Oideachas Reiligiúnach na Sraithe Sinsearaí

Fáilte! 


 
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD)

 

 

 

 


 

Nuacht

Rinneadh na hacmhainní seo a leanas a uaslódáil chuig an suíomh Idirlín:
 
  • Cén fáth ar cheart duit staidéar a dhéanamh ar Oideachas Reiligiúnach na hArdteistiméireachta?
  • Obair Chúrsa na hArdteistiméireachta
 
Tá siad ar fáil le hamharc orthu agus le híoslódáil ón leathanach Acmhainní  Curaclaim

George Boole (1815 - 1864)

 

Is é an 2 Samhain 2015 comóradh 200 bliain ó rugadh George Boole.

Tá sé i gceist ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí thar ceann  ATECI, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh  agus le cúnamh NAPD, IPPN, SFGM, IOP agus le tacaíocht fhlaithiúil EMC go mbeadh gach scoláire scoile sa tír ag déanamh ceachta bunaithe ar shaothar George Boole ar an lá sin.

Má tá smaointe nó moltaí agat faoin gcaoi ar mhaith leat an comóradh céad bliain a cheiliúradh i do scoil nó réigiún, seol ríomhphost chuig Ruairí Ó Céilleachair ag boole200project@gmail.com

 

 

 

Clárú do Mhúinteoirí  Oideachais Reiligiúnaigh 

Cláraigh do chuid sonraí   le hOideachas Reiligiúnach SFGM  ionas go dtig linn an scéal agus an fhaisnéis is deireanaí a thabhairt duit. Cliceáil anseo  le clárú.


I gComhair Tacaíocht Scoilbhunaithe

Féadfaidh gach scoil iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ábhar–bhunaithe. Chun tacaíocht scoilbhunaithe a fháil i gcomhair Oideachas Reiligiúnach: Lean an nasc seo chuig ár bhfoirm ar líne .

 

I gcomhair Tuilleadh Tacaíochta

Cuireann Cumann Múinteoirí Oideachais Reiligiúnaigh na hÉireann (RTAI) cúrsaí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí, seimineáir, ceardlanna agus laethanta acmhainní ar fáil freisin chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí iar-bhunscoile Oideachais Reiligiúnaigh in Éirinn.  Comhoibríonn SFGM le RTAI.  Téigh chuig  http://www.rtai.ie/ i gcomhair tuilleadh faisnéise. 

 

Teagmháil SFGM:

Is í Karen O’Loughlin an Riarthóir agus tá sí lonnaithe in   Ionad Oideachais an Chláir, Tithe an Rialtais, Bóthar Chill Rois, Inis, Co. an Chláir. 

Seoladh ríomhphoist:  karenoloughlin@pdst.ie