Léigh an fhaisnéis seo a leanas sula ndéanann tú iarratas ar oiliúint i gcomhair Breith ar an Léitheoireacht ag íochtar an leathanaigh |
---|
Cad is Breith ar an Léitheoireacht ann? |
---|
Clár litearthachta scoilbhunaithe, gearrthéarmach is ea Breith ar an Léitheoireacht do leanaí i Naíonáin Shinsearacha nó i Rang a hAon (idir cúig bliana, naoi mí agus sé bliana, sé mhí) arna sainaithint ar na gnóthachtálaithe litearthachta is ísle sa chéad bhliain ar scoil. Sa chlár seo, tá diancheachtanna duine ar dhuine ar siúl ar feadh 30 nóiméad sa lá (le ham athraithe cothrom le 2.5 uair an chloig in aghaidh an lae) le múinteoir Breith ar an Léitheoireacht a bhfuil oiliúint speisialta faighte aige/aici ar feadh idir 12 agus 20 seachtain. Chun é a fhorfheidhmiú i gceart teastaíonn múinteoirí ar saineolaithe iad a mbeidh am agus do thacaíocht agus dílseacht iomlán ag teastáil uathu do chlár a bhfuil sé cruthaithe a oibríonn. Is é an sprioc go bhforbróidh leanaí straitéisí éifeachtacha léitheoireachta agus scríbhneoireachta d’fhonn oibriú laistigh den ghnáthraon feidhmíochta sa seomra ranga.
Tá an ráta ratha de Bhreith ar an Léitheoireacht in Éirinn an-ard. As an 2,663 leanbh a bhí páirteach san Idirghabháil Breith ar an Léitheoireacht in 2016/17, d’fhill 85.5% chuig a rang ag nó os cionn an mheá ghnóthachan dá bpiaraí tar éis idirghabháil duine le duine 19.7 seachtaine ar an meán. As an 14.5% nár bhain an meán ranga amach, tá i bhfad níos lú dúshláin ann do na leanaí seo mar léitheoirí agus tá dul chun cinn déanta acu. Féadann na sonraí ardchaighdeáin, a bhailítear i rith fhorfheidhmiú na hidirghabhála Breith ar an Léitheoireacht, treoir bhreise a thabhairt nuair atá aon tacaíochtaí breise a theastaíonn ón dalta á bpleanáil.
Céard a tharlaíonn sa chéad bhliain den Oiliúint Forbartha Gairmiúla (IPD)? |
---|
Le hoiliúint a fháil mar mhúinteoir Breith ar an Léitheoireacht, caithfear páirt a ghlacadh i gclár Forbairt Ghairmiúil Tosaigh Breith ar an Léitheoireacht creidiúnaithe arna mhúineadh ag ceannaire múinteora i gceann de sheacht n-ionad in Éirinn. Bronnfar teastas ón Institute of Education, University College London ar mhúinteoirí a n-éiríonn leo an cúrsa a chríochnú.
Caithfidh an múinteoir faoi oiliúint:
- Freastal ar 20-22 seisiún oiliúna nach gcuirtear ionad ar fáil dóibh ina nIonad Breith ar an Léitheoireacht ainmnithe
- Oibriú le ceathrar páistí ar bhonn aonair ag aon am amháin, ar feadh leathuair an chloig gach lá (50% den ghnátham teagaisc)
- Freagracht a roinnt lena ngrúpa Oiliúna (idir 10 agus 12 múinteoirí) as ceachtanna beo a theagasc taobh thiar de scáth dhá bhealach a ndéanfaidh an grúpa breathnú, anailís agus plé orthu.
- Tacaíocht bhreise a fháil, a cheaptar go sonrach de réir riachtanais áirithe an mhúinteora agus na scoile, i bhfoirm idir ceithre agus sé chuairt ón gCeannaire Múinteora Breith ar an Léitheoireacht
- Cuairteanna breathnaithe a dhéanamh ar chomhghleacaithe Breith ar an Léitheoireacht agus glacadh le cuairteanna uathu
- Sonraí a chur isteach nuair a iarrtar
Iarrtar ar an scoil freisin múinteoir eile a scaoileadh saor chun oiliúint a fháil mar Mhúinteoir Naisc Breith ar an Léitheoireacht a thacóidh leis an Múinteoir Breith ar an Léitheoireacht le measúnuithe. Is lá oiliúna é seo nach gcuirtear ionadaíocht ar fáil len’ aghaidh.
Céard a tharlaíonn tar éis na bliana oiliúna? |
---|
Tar éis an bhliain oiliúna a dhéanamh, déanfaidh an múinteoir Breith ar an Léitheoireacht na nithe seo a leanas
- Breith ar an Léitheoireacht a mhúineadh do leanaí (ceithre uair an chloig sa lá go hiondúil)
- Freastal ar sheisiúin forbartha gairmiúla leanúnaí nach gcuirtear ionadaíocht ar fáil ina leith sé lá sa bhliain
- Cuairteanna scoile agus tacaíocht a fháil ó Cheannaire Múinteora
- Cuairt chomhghleacaí a fháil agus a dhéanamh
- Sonraí a bhailiú agus a chur isteach
- An fhianaise ó thuarascálacha bliantúla a úsáid chun tuilleadh pleanála a shocrú
- Leanúint ag obair mar mhúinteoir Breith ar an Léitheoireacht, ar feadh tréimhse cúig bliana go hiondúil
Tabhair faoi deara, mar gheall ar an líon ard scoileanna agus leanaí atá ag fanacht ar áiteanna agus costas na hoiliúna, táthar ag súil go ndéanfaidh príomhoidí spás san amchlár le go dtógfaidh múinteoirí Breith ar an Léitheoireacht riar cásanna iomlán (ceathrar leanaí sa lá go hiondúil). Seans nach dtabharfar áiteanna oiliúna eile do scoileanna a bhfuil múinteoirí Breith ar an Léitheoireacht oilte acu agus nach bhfuil an clár á fhorfheidhmiú go dílis acu (e.g. beirt mhúinteoirí Breith ar an Léitheoireacht ag obair le beirt leanaí sa lá).
