Page Content Category:
An t-eagrán is déanaí de Ezine SciFest
Clárú lenár mbunachar sonraí
Cliceáil anseo chun clárú lenár mbunachar sonraí.
Ceardlanna an Fhómhair 2016
Fógrófar ceardlanna go luath. Clárúcháin tríd an nasc seo amháin http://pdst.ie/onlinebooking
AMGEN Teach |
---|
Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus iad ag foghlaim faoin Eolaíocht.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach. Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla sna hEolaíochtaí. Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn.
Eagróidh SFGM ceardlanna Obair Chúrsa-B in 2016-2017 Osclóidh iarratais ar an Luan an 14 Samhain |
EZINE SCIFEST – MEÁN FÓMHAIR 2016
Cliceáil anseo chun an leabhrán Foirmlí agus Táblaí a fháil - faofa lena úsáid sna scrúduithe stáit.
George Boole (1815 - 1864)
Is é an 2 Samhain 2015 comóradh 200 bliain ó rugadh George Boole.
Tá sé i gceist ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chorcaí thar ceann ATECI, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus le cúnamh NAPD, IPPN, SFGM, IOP agus le tacaíocht fhlaithiúil EMC go mbeadh gach scoláire scoile sa tír ag déanamh ceachta bunaithe ar shaothar George Boole ar an lá sin.
Má tá smaointe nó moltaí agat faoin gcaoi ar mhaith leat an comóradh céad bliain a cheiliúradh i do scoil nó réigiún seol ríomhphost chuig Ruairí Ó Céilleachair ag [email protected]
COMHDHÁIL NÁISIÚNTA SCIENTIX |
---|
Reáchtáladh ár gcéad Chomhdháil Náisiúnta Scientix don Eolaíocht Talmhaíochta ar an 22 Samhain in Ollscoil Luimnigh. Lá praiticiúil a bhí ann agus bhí os cionn 100 múinteoir i láthair. Buíochas le gach duine a bhí i láthair agus a chuir go mór leis an lá.
Tá léargas ginearálta ar an lá le fáil thíos.
Rinne George Dennis léiriú ar Tástáil Gerber i gcomhair Méid Saill Ime i mBainne.
Cuireadh é seo agus físeáin eile lena n-áirítear dioscadh iomlán caorach agus muice athchogantach agus neamh-athchogantach, arna dhéanamh ag Teagasc i Meánscoil na Toirbhearta, Cill Bheagáin, do Scoláirí na hArdteistiméireachta, ar fáil ag cúrsa eolaíocht talmhaíochta an earraigh.
Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD) |
---|
AMGEN TEACH
Tá sé mar aidhm ag Amgen Teach suim agus éachtaí scoláirí a dhoimhniú san Eolaíocht trí chumas múinteoirí eolaíocht saoil meánscoile a láidriú chun straitéisí teagaisc bunaithe ar fhiosrú a úsáid sa seomra ranga. Úsáideann Amgen Teach ceardlanna oiliúna agus imeachtaí cianfhoghlama chun na scileanna agus an mhuinín riachtanach a thabhairt d’oideachasóirí a theastaíonn uathu chun taithí an scoláire a athrú agus é ag foghlaim faoin Eolaíocht.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit freastal ar an tionscnamh Eorpach Amgen Teach. Deis iontach í seo le páirt a ghlacadh i sraith ceardlann forbartha gairmiúla sna hEolaíochtaí. Tairgeann na ceardlanna sin uasoiliúint do mhúinteoirí i réimsí atá ar aon dul le forbairtí nua in oideachas Eolaíochta in Éirinn.
Tacaíonn Scientix le comhar ar fud na hEorpa i measc múinteoirí STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), le taighdeoirí oideachais, leis an lucht déanta beartas agus le gairmithe oideachais eile STEM. Déanann sé an comhar sin a chur chun cinn freisin.
Is í SFGM an pointe teagmhála náisiúnta do Scientix in Éirinn.
Féach ar a suíomh Idirlín, scientix.ie i gcomhair acmhainní, faisnéise agus deiseanna ceardlainne idirnáisiúnta ar STEM.
Ciorclán maidir le Measúnú Praiticiúil na hArdteistiméireachta 2014
Tar éis athbhreithniú ar shocruithe i gcomhair measúnú ar Eolaíocht Talmhaíochta ag leibhéal na hArdteistiméireachta, eisíodh treoirlínte nuashonraithe
Tagann na treoirlínte seo in ionad treoirlínte a eisíodh roimhe seo agus tá siad éifeachtach d’iarrthóirí atá ag tosú ar an gclár dhá bhliain in Eolaíocht Talmhaíochta na hArdteistiméireachta i Meán Fómhair 2012 agus a rachaidh faoi mheasúnú i scrúdú na hArdteistiméireachta in 2014 agus ina dhiaidh sin.
Treoirlínte Nua um Measúnú Praiticiúil
Tá treoirlínte nua maidir le hobair tionscadail ar fáil le híoslódáil anseo
Nuacht