Tugtar le fios i dtaighde go bhfuil baint mhór ag an teanga mhatamaiticiúil le feabhas na scoláirí san uimhearthacht. Tá comhsheasmhacht maidir leis an teanga mhatamaiticiúil a chloiseann na scoláirí ar fud an churaclaim thar a bheith tábhachtach.
Seo a leanas gluais de théarmaí matamaiticiúla. Ceapadh an ghluais chun scoláirí/tuismitheoirí/múinteoirí a chur ar an eolas faoin stór focal agus faoi bhrí na dtéarmaí matamaitice ar dócha gur tháinig scoláirí orthu sa bhunscoil agus a dtiocfaidh siad orthu nuair a bhaineann siad an mheánscoil amach. Tagtar ar chuid mhór de na téarmaí seo i snáitheanna éagsúla na sraithe sóisearaí, ach ní liosta cuimsitheach é don Teastas Sóisearach. Roghnaítear na sainmhínithe agus na samplaí anseo go sonrach lena n-úsáid i rang 5 agus i rang 6 i matamaitic na bunscoile agus i matamaitic na sraithe sóisearaí sna hiar-bhunscoileanna in Éirinn.
CNCM/SFGB: Gluais Mhatamaiticiúil
Tugann eiseamláir an Dr Máire Ní Ríordáin cur chuige i leith stór focal matamaiticiúil a theagasc a d’fhéadfaí a chur in oiriúint do théarmaí matamaiticiúla eile.
Réim Teanga Mhatamaiticiúil an Dr Máire Ní Ríordáin
Rinneadh an paca acmhainní seo a phleanáil agus a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na huimhearthachta agus na litearthachta uimhriúla i scoileanna TSCS agus, go háirithe, gnéithe na litearthachta uimhriúla a bhaineann le stór focal, teanga agus cumarsáid. Tabhair faoi deara nach bhfuil an tsraith seo de “Keywords of Numeracy” uileghabhálach agus féadfaidh múinteoirí cur leis an tsraith agus í a bhreisiú de réir mar is gá.
Rinneadh an leabhar acmhainne Key Definitions in Numeracy a phleanáil agus a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na huimhearthachta agus na litearthachta uimhriúla i scoileanna TSCS. Faightear sainmhínithe achoimre agus sainmhínithe atá áisiúil do scoláirí ar eochair-choincheapa, ar phróisis agus ar théarmeolaíocht uimhearthachta sa leabhar acmhainne seo. Tá sraith bhreise de phríomhfhoirmlí tomhais ar fáil freisin.