Tánaiste don Iar-bhunscoil

RÉAMHRÁ

Clár oiliúna ceannaireachta é Tánaiste i gcomhair Leas-Phríomhoidí nuacheaptha /Leas-Phríomhoidí Gníomhacha nuacheaptha a thosaíonn i mí Lúnasa agus a chríochnaíonn i mí Mheán Fómhair sa bhliain acadúil ina dhiaidh sin.

 

 

Tá sé mar aidhm ag an gclár tacaíocht a thabhairt do Leas-Phríomhoidí ina gcéad bhliain mar cheannairí sinsearacha scoile. Tá an-dúil ag foireann an chláir eolas agus muinín na rannpháirtithe a neartú chomh maith le heochairscileanna ceannaireachta agus meonta a neartú a chuideoidh leo ina róil nua.

 

 

Tá cúig sheisiún aon lae agus dhá sheisiún tráthnóna i gceist le Tánaiste. Déanfaidh na rannpháirtithe scrúdú ar líon mór topaicí a bhaineann le bainistíocht laethúil agus le ceannaireacht straitéiseach a scoileanna.

 

 

 

...

 

Teistiméireachtaí ar an gclár Tánaiste

“Bhí deis iontach agam sa chlár Tánaiste aithne a chur ar dhaoine nuacheaptha eile. Cruthaíonn sé naisc agus cairdeas le daoine eile. Bíonn sé an-tábhachtach d’aon duine nuacheaptha chun dul i ngleic leis na mothúcháin sin go bhfuil siad scoite amach agus bíonn faoiseamh le fáil sa tuiscint nach bhfuil tú i d’aonar - go mbíonn na dúshláin agus na deiseanna céanna ag daoine eile ag an am céanna a bhíonn siad agat féin.”

 

 

“Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm. Shíl mé go raibh na láithreoireachtaí ar fheabhas. Ba é an rud ba chabhraí ná casadh le príomhoidí eile go neamhfhoirmiúil chun comhrá a dhéanamh le linn béilí agus gabhaim buíochas ollmhór leis an bhfoireann Tánaiste as an deis sin a thabhairt dúinn. Thug sé go leor muiníne dom as mo phost. Tá an tacaíocht ar fheabhas.”

 

 

“Is deis iontach é chun casadh le Leas-Phríomhoidí eile agus straitéisí feabhais a phlé.”   

 

 

“Is cúis faoisimh dom anois go bhfuilim in ann iarraidh ar na rannpháirtithe eile agus vice versa má tá comhairle nó acmhainní de dhíth orm.  Pléadh neart réimsí a bhaineann le ceannaireacht scoile-b’eispéireas taitneamhach a bhí ann agus cruthaíodh neart líonraí ar an mbealach chomh maith.”  

 

 

“Míle buíochas leis an bhfoireann uile ag SFGM. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa Tánaiste le bliain anuas. Shíl mé go raibh sé an-chabhrach toisc gur cuireadh go leor treorach agus tacaíochta ar fáil do mo phost mar Leas-Phríomhoide.”

 

 

“Ba chlár den chéad scoth ó thús go deireadh a bhí ann. Is cúis áthais dom go raibh an deis agam páirt a ghlacadh sa chúrsa. Táim ag tnúth leis na seisiúin chun níos mó a fhoghlaim faoin bpost agus chun saincheisteanna a roinnt ar bhealach atá tairbheach do dhaoine eile atá ar an aistear céanna. Ba chúltaca iontach iad na ríomhphoist a roinnt i ngrúpaí chomh maith. Míle buíochas as an iarracht a cuireadh isteach agus as an eagrú a rinneadh ar chúrsa den chéad scoth.”

 

  

“Bhí an Clár Tánaiste fíor-luachmhar domsa. An liosta seolta, scoth na n-éascaitheoirí agus an deis casadh le comhghleacaithe; bhí taitneamh, léargas agus luach le baint as na rudaí seo uile agus ba bhliain an-tairbheach a bhí inti. Ní mór do gach Leas-Phríomhoide nua freastal ar an gcúrsa seo.”

