Matamaitic na hIdirbhliana

 

Fuarthas roinnt torthaí agus moltaí suimiúla i dtuarascáil a rinne an Foras Taighde ar Oideachas le déanaí dar teideal Mathematics in Transition Year: Insights of Teachers from PISA 2012. Seo a leanas cuid de na moltaí a bhí sa tuarascáil:

 

Agus an mhatamaitic á múineadh san Idirbhliain, ba chóir do scoileanna agus do mhúinteoirí díriú ar dhaltaí a spreagadh le bheith níos gníomhaí ó thaobh na Matamaitice de, agus cur le muinín na ndaltaí as a gcumas matamaiticiúil.  Ba cheart go dtabharfaí tús eolais ar ghairmréimeanna sa mhatamaitic i dteagasc na matamaitice, agus ba cheart go gcuirfí na daltaí ar an eolas faoi na riachtanais mhatamaitice agus faoin ábhar matamaitice a ghabhann le cúrsaí tríú leibhéal. Ba chóir úsáid ranganna matamaitice de chumas measctha a chur chun cinn ní ba mhó san Idirbhliain. D’fhéadfadh an Idirbhliain deis a thabhairt an cumas agus na scileanna matamaitice a foghlaimíodh sa tsraith shóisearach a dhaingniú, agus iad seo a fhorbairt ar shlí a bheadh ina gclochán úsáideach chuig cúrsa nua na hArdteistiméireachta.

 

Cliceáil anseo le hamharc ar smaointe agus straitéisí a mholtar le haghaidh Mhatamaitic na hIdirbhliana a dhéanann iarracht dul i ngleic le cuid de na moltaí ó thuarascáil an Fhorais Taighde ar Oideachas.