Clár forbartha pearsanta agus gairmiúil dhá bhliain é Misneach do Phríomhoidí Nuacheaptha arna fhorbairt ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM). Tagann an focal Misneach ón nGaeilge i gcomhair uchtach, spiorad agus neart. Déantar iarracht sa chlár Misneach an t-eolas, na scileanna, na meonta agus na cáilíochtaí atá ag ceannairí scoile atá ag tosú amach a fhorbairt, chun iad a chumhachtú le freagairt go héifeachtach do réadúlachtaí na bainistíochta agus na ceannaireachta i gcomhthéacs scoile na hÉireann. Cabhraíonn Misneach le Príomhoidí Nuacheaptha an muinín a fhorbairt chun an prionsabal a chleachtadh agus tríd an muinín seo a fhorbairt, cuirtear nóisin a bheith ‘ faoi dhúshlán’ agus a ‘bheith dúshlánach’ chun cinn. Trí oibriú go comhoibritheach agus úsáid a bhaint as teanga na ceannaireachta, forbraíonn na Príomhoidí Nuacheaptha léarscáil dá saol gairmiúil.
Tarraingíonn Misneach ó thorthaí taighde aitheanta a shainaithníonn príomhinniúlachtaí ceannaireachta, dírithe ar an ní is tábhachtaí chun torthaí cáilíochta scoláire a chinntiú do gach scoláire agus chun feabhsúchán,
cothroime agus éifeachtúlacht scoile leanúnach a chur chun cinn agus cuireann sé leo. Treoraíonn an clár an ceannaire nua i dtreo múnla inbhuanaithe ceannaireachta, ag tógáil cumais i dtéarmaí féinmhachnaimh, féinfheasachta agus féinchúraim.
Tacaíonn Misneach le fianaise a úsáid mar bhuntaca le cleachtas, a léiríonn an ghluaiseacht idirnáisiúnta i dtreo cultúr bunaithe ar thaighde. Cothaítear sa chlár neamhspleáchas gairmiúil agus cinnteoireacht áitiúil i gcomhar le daltaí, tuismitheoirí agus bainistíocht, ag obair i dtreo fís chomhroinnte bunaithe ar luachanna. Tacaíonn Misneach le pobail foghlama ghairmiúla a chruthú agus a chothú, ina gcuirtear tacaíochtaí piara líonraithe agus comhoibritheacha an-éifeachtach chun cinn.
Clár bunaithe is ea Misneach le struchtúr dearaidh agus seachadta a cheadaíonn do sholúbthacht le freagairt d’fhorbairtí tosaíochta i mbeartas náisiúnta, agus dá bhrí sin ag soláthar ábharthacht agus comhleanúnachas sa todhchaí.
-
Cuspóir Morálta (foghlaim a fheabhsú do gach leanbh i do scoil)
-
Misneach le Gníomhú
-
Samhail a dhéanamh de dhea-chleachtas
-
Inbhuanaitheacht (daoine eile a spreagadh chun a scileanna ceannaireachta a fhorbairt)
-
Feasacht Suímh (eolas agus machnamh maidir le comhthéacs do scoile)
Léargas Ginearálta:

Ceisteanna Coitianta:
Cé dó a bhfuil an clár seo?
Chuir Clár Ionduchtúcháin Mhisneach le haghaidh príomhoidí nuacheaptha tacaíocht agus forbairt ghairmiúil ar fáil do bhunús na bpríomhoidí a ceapadh le cúig bliana déag anuas.
Teistiméireachtaí....
“Oiliúint bhainistíochta den chéad scoth i gcomhair príomhoidí nua-cheaptha. Bhí ábhar agus taithí foghlama an chláir dea-ullmhaithe agus seachadadh ag an am ceart iad. Tugtar spás intinne duit taobh amuigh den scoil ionas go mbeidh tú in ann machnamh agus pleanáil a dhéanamh. Is é toradh na traenála an gréasán gairmiúil a bhunaítear le comhghleacaithe ar fud na tíre a bhfuil na fadhbanna céanna acu agus a roinneann a gcomhairle ar na fadhbanna sin”
"Is clár den chéad scoth é Misneach agus bhí sé fíorúsáideach dom mar Phríomhoide nua. Bhí caighdeán na dtaispeántas, na comhairle praiticiúla agus na gcomhráite proifisiúnta ar fheabhas. An ghné ba luachmhaire dom féin ná an deis casadh le daoine eile ar ceapadh iad mar cheannairí le déanaí chomh maith agus ár dtaithí ar an gcéad 18 mí sa phost a roinnt lena chéile”
"Tá an clár seo ar fheabhas. Mholfainn go mór do gach príomhoide nua-ceaptha é. Chuir an cúrsa tús le comhráite iontacha ar ról an phríomhoide agus bhí an deis ann gréasán comhghleacaithe a chruthú a bheidh ar fáil duit nuair a fhágann tú an cúrsa Misneach. Bhain mé an-taitneamh as an gcúrsa agus d’fháilteoinn roimh chúrsa Misneach a reáchtálfaí faoi dhó sa bhliain don dá ghrúpa"
"Bhain mé an-taitneamh as an gclár agus is fairsing an taithí a bhain mé uaidh. Fágaim an cúrsa le níos mó muiníne agus bhí an-mhisneach agam gan dabht. Mar aon le smaointe a fháil faoi rudaí cosúil le fís, cultúr na scoile agus forbairt ghairmiúil leanúnach, tá níos mó feasachta agam anois ar smaointe praiticiúla agus cé go bhfuil na smaointe sin beag beidh tionchar ollmhór acu ar an bhfoireann agus ar na scoláirí agus ar reáchtáil laethúil scoile atá éifeachtach”