Fáilte!
Fáilte chuig rannóg OSSP den suíomh gréasáin
Tá ríméad ar an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí seoladh ár gcúrsa nua ar líne do Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) a fhógairt, a bheidh ar fáil ón 19 Meán Fómhair ar TeacherCPD.ie |
---|
Is tús eolais é an cúrsa ar líne seo a mhairfidh idir 2-3 uair an chloig, agus tabharfar léargas ginearálta ann ar chúrsa Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) na Sraithe Sóisearaí.
Dírítear sa chúrsa ar líne orthu seo a leanas:
- príomhghnéithe d’eolas ar an ábhar
- an úsáid a bhaintear as modheolaíochtaí foghlama gníomhaí chun forbairt scileanna, cineálacha cur chuige agus meonta a chumasú
- an tábhacht atá le gníomh a ghlacadh agus rud a dhéanamh go freagrach
Cuirtear bailchríoch ar an gcúrsa ar líne le forléargas ar na trí uirlis mheasúnaithe a úsáideadh in OSSP: an Tuarascáil ar Thionscadal Gníomhaíochta (RAP), Leabhar Measúnaithe ar Obair Chúrsa (CWAB), ar fiú 60% de na marcanna a bhronntar iad, agus an páipéar scrúdaithe scríofa, ar fiú 40% de na marcanna é.
Chun clárú téigh chuig TeacherCPD.ie. Má tá tuilleadh ceisteanna agat, seol ríomhphost chuig cspe@pdst.ie
Teideal an chúrsa
Tús eolais ar Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) agus forbhreathnú air.
Maidir leis an gcúrsa
Tugann an cúrsa ar líne seo tús eolais, agus léargas ginearálta ar chúrsa Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) na Sraithe Sóisearaí.
Dírítear sa chúrsa seo ar:
§ príomhghnéithe an eolais ar an ábhar
§ an úsáid a bhaintear as modheolaíochtaí foghlama gníomhaí chun forbairt scileanna, cineálacha cur chuige agus meonta a chumasú
§ an tábhacht atá le gníomh a ghlacadh agus rud a dhéanamh go freagrach
Cuirtear bailchríoch ar an gcúrsa ar líne le forléargas ar na trí uirlis mheasúnaithe a úsáideadh in OSSP: an Tuarascáil ar Thionscadal Gníomhaíochta (RAP), Leabhar Measúnaithe Obair Chúrsa (CWAB), ar fiú 60% de na marcanna a bhronntar iad, agus an páipéar scrúdaithe scríofa, ar fiú 40% de na marcanna é.
Leibhéal Scileanna
Bunúsach
Earnáil
Iar-bhunscoil
Cineál
Scaipeadh ar Líne
Spriocphobal
Múinteoirí iarbhunscoile nár mhúin Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) roimhe seo
Réamhriachtanais
Dada
Fad Ama
2-3 uair an chloig
Infhaighteacht Cúrsa Ar Líne
Déantar an cúrsa seo a sheachadadh trí TeacherCPD.ie. Seiceáil TeacherCPD.ie chun faisnéis a fháil ar cad a theastaíonn maidir le rollú, rochtain, dátaí atá ar fáil, etc.
Teicniúil: Nasc maith idirlín le leathanbhanda agus ríomhaire glúine, ríomhaire deisce nó táibléad (ar a bhfuil an leagan is deireanaí de Chrome, de Firefox nó de Safari).
Torthaí Foghlama
Cuirfear ar chumas na rannpháirtithe a bheidh i mbun an mhodúil seo:
· aidhmeanna an Oideachais Shaoránaigh Shóisialta Pholaitiúil a lua
· Coincheapa agus Snáitheanna foghlama an chúrsa a mhíniú
· ábharthacht na modheolaíochtaí foghlama gníomhaí agus forbairt na n-eochairscileanna a thuiscint
· roinnt acmhainní teagaisc agus foghlama a iniúchadh
· míniú cad is Gníomh ann agus cur síos a dhéanamh ar roinnt samplaí iarbhír de na Gníomhartha ar tugadh fúthu
· Liosta agus cur síos a dhéanamh ar na trí uirlis mheasúnaithe a úsáideadh in Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil: an Tuarascáil ar Thionscadal Gníomhaíochta (RAP), Leabhar Measúnaithe Obair Chúrsa (CWAB) agus an Scrúdú Scríofa.
Ábhar an Chúrsa
Is cúrsa ar líne é seo ina bhfuil lear mór ábhar idirghníomhaíochta agus é roinnte i gceithre chuid:
Cuid 1: Forbhreathnú ar Ábhar an Chúrsa
Cuid 2: Modheolaíochtaí Foghlama Gníomhaí
Cuid 3: Gníomh a Ghlacadh
Cuid 4: OSSP agus Measúnú
Tá Daoine Tábhachtach!
I gcomhair tuilleadh Tacaíochta:
Le haghaidh tacaíocht scoilbhunaithe in OSSP, lean an nasc seo.