Múinteoir a roghnú lena chur i gcomhair oiliúna |
---|
Agus breith á déanamh ar cén múinteoir le cur chun cinn i gcomhair oiliúna, iarraimid ar phríomhoidí na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara:
Riachtanach
- Múinteoirí buana, probháidithe atá ar scoil cúig lá sa tseachtain.
- Atá ar fáil le freastal ar gach seisiún oiliúna ar feadh na bliana
- Iarrthóir deonach atá sásta é féin a cheangal le cúrsa a bhfuil éilimh mhóra ag baint leis
- Atá sásta saineolas a roinnt agus tionscnaimh litearthachta a threorú sa scoil
Inmhianaithe
- Taithí luathbhlianta
- Fuinniúil agus eagraithe
- Solúbtha
- Sásta machnamh a dhéanamh
An bhfuil Breith ar an Léitheoireacht oiriúnach do mo chomhthéacs scoile? |
---|
D’fhonn Breith ar an Léitheoireacht a fhorfheidhmiú teastóidh na nithe seo a leanas uait
- Cohórt 8-10 léitheoirí ar a laghad atá ag streachailt a bheith agat idir cúig bliana agus naoi mí agus sé bliana agus sé mhí
- An múinteoir Breith ar an Léitheoireacht a chur ar an gclár ama le hoibriú le ceathrar leanaí go haonarach gach lá ar feadh 30 nóiméad in aghaidh an linbh (2.5 uair an chloig agus am athraithe san áireamh)
- Iompar na leanaí chuig an ionad Breith ar an Léitheoireacht a eagrú (beirt sa bhliain ar a laghad) lena dteagasc ag do mhúinteoir taobh thiar de scáth dhá bhealach
- Tiomantas a thabhairt chun an múinteoir a leithdháileadh chun oibriú mar mhúinteoir Breith ar an Léitheoireacht le riar cásanna iomlán ar feadh tréimhse thart ar cúig bliana
- A chinntiú go bhfuil do mhúinteoir Breith ar an Léitheoireacht in ann a c(h)eathrar leanaí a mhúineadh gach lá agus nach bhfuil dualgais eile air a chuirfeadh isteach ar chlár Breith ar an Léitheoireacht.
- An múinteoir Breith ar an Léitheoireacht a scaoileadh saor sé lá in aghaidh na bliana le freastal ar oiliúint Forbartha Gairmiúla Leanúnaí ag a n-ionad Breith ar an Léitheoireacht tar éis a n-oiliúint thosaigh.
- Freastal ar an lá eolais do phríomhoidí.
Áiteanna Breith ar an Léitheoireacht a Leithdháileadh |
---|
Tabhair faoi deara go bhfuil ró-éileamh ar Breith ar an Léitheoireacht. Leithdháiltear áiteanna a chéaduair de réir stádas DEIS.
Ach, sna cásanna seo a leanas, d’fhéadfaí áiteanna oiliúna breise a dhiúltú do scoileanna d’ainneoin a stádas i gcás
- Go bhfuil dóthain múinteoirí Breith ar an Léitheoireacht oilte acu ar an bhfoireann cheana féin chun an clár a chur i bhfeidhm
- Nach bhfuil cohórt leordhóthanach de léitheoirí atá ag streachailt ag an scoil (8-10 foghlaimeoirí litearthachta atá ag streachailt ar a laghad sa réimse aoise 5 bliana, naoi mí go 6 bliana, sé mhí a bhfuil bliain amháin déanta acu ar scoil) chun an clár a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach
- Nach bhfuil an clár á chur i bhfeidhm chun an tionchar is mó agus is féidir a imirt faoi láthair (e.g. 2 mhúinteoirí Breith ar an Léitheoireacht ag tógáil beirt leanaí in ionad ceathrar an duine)
- Go bhfuil an múinteoir Breith ar an Léitheoireacht reatha ag filleadh ar an rang príomhshrutha tar éis níos lú ná cúig bliana a chaitheamh i ról Breith ar an Léitheoireacht
Tabhair faoi deara nach féidir áit a thairiscint i gcúinsí ar bith do scoil nach bhfuil iarratas déanta aici ar áit (lena n-áirítear cásanna ina gcailleann scoileanna múinteoir go tobann tar éis an spriocdháta chun iarratais a fháil).
Cinntigh gur léigh tú an fhaisnéis thuas ar fad sula ndéanann tú iarratas i gcomhair 2019/20 ANSEO |
---|
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas do scoilbhliain 2019/20 ná Déardaoin, 4 Aibreán ag a 5pm. Cuirfear in iúl do na scoileanna ar fad a bhfuil iarratas déanta acu i scríbhinn cibé ar éirigh lena n-iarratas nó nár éirigh faoi dheireadh Mheithimh 2019.