 

 

“Bhí an clár ar fad an-áisiúil dom, d’fhoghlaim mé go leor uaidh; comhairle phraiticiúil agus bhí mé in ann cur le mo líonra proifisiúnta. Athdhearbhaíodh roinnt den dea-chleachtas atá ar siúl inár scoil cheana féin agus thug sé spreagadh dom níos mó fiú a dhéanamh. Thug an cúrsa seo fuinneamh dom arís agus ba mhór an tacaíocht é dom.”

 

 

“Fuair mé comhairle an-phraiticiúil agus traenáil ar ról an Leas-Phríomhoide ó lá go lá ón gcúrsa Tánaiste. Shíl mé go raibh an-luach ag baint leis an gcomhairle neamhfhoirmiúil, an tacaíocht agus na caidrimh a rinne mé le linn na cúig sheisiún agus ón tacaíocht ríomhphoist.  Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt ann.”

 

 

“Fuair mé comhairle an-phraiticiúil agus traenáil ar ról an Leas-Phríomhoide ó lá go lá ón gcúrsa Tánaiste. Shíl mé go raibh an-luach ag baint leis an gcomhairle neamhfhoirmiúil, an tacaíocht agus na caidrimh a rinne mé le linn na cúig sheisiún agus ón tacaíocht ríomhphoist.  Míle buíochas le gach duine a ghlac páirt ann.”

 

 

“Bhí an clár Tánaiste ar fheabhas, bhí tacaíocht phraiticiúil ar fáil trí na láithreoireachtaí agus trí na gníomhaíochtaí, ach b’fhéidir ní ba thábhachtaí fiú, thug an fhoireann agus na rannpháirtithe eile tacaíocht mhorálta dúinn le linn ár gcéad bhliain i ról an-dúshlánach ach tairbheach ag an am céanna inár scoileanna. Táim buíoch as na hacmhainní iontacha, an chomhairle agus an rud ba thábhachtaí an t-am a tugadh dúinn na rudaí a d’fhoghlaimíomar le linn ár laethanta ag obair le chéile a roinnt.” 

 

 

“Taithí líonraithe den chéad scoth. Modúil lán le heolas, an-deas dearcthaí daoine eile a chloisteáil.”

 

 

“Go raibh míle maith agaibh as an aistriú chuig ról an Leas-Phríomhoide a éascú le bhur dtacaíocht uile.”

 

 

“Tá trí chéim agam agus bhí an cúrsa seo ní ba thábhachtaí ná aon cheann acu ó thaobh ábharthachta, treorach agus tacaíochta de. Tá an fhoireann SFGM fíor-ghairmiúil agus ba mhór an phribhléid dom a bheith páirteach sa chlár seo. Rinne an fhoireann uile thar cionn de bharr gach a ndearna siad do thodhchaí an oideachais in Éirinn.”

 

 

“Tá an-áthas orm gur ghlac mé páirt i gclár Tánaiste. Fuair mé taithí an-luachmhar ar an mbealach ina gcuirtear an post i gcrích agus rinne mé go leor cairde agus teagmhálaithe nua. Comhghairdeas leis an SFGM.”

“Míle buíochas le foireann uile SFGM.  Tá ríméad orm gur cuireadh an smaoineamh maidir le grúpaí braisle i bhfeidhm, caitear taithí agus dea-chleachtas a roinnt ar bhonn laethúil.”

 

 

“Fuair mé muinín an chéad chéim eile a ghlacadh i dtreo na ndúshlán atá romham mar Leas-Phríomhoide nuair a ghlac mé i gClár Tánaiste. Bhí an cúrsa Tánaiste ar nós bosca uirlisí do Leas-Phríomhoide. Ba mhór an tacaíocht é casadh le comhghleacaithe agus scéalta maidir lenár n-aistear a roinnt.”

 

 

“Mar a tharlaíonn i gcónaí, is é an meascán is fearr deis a fháil casadh le cleachtóirí eile agus iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna le chéile ar bhealaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla mar aon le tacaíocht a fháil ó fhoireann SFGM a chuala taithí daoine eile a tháinig romhainn agus mar sin níl aon dabht ach go bhfuil sé de chumas acu é sin a dhéanamh. Go raibh maith agat as an ionduchtú iontach!”