Uimhearthacht
Láithreoireachtaí ó Laethanta Naisc Uimhearthachta
Uimhearthacht – Lá Naisc 1
Uimhearthacht – Lá Naisc 2
Cineálacha Cuir Chuige Choitianta i leith na hUimhearthachta
B’fhéidir go mbeidh na heiseamláirí a leanas úsáideach do scoileanna le linn cur chuige coitianta a ghlacadh i leith réimsí éagsúla uimhearthachta. Moltar go gcomhaontóidh roinn na matamaitice leis an gcur chuige coitianta a chéaduair sula gcuirfear i bhfeidhm é sa scoil uile. Beartaítear na cineálacha cuir chuige seo a úsáid sa churaclam ar fad d’fhonn comhsheasmhacht i dteagasc agus i bhfoghlaim na huimhearthachta san uile ábhar a fheabhsú. Féadtar na cineálacha cuir chuige coitianta a sholáthraítear a phriontáil mar chairteacha A3 le timpeallacht a chruthú atá saibhir ó thaobh na huimhearthachta de.
Cur Chuige sa Scoil Uile maidir le Réiteach Fadhbanna
Tionscnamh Ceistiúcháin na Scoile Uile
Teanga Mhatamaiticiúil
Tugann taighde le fios go mbíonn baint mhór ag an teanga mhatamaiticiúil le rath na scoláirí san uimhearthacht. Tá comhsheasmhacht na teanga a chloiseann na scoláirí thar a bheith tábhachtach.
Tugann eiseamláir an Dr Máire Ní Ríordáin cur chuige i leith stór focal matamaiticiúil a theagasc a d’fhéadfaí a chur in oiriúint do théarmaí matamaiticiúla eile.
Réim Teanga Mhatamaiticiúil an Dr Máire Ní Ríordáin
Rinneadh an paca acmhainní seo a phleanáil agus a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na huimhearthachta agus na litearthachta uimhriúla i scoileanna CSTS agus, go háirithe, gnéithe na litearthachta uimhriúla a bhaineann le stór focal, teanga agus cumarsáid. Tabhair faoi deara nach bhfuil an tsraith seo de “Keywords of Numeracy” uilechuimsitheach agus féadfaidh múinteoirí cur leis an tsraith agus í a leathnú de réir mar is gá.
Rinneadh an leabhar acmhainne Key Definitions in Numeracy a phleanáil agus a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na huimhearthachta agus na litearthachta uimhriúla i scoileanna CSTS. Faightear sainmhínithe achoimre agus sainmhínithe atá áisiúil do scoláirí ar choincheapa, ar phróisis agus ar théarmeolaíocht thábhachtach uimhearthachta sa leabhar acmhainne seo. Tá sraith bhreise de phríomhfhoirmlí tomhais ar fáil freisin.
Leideanna do Mhúinteoirí ó Mhúinteoirí
Acmhainn é seo a cuireadh i dtoll a chéile d’fhonn béim a leagan ar straitéisí agus ar smaointe praiticiúla chun cumas uimhearthachta a fheabhsú i scoileanna ar fud na tíre. Fuarthas na smaointe ó dhaoine atá ina múinteoirí faoi láthair. Cliceáil anseo chun PDF den leabhar a íoslódáil.