Ról an Nascmhúinteora

Tá seimineár 2 lá á reáchtáil do Nascmhúinteoirí an téarma seo chun cuidiú le scoileanna feabhas a chur ar an saineolas inscoile maidir  le forbairt na litearthachta agus na huimhearthachta. Reáchtálfar na seimineáir seo i mí Eanáir (Lá 1) agus mí an Mhárta (Lá 2) 2013.

Níl sé beartaithe go mbeadh ról an Nascmhúinteora saintreoraithe sa mhéid go bhfuil freagrachtaí éagsúla ag baint leis an ról éagsúil ó scoil go scoil. Aontófar sonraí an róil le Príomhoide na scoile agus is ar an bPríomhoide ar deireadh thiar a bheidh an fhreagracht as gach gníomhaíocht teagaisc agus foghlama. Chuige seo d’fhéadfadh an Nascmhúinteoir éascú a dhéanamh ar chur i gcrích na ndualgas ach ní gá go gcuirfidís féin gach ceann i gcrích.

Go bunúsach feidhmíonn an Nascmhúinteoir mar ‘nasc’ idir an croífhoireann litearthachta/uimhearthachta agus an chuid eile den fhoireann, an scoil agus pobal na scoile, an scoil agus an pobal oideachais i gcoitinne (polasaí, taighde agus athchóiriú).

Seo a leanas roinnt moltaí maidir le rannpháirtíocht an nascmhúinteora:

  • ·      forbairt a dhéanamh ar an litearthacht/uimhearthacht de réir riachtanais na scoile
  • ·      nasc a dhéanamh agus obair le múinteoirí maidir le teagasc agus foghlaim na litearthachta/na huimhearthachta
  • ·      tacú leis an bpróiseas féinmheastóireachta maidir le litearthacht/uimhearthacht
  • ·      croífhoireann litearthachta/uimhearthachta a bhunú
  • ·      freastal ar chúrsaí ábhartha/páirt a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil leanúnach agus tuairisciú don fhoireann ina leith
  • ·      socrú go dtapódh roinnt den fhoireann deiseanna san fhorbairt ghairmiúil leanúnach
  • ·      socrú go ndéanfaí eolas iomchuí a scaipeadh maille le heolas chun dáta i measc na foirne (tionscnaimh, polasaithe, taighde reatha)
  • ·      rochtain a fháil ar acmhainní agus iad a eagrú
  • ·      tuismitheoirí agus an pobal i gcoitinne a spreagadh le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí litearthachta/uimhearthachta
  • ·      comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh litearthachta/uimhearthachta sa rang agus sa scoil (Scríobh leabhar, Lift Off to Literacy, Scéimeanna léitheoireachta, Scéimeanna matamaitice, Scéimeanna Labharthachta, srl.)
  • ·      cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid na litearthachta/na huimhearthachta sa saol laethúil
  • ·      éascú a dhéanamh ar chomhtháthú na litearthachta/na huimhearthachta ar bhealach cuspóireach ar fud an churaclaim agus ar fud gach rannóg ábhair

Cé go n-aithnítear gur ar an bPríomhoide atá an dualgas an Nascmhúinteoir a roghnú, d’fhéadfadh an liosta seo a leanas a bheith ina threoir agus ball den fhoireann á roghnú le bheith ina Nascmhúinteoir:

  • ·      duine le spéis ar leith i gcur chun cinn na litearthachta/na huimhearthachta sa scoil
  • ·      duine le cumas léirithe de bheith ag obair i gcomhar leis an bPríomhoide agus leis an gcuid eile den fhoireann
  • ·      duine le cumas léirithe ceannaireachta ó thaobh an chuid eile den fhoireann a spreagadh agus éascú a dhéanamh ar phróiseas an athraithe
  • ·      duine a bhfuil tuiscint acu ar an bpróiseas féinmheastóireachta scoile agus a ról i bhfeabhsú na scoile
  • ·      duine le scileanna sármhaithe cumarsáide

Maidir le hainmniú Nascmhúinteoirí Iar-bhunscoile (Uimhearthacht) bheadh sé níos fearr múinteoirí Matamaitice a ainmniú. D’ainmniú Nascmhúinteoirí (Litearthacht) moltar gur féidir aon mhúinteoir ábhar a ainmniú. Bheadh sé riachtanach go mbeadh an nascmhúinteoir litearthachta tiomanta don Ghaeilge agus don dea-chleachtas teagaisc agus foghlama.

Táthar ag súil gurb é/í an Nascmhúinteoir ag an iar-bhunleibhéal a bheidh ar an bpríomhtheagmálaí idir an scoil agus an SFGM maidir le litearthacht agus uimhearthacht. 

Ar ais