Nuacht na hIdirbhliana
Lámhleabhar: An Idirbhliain – Pleanáil Cláir a Iniúchadh
Clár Oideachas Forbartha
RSA – An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Seirbhís Oideachais Náisiúnta um Shábháilteacht ar Bhóithre
Eispéireas na Scoláirí a Iniúchadh
ROCHTAIN A CHUMASÚ Ó GHLÚIN GO GLÚIN – MODÚL NUA RÍOMHFHOGHLAMA FAOI FHEASACHT AR MHÍCHUMAS DEIMHNITHE AG AN ÚDARÁS NÁISIÚNTA MÍCHUMAIS
D’fhéadfadh sé go mbeadh spéis ag comhordaitheoirí na hIdirbhliana atá ag pleanáil don bhliain seo chugainn i Modúl nua arna cheapadh ag Gréasán Oifigeach Rochtana na nÚdarás Áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an modúl foghlama seo forás pearsanta, sóisialta agus oideachasúil dhaltaí na hIdirbhliana a chur chun tosaigh trí bhéim shonrach a leagan ar fhreagracht na scoláirí féin i bhfoghlaim, in obair ghrúpa, i bhfoghlaim bunaithe ar ghníomhaíocht agus in ullmhúchán do thaithí oibre.
Críochnóidh scoláirí na hIdirbhliana Modúl Ríomhfhoghlama faoi Fheasacht ar Mhíchumas deimhnithe ag an Údarás Náisiúnta Míchumais, rud a thabharfaidh deis dóibh an leas is mó a bhaint as úsáid na teicneolaíochta ríomhaire ar dhóigh nach bhféadfadh a bheith indéanta i gcúrsaí scrúdaithe. Ina theannta sin, soláthraíonn an tionscnamh seo deis do scoláirí na hIdirbhliana a bheith páirteach i gcur chuige idirdhisciplíneach maidir le foghlaim ina bhfuil na gnéithe sóisialta agus geilleagracha de mhíchumas, de chomhionannas agus d’éagsúlacht chun tosaigh i gcomórtas dámhachtana. Ceapadh an dá ghné chun aonaid foghlama phríomhshrutha na hIdirbhliana a chomhlánú agus chun tacú leis an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil i ndearadh an churaclaim. Tá an modúl foghlama seo ina mhodúl solúbtha sa dóigh is gur féidir é a oiriúnú le bheith fóirsteanach do cheann ar bith de na ceithre chiseal de Chlár na hIdirbhliana.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil nó chun do spéis/rún sa mhodúl foghlama seo a úsáid, déan teagmháil le:
[email protected] | Guthán: | 01 2047269 |
[email protected] | Guthán: | 053 9196418 |
Féach ar leabhrán agus clúdach an mhodúil
TASC IDIRBHLIANA ‘CIORCAL AN TSAOIL’
Díríonn an tionscadal náisiúnta seo ar dheonú orgáin, ar cúis altrúíoch agus saibhrithe ó thaobh sochaí de é, ach tá cuspóir an-sainiúil ina chuid lárnach aige; is é sin, rannpháirteachas na ndaoine óga, trí Chlár na hIdirbhliana, i ngarraí náisiúnta cuimhneacháin a chruthú do dheontóirí orgáin, a bheidh suite i mBóthar na Trá, Gaillimh. Cé go mbeadh cuid mhór tairbhithe náisiúnta agus áitiúla ag an tionscadal seo, lena n-áirítear cur chun cinn na tarrthála saoil a bhaineann le deonú orgáin, d’fhéadfadh sé a bheith ina thairbhe mhór oideachasúil/chultúrtha agus shochaíoch do na scoláirí agus na scoileanna lena mbaineann. Tá an tionscadal á chur i láthair agus á eagrú ag Fondúireacht Deontóirí Strange Boat a chuirfeadh fearadh na fáilte roimh thuairimí agus roimh fhreagraí Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana. Téigh chuig www.strangeboat.org
EISEAMLÁIRÍ DE DHEA-CHLEACHTAS A CHOMHROINNT
Táimid ag iarraidh ar Mhúinteoirí faoi láthair a gcuid pleananna ábhair/modúil a chomhroinnt le comhghleacaithe. Má tá tú toilteanach do phlean ábhair/modúil a chomhroinnt le daoine eile, déan an teimpléad faoi iamh a chomhlánú agus a chur ar aghaidh chuig Seirbhís Tacaíochta na hIdirbhliana lena chur san áireamh i rannán an churaclaim den suíomh idirlín seo.
Ríomhphost: [email protected]
Fondúireacht SCOOP
Chun seoladh ár nAcmhainne Oideachais do Dhaltaí Meánscoile a cheiliúradh, táimid ag taispeáint an chláir faisnéise:
Sa chlár faisnéise, insítear scéal trí theaghlach atá ina gcónaí sa Chambóid sa lá atá inniu ann de réir mar a théann siad i ngleic leis na roghanna deacra arb iad mearfhorbairt is cúis leo agus de réir mar a streachlaíonn siad lena modhanna traidisiúnta maireachtála a choinneáil agus an saol nua-aimseartha ag teacht chun cinn timpeall orthu.
Bronnadh Mórdhuais Choiste an Chineama Dhomhanda air