Forbairt na hIar-bhunscoile

TÚS EOLAIS AR FORBAIRT

 

An Clár Forbairt

Cad é Forbairt?

Clár bliana is ea Forbairt a thugann deis do scoileanna rannpháirteacha

a gcuid eolais agus a dtuiscint ar fhorfheidhmiú agus ar fhorbairt

feabhsúchán scoile a shaibhriú agus a bhreisiú.

Le linn na bliana acadúla, tacaítear le foirne forbairt scoilbhunaithe  trí chlár cuimsitheach tacaíochtaí. Cuidítear le scoileanna chun réimse fócais a fhiosrú agus a shainaithint d’fhonn tionscnaimh a chleachtadh chun an scoil a fheabhsú i réimse na Foghlama agus an Teagaisc.

Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta is ea an tionscadal seo. Ailíníonn an Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta é féin go dlúth leis an gcreat “Ag Féachaint ar ár Scoileanna 2016” agus an múnla 6 chéim Féinmheastóireacht Scoile agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chuid de Thuarascáil FMS agus Plean um Fheabhsú Scoile na scoileanna rannpháirteacha.

Tionscnamh sonrach don scoil, dírithe, bunaithe ar fhianaise um fheabhsú scoile is each gach Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta agus is  príomh-chomhpháirt den Chlár é. Tá na deiseanna foghlama gairmiúla ina gcreat do cheannairí scoile chun pleanáil don fheabhsú ina scoile agus í a bhreisiú. Tugann sé seo  spreagadh don fheabhsúchán scoile leanúnach.

Cuirtear gach Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta i láthair  ar deireadh mar Thuarascáil a fhoilsítear san Fhoilseachán bliantúil – Leabhrán Forbairt mar aon le gach scoil ag déanamh cur i láthair ag imeacht sárthaispeántais Náisiúnta Bliantúil Forbairt.

 

“Réasúnaíocht” chun Forbairt a Dhéanamh

Úsáideann Forbairt na treoirlínte FMS agus an cháipéis Ag Féachaint ar ár Scoileanna 2016 (LAOS) mar bhunús modheolaíoch. Tacaíonn Clár Forbairt, de réir na gcáipéisí seo  le gach scoil chun Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta féinoiriúnaithe a dhéanamh ag díriú ar Fhoghlaim agus Teagasc i ngach comhthéacs scoile aonair. Ailíníonn an Clár Forbairt é féin go dlúth le riachtanais phróiseas FMS le cur le Plean um Fheabhsú Scoile foriomlán.

Cuireann rannpháirtíocht i gClár Forbairt chun cinn timpeallacht Forbairt Ceannaireacht Dháilte a thógáil agus a chothabháil a bheith mar bhuntaca leis an gcáilíocht  is airde i gcúram agus i bhfolláine dalta, i bhfoghlaim agus i dteagasc agus i bhfeabhsúchán scoile foriomlán.

Tá sé mar aidhm leis an gclár freisin cultúr Feabhsúcháin, Comhoibrithe, Nuálaíochta agus Cruthaitheachta a chur chun cinn i measc Múinteoirí, Scoláirí, Tuismitheoirí mar aon leis an bpobal scoile níos leithne.

Mar chuid den phróiseas inbhuanaithe den athrú oideachais agus de sheachadadh an chleachtais is fearr ar fud na scoile, ceadaítear  Deiseanna Líonraithe leis an gClár. Tháinig scoileanna le chéile le linn an chláir chun an cleachtas is fearr, taithí agus acmhainní a roinnt. Tá sé i gceist go spreagfadh an próiseas seo tuilleadh athruithe oideachais agus tionscnamh forbartha i scoileanna.

Cé dó é?

Is clár forbartha gairmiúla é Forbairt Iar-bhunscoile d’Fhoirne Ceannaireachta Scoile ina bhfuil

  • Príomhoide Scoile a bhfuil taithí aige (nach bhfuil ar Chlár Misneach nó nach bhfuil incháilithe chun Misneach a dhéanamh).

  • Leas-Phríomhoide

  • Beirt Cheannairí Múinteora (oscailte don fhoireann  teagaisc ar fad),

Dearadh Forbairt chun cur chuige comhoibritheach i leith feabhsú scoile a láidriú ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí mar aon le cumas ceannaireachta a fhorbairt ag leibhéal Ceannaireacht Mhúinteora de réir an chur chuige de cheannaireacht dháilte i dtaca le forbairt scoile.

 

Modúl

Céard?

Cé?

Cathain?

Cén áit?

Modúl 1:

Seisiún Tosaigh

Cruinnithe iarnóin arna n-eagrú go réigiúnach d’Fhoirne Iomlána Fhorbairt

Foireann iomlán (4)

Tús Mheán Fómhair

Ionaid chúige

Modúl 2:

Cónaitheach 1

Príomhoide agus Leas-Phríomhoide le freastal ar imeacht forbartha gairmiúla leanúnaí dhá lá ag díriú ar threochtaí reatha sa cheannaireacht agus foghlaim arna éascú ag an Ollamh John West Burnham, comhairleoir um Fhorbairt Cheannaireachta.

Príomhoide agus Leas-Phríomhoide (2)

Lár mhí Mheán Fómhair

Ionad lárnach náisiúnta amháin

Modúl 3:

Lá Oiliúna ‘Forbairt’ 1 do Cheannairí Múinteora

Imeacht forbartha gairmiúla leanúnaí lá amháin do Cheannairí Múinteora ag díriú ar chumas ceannaireachta a fhorbairt.

