Tugann taighde le fios go bhfoghlaimíonn daltaí matamaitic mar thoradh ar fhadhbanna a réiteach. Eascraíonn smaointe matamaiticiúla as taithí ar réiteach fadhbanna seachas as gnéithe nach mór a theagasc roimh réiteach fadhbanna. (Hiebert et al., 1996, 1997) Lena chois sin, tá an próiseas a bhaineann le réiteach fadhbanna fite fuaite go hiomlán leis an bhfoghlaim; foghlaimíonn páistí matamaitic trí mhatamaitic a dhéanamh agus trí mhatamaitic a dhéanamh foghlaimíonn siad matamaitic. (Cai, 2010) Seo a leanas roinnt fadhbanna agus réiteach ó shuíomh Idirlín nrich. D’fhéadfaí iad seo a úsáid i ranganna éagsúla nó d’fhéadfaí iad a úsáid i gcomhair ábhar fhadhb na seachtaine.
Fadhbanna maidir le hIonadluach, Slánuimhreacha, Cur in Ord agus Slánú
Réitigh maidir le hIonadluach, Slánuimhreacha, Cur in Ord agus Slánú
Fadhbanna maidir le Fachtóirí, Iolraithe agus Uimhreacha Príomha
Réitigh maidir le Fachtóirí, Iolraithe agus Uimhreacha Príomha
Cuidíonn eochairscileanna le foghlaimeoirí an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí a fhorbairt a theastaíonn chun an iomad dúshlán i ndomhan na linne seo a shárú. Tugann siad tacaíocht do dhaltaí freisin maidir leis an dóigh a bhfoghlaimítear a fhoghlaim agus a bheith freagrach as a gcuid foghlama féin. Seo a leanas naisc le trí eochairscil i gcreatlach nua na Sraithe Sóisearaí.
Eolas agus Smaointeoireacht a Bhainistiú