Fáilte chuig an leathanach atá ag Foireann Bunscoil STEM an tSFGM (PDST) i gcomhair Seachtain na Mata 2022. Tá ríméad an domhain orainn obair i gcomhpháirtíocht le Scoilnet chun gníomhaíochtaí spraíúla a chur ar fáil daoibh. An aidhm atá againn i mbliana ná aird a dhíriú ar na bealaí gur féidir Matamaitic agus Litearthacht a fí le chéile ag baint úsáide as leabhair phictiúr.
Is fachtóir tábhachtach é i leathnú oideachas an pháiste comhthathú na matamaitice le hábhar eile léinn… De ghnath ní dhéanann páistí ceangal idir obair in ábhar léinn amháin agus obair in ábhar léinn eile a aithint as a stuaim féin, agus mar sin tá sé tabhachtach go dtabharfaí cabhair dóibh lena thuiscint go bhfuil matamaitic úsáideach dóibh in ábhair léinn éile… Cuireann comhtháthú le taitneamh an pháiste sa mhatamaitic, spreagann sé suim bhreise san ábhar ann/inti, agus cothaíonn sé aistriú foghlama (CMB, 1999, lch. 46).
Tríd na gníomhaíochtaí seo a leanas, ba mhaith linn an chruthaitheacht a bhaineann le scéalta agus an seanchas (teanga ó bhéil agus teanga scríofa) a fí le Matamaitic. Ag baint úsáide as an gcuir chuige spraíúil seo, is féidir le daltaí, a bheith ag obair go haonarach nó i ngrúpa, chun a dteanga agus a gcoincheapa Matamaitice a fhorbairt. Tá na hacmhainní seo ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Tá lánchéad na tascanna seo a leasú do na daltaí i do rang.
Bain taitneamh as na gníomhaíochtaí seo le do dhaltaí agus roinn griangrafanna linn ar Twitter ag clibeáil @PDSTPrimarySTEM & @ScoilnetPrimary. Ba bhreá linn na daltaí a fheiceáil i mbun oibre.
Cliceáil ar an cnaipe thíos chun teacht ar thascanna molta do na ranganna éagsúla.
Failtiú roimh Daltaí Nua chuig do Rang |
---|
The Primary STEM team has compiled a padlet of a variety of Maths, Science and STEM resources to support playful approaches to teaching and learning in your classroom. Some activities may initially need to be modelled for pupils learning an additional language. Pupils may also find visual aids supportive. For more playful STEM ideas, please see the resources for our ‘STEM and Play’ Webinar at: https://www.scoilnet.ie/stem_sa_bhaile/play. Both our ‘STEM and Play’ and ‘Play-based Maths & Science’ webinars can be viewed at https://www.pdst.ie/primary/stem/webinars .
The NCSE, in collaboration with the Institute of Physics, has published a variety of science activities with a numeracy focus. The resources are available in English, Irish, Ukranian and Russian.
Cliceáil ar an cnaipí thíos chun teacht ar na hacmhainní.
Foireann Bunscoil STEM an tSFGM (PDST) |
---|
![]() |
Fáilte chuig an leathanach Bunscoile. STEM Tá sé mar aidhm ag bhFoireann Bunscoil STEM raon d’eispéiris forbartha gairmiúla ardchaighdeáin a sholáthar, a chumasaíonn múinteoirí agus scoileanna an t-oideachas is fearr is féidir a sholáthar do gach dalta. |
![]() |
Coinnigh ar an eolas faoi imeachtaí atá le teacht agus faoin nuacht is déanaí trí sinn a leanúint ar Twitter @PDSTPrimarySTEM |
Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht inscoile sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht, tabhair cuairt ar https://dms.pdst.ie/support/login |