Ceannairí Múinteora Forbairt (2)

Tús DF

Ionad lárnach náisiúnta amháin

Modúl 4:

Cruinniú Ghréasán Foghlama Gníomhaíochta 1

Cruinniú líonraithe iarnóin arna eagrú go réigiúnach don fhoireann Forbairt ar fad arna dhearadh chun comhoibriú agus comhroinnt a fhorbairt ag leibhéal scoile agus idirscoile.

Foireann scoile uile (4)

Lár-DF

Ionad arna eagrú go réigiúnach

Cuairt 1 ar Scoil

Cuairt tacaíochta scoile ó chomhairleoir SFGM ag díriú ar thacú le foireann Forbairt i ndáil lena dTionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta.

Foireann Scoile Uile (4)

Mí na Nollag

Scoil

Modúl 5:

Cónaitheach 2

Príomhoide agus Leas-Phríomhoide le freastal ar imeacht forbartha gairmiúla leanúnaí dhá lá ag díriú ar Fhoghlaim agus ar Theagasc agus Comhoibriú a fhorbairt.

Príomhoide agus Leas-Phríomhoide (2)

Tús Feabhra

Ionad lárnach náisiúnta amháin

Modúl 6:

Lá Oiliúna ‘Forbairt’ 2 do Cheannairí Múinteora

Imeacht forbartha gairmiúla leanúnaí lá amháin do Cheannairí Múinteora ag díriú ar Chumas Ceannaireachta, Machnamh agus Tuairisciú a fhorbairt.

Ceannairí Múinteora Forbairt (2)

Deireadh mhí Feabhra

Ionad lárnach náisiúnta amháin

Modúl 7:

Cruinniú Ghréasán Foghlama Gníomhaíochta 2

Cruinniú líonraithe iarnóin arna eagrú go réigiúnach don fhoireann Forbairt ar fad arna dhearadh chun comhoibriú agus comhroinnt a fhorbairt ag leibhéal scoile agus idirscoile.

Foireann Scoile Uile (4)

Lár an Mhárta

Ionad arna eagrú go réigiúnach

Cuairt 2 ar Scoil

Cuairt tacaíochta scoile ó chomhairleoir SFGM ag díriú ar thacú le foireann Forbairt i ndáil lena dTionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta.

Foireann Scoile Uile (4)

Aibreán

Scoil

Modúl 8:

Ceiliúradh Forbairt

Imeacht dhá lá chun an obair a dhéanann scoileanna ar a dtionscadail roghnaithe a thaispeáint. Á thabhairt ar ais chuig Foghlaim agus Teagasc ina scoileanna le hionchur ón Ollamh John West Burnham, comhairleoir i bhForbairt Cheannaireachta..

Foireann Scoile Uile (4)

Lár mhí Mheán Fómhair

Ionad lárnach náisiúnta amháin

 

Tabhair faoi deara nach bhfuil ceachtar díobh seo a leanas incháilithe chun iarratas a dhéanamh:

  1. Príomhoidí atá ar Misneach faoi láthair nó

  2. Scoileanna atá ag freastal ar chlár Forbairt faoi láthair

Má sháraíonn na huimhreacha an líon áiteanna atá ar fáil b’fhéidir go mbeadh gearrliosta i gceist.

Déanfar teagmháil le gach scoil nuair a dhéantar an gearrliostú. Déanfaidh comhairleoir SFGM teagmháil dhíreach le scoileanna ar éirigh leo ina n-iarratas le tuilleadh eolais.

Téamaí agus teidil thionscadail shamplacha:

‘Measúnú chun Foghlama agus Cleachtas Machnamhach sa Seomra Ranga’

‘Chun cultúr de chleachtas comhoibritheach a fhorbairt i measc na foirne’

‘Úsáid Aipeanna ICT a fhiosrú chun McF a chur chun cinn’

‘An tionchar a bhíonn ag Aiseolas Múnlaitheach Scríofa’

‘Úsáid Tacsanomaíocht Bloom i gcleachtas teagaisc chun an úsáid a bhaineann scoláirí as ardord smaointeoireachta a mhéadú’

‘Foghlaim trí Obair ghrúpa

‘Athléimneacht a thógáil chun Foghlaim a fheabhsú’

‘Cur chuige samhail chascáide chun comhoibriú a mhéadú agus Teagasc agus Foghlaim le OneNote a bhreisiú’

‘Príomhscil na Sraithe Sóisearaí ‘A Bheith Cruthaitheach’ a fhorfheidhmiú ag ionchorprú ceistiú éifeachtach

 

Teistiméireachtaí:

“Cé go bhfuil ár rannpháirtíocht le Forbairt an uair seo ag teacht chun deiridh, tá an Tionscadal fós ina thús, leanfaimid leis an obair thábhachtach seo an bhliain seo chugainn inár gcéad scoil eile”.

 

“Bhí an t-aiseolas ón tionscnamh an-dearfach agus tá sé i gceist againn na tionscnaimh a chur ar fáil le gach scoláire 2 agus 3ú bliain an bhliain seo chugainn”

 

“Bhaineamar an-tairbhe as ár dtaithí leis an tionscadal”

 

Riachtanais Scoile:

  1. Éilítear ar gach scoil rannpháirteach a bheith páirteach go hiomlán i ngach modúl den chlár

  2. Caithfidh gach scoil Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta a dhéanamh ag díriú ar fhorbairt Foghlaim agus Teagasc a mbeidh Creat “Ag Féachaint ar ár Scoil  2016” mar bhonn leis.

  3. Caithfear gach Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta a chur isteach mar Thuarascáil.

  4. Cuirfear gach Tionscadal Foghlaim Ghníomhaíochta i láthair ag Imeacht Sárthaispeántas Náisiúnta Bliantúil Forbairt