Seimineár 2 - Do nascmhúinteoirí Litearthachta sna hiarbhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge

Ag leanúint ón tacaíocht a chuireamar ar fáil i mí Eanáir do nascmhúinteoirí litearthachta, reáchtáil an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) an dara seimineár lae do nascmhúinteoirí Litearthachta sna hiarbhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge’.

B' é cuspóir an tseimineáir seo ná tógáil ar an obair a rinneadh ar Lá 1 trí threoir agus tacaíocht a thabhairt maidir le ról an nascmhúinteora agus forbairt na litearthachta i gcomhthéacs na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta agus na Féinmheastóireachta Scoile. 

Is féidir teacht ar na hacmhainní a dáileadh ag an seimineár ag bun an leathanaigh.