rásaí Sealaíochta:  Rásaí Sealaíochta Beirte (BB)

Cliathrásaíocht:  Réidh suas le 20 cm ar airde

 

Scipeáil le rópaí agus gan rópaí

Bealaí éagsúla léime 2-2, 2-1  1-1, 1-1, 1-2.  tuirlingt bhog

Luasc lámha

Modhanna éagsúla caithimh i gcomhair

airde agus faide – caitheamh fo-ascaile

Rith lána

Tosú ó Stad

Rang a hAon agus Rang a Dó

Reathaíocht Chian-achair

30 soic – 2 nóim

Ráib:  20-30 m

Freagairtí agus Tosú ó Stad

Rásaí Sealaíochta:  Rásaí Sealaíochta Foirne (BB)

Cliathrásaíocht:  30 cm ar airde

Cos luaidhe a aithint – seasamh i leataobh

 

Scipeáil

Léimeanna éagsúla

Rith druidime (3 chéim) i gcomhair faid agus airde

Fo-ascaille

Os cionn láimhe (caitheamh na sleá)

Scór a thomhas

Luas a thuiscint

Rith druidime

Rang a Trí agus Rang a Ceathair

Reathaíocht Chian-achair

30 soic – 3 nóim

Ráib:  30-60 m

Freagairtí agus Tosú ó Stad

Rásaí Sealaíochta:  Rásaí Sealaíochta Foirne agus malartú baitín i líne dhíreach

Cliathrásaíocht:  30-40 cm ar airde thar 20-40 m

Cos luaidhe agus trí chéim

 

Scipeáil

Léimeanna éagsúla

Tuirlingt ar dhá chois

Léim siosúir thar bhacainn

Rith druidime 5 (chéim)

Caitheamh os cionn láimhe

Rith druidime agus caitheamh

Caitheamh meáchain

Caitheamh teisce

(ó do sheasamh)

Luas

Malartú Baitín

Scór a thomhas

Anailís ar theicníocht

Rang a Cúig agus Rang a Sé

Reathaíocht Chian-achair

30 soic – 5 nóim

Ráib:  50-70 m

Ráibeanna tointeála 30 m

Freagairt agus Tosú ó Stad

Rásaí Sealaíochta:  Gnáthrás sealaíochta le malartú baitín

Cliathrásaíocht:  40-60 cm ar airde thar 40-60 m

Cos luaidhe agus cos chun deiridh 150 m os cionn cliatha fánacha

Scipeáil

Léimeanna éagsúla

Léim as seasamh

Rith druidime 3 chéim, 5 chéim, 7 gcéim

Siosúr – teicníocht thar chliatha 50-60 cm

Sleá – ó do sheasamh

Sleá le rith druidime

Caitheamh meáchain le casadh

Caitheamh teisce

Luas

Comhordú

Neart

Rialacha – líne chaithimh

Líne léime

Tomhas

Feasacht

 

 

Ba cheart na gníomhaíochtaí gluaiseachta nádúrtha seo a fhorbairt ina ngníomhaíochtaí agus imeachtaí lúthchleasaíochta simplí.

Tagairt den scoth iad cur chuige agus modhanna teagaisc le haghaidh Corpoideachais, a leagtar amach in Corpoideachas: Treoirlínte do Mhúinteoirí ar leathanaigh 42-100, do mhúinteoirí chun ceachtanna Lúthchleasaíochta a eagrú.

Leagtar amach Comhtháthú Lúthchleasaíochta le hábhair eile an churaclaim ar lch 49

Leagtar amach úsáid an stáisiúin teagaisc i seomra ranga na Naíonán i gceacht Lúthchleasaíochta ar lch 52

Leagtar amach aonad oibre i Lúthchleasaíocht ina sonraítear clár oibre sé seachtaine do rang a cúig ar leathanaigh 58-59

 

Ina theannta sin, is acmhainn den scoth do mhúinteoirí iad ceachtanna an Tionscnaimh Spóirt i mBunscoileanna (PSSI) i dtaca le Lúthchleasaíocht don uile leibhéal ranga. Tugtar breac-chuntas iontu ar chlár cuimsitheach oibre a oireann do gach ceacht ranga ar leith. Tá cur chuige agus modhanna teagaisc éagsúla san uile leibhéal ranga san áireamh iontu.

 

Gheobhaidh tú tuilleadh acmhainní faoi iamh a thacóidh leat Lúthchleasaíocht a chur i bhfeidhm.

Stáisiúin: Sampla de chártaí teagaisc stáisiúin do Lúthchleasaíocht do mheánranganna/ranganna sinsearacha, a ionchorpraíonn ‘stáisiún teagaisc’. D’fhéadfaí na stáisiúin seo a chríochnú i dtreo deireadh aonaid oibre i Lúthchleasaíocht nuair a bhíonn leanaí cleachtach ar ghníomhaíochtaí éagsúla

Ard-lúthchleasaíocht: Léirítear sa bhileog seo leideanna do scileanna ar leith i Lúthchleasaíocht, atá oiriúnach le húsáid i meánranganna agus ranganna sinsearacha

Forbhreathnú ar shnáitheanna agus straitéisí chun ranganna a eagrú do Lúthchleasaíocht: Leagtar amach gníomhaíochtaí samplacha do shnáithaonaid Lúthchleasaíochta, lena n-áirítear leideanna chun gníomhaíochtaí a oiriúnú agus an seomra ranga a eagrú. 

 

ACMHAINNÍ: