Bí Sábháilte – Tuismitheoirí

Céard a dhéanann An Clár Bí Sábháilte?

Is é aidhm an Chláir Bí Sábháilte scileanna um shábháilteacht phearsanta a mhúineadh do leanaí ionas gur féidir leo aire a thabhairt dóibh féin i gcásanna a d’fhéadfadh cur isteach orthu nó a bheith contúirteach.   Pléitear cásanna coitianta ann i dtosach a dtiocfaidh leanaí trasna orthu ag am éigin, e.g. dul amú nó fulaingt de bharr bulaíochta.   Múintear sa chlár freisin na scileanna sábháilteachta riachtanacha do leanaí chun iad féin a chosaint ó mhí-úsáid fhisiciúil nó ghnéasach agus cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le fadhbanna ar bith a bhíonn acu a insint do dhaoine fásta a bhfuil muinín acu as.  

 


Tá An Clár Bí Sábháilte mar chuid den churaclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte is gá do gach bunscoil a fhorfheidhmiú.   Tá comhoibriú idir tuismitheoirí agus múinteoirí ríthábhachtach do rath an chláir.  Tá sé tábhachtach go mbíonn tuismitheoirí ar an eolas faoi ábhar na gceachtanna Bí Sábháilte agus go mbíonn siad in ann iad a phlé lena leanaí.  D’fhéadfadh do leanbh bileoga oibre a thabhairt abhaile ina n-inseofar duit cé na topaicí a clúdaíodh sa rang agus cén chaoi ar féidir leat na teachtaireachtaí a atreisiú sa bhaile.  

 


Féadfaidh tú eolas a chur ar an ábhar sna ceachtanna Bí Sábháilte trí chliceáil anseo.  Déan teagmháil leis an scoil más mian leat tuilleadh plé a dhéanamh ar an gclár. 

 

 

Conas a mhúintear an clár?

Is fearr go múineann an gnáthmhúinteoir ranga ábhar ceachtanna an chláir Bí Sábháilte do leanaí sa seomra ranga agus go ndéanann na leanaí plé ar na hábhair lena dtuismitheoirí sa bhaile ina dhiaidh sin. Oibríonn múinteoirí agus tuismitheoirí le chéile chun a chinntiú go bhfoghlaimíonn leanaí na scileanna a theastaíonn uathu chun bheith sábháilte. Leagtar amach san íomhá a leanas an líon ceachtanna a mhúintear i ngach ábhar. 

 

 

Conas a bhíonn tuismitheoirí/caomhnóirí páirteach sa chlár?

Toisc gurb iad seo na daoine is tábhachtaí i saol an linbh, tá sé ríthábhachtach go bhfuil tuismitheoirí/caomhnóirí páirteach sa chlár. Léiríodh cheana gur éifeachtaí cláir ar nós Bí Sábháilte nuair atá tuismitheoirí/caomhnóirí páirteach go gníomhach sa phróiseas.

 

Sula dtabharfar an clár isteach i scoil do linbh, seans go dtabharfar cuireadh duit chuig cruinniú tuismitheoirí ag a míneofar an clár agus ag a mbeidh deis agat ceisteanna a chur.

 

Is féidir bileoga oibre chun gabháil leis na ceachtanna a thabhairt mar obair baile do do leanbh nó is féidir iad a thabhairt abhaile le go gcuirfidh tú do shíniú orthu. Tá sé tábhachtach go n-úsáideann tú iad seo chun ábhar an cheachta a phlé le do leanbh. Má dhéanann tú amhlaidh, tabharfar léargas duit ar an méid atá á fhoghlaim ag do leanbh, agus tabharfar deis duit na saincheisteanna atá i gceist a phlé ar bhealach atá níos pearsanta ná mar is féidir a dhéanamh sa seomra ranga. Tabharfaidh sé deis duit saincheisteanna sábháilteachta pearsanta a phlé le do leanbh agus na rialacha sábháilteachta atá i do theaghlach féin a mhíniú freisin. Úsáideann leanaí na bileoga oibre uaireanta chun insint dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí faoi fhadhbanna.

Sula gcuirfear tús leis an gclár:

  • Déan cinnte de go bhfuil cur amach agat ar thopaicí an cheachta mar atá leagtha amach sa rannán seo a leanas
  • Labhair le do leanbh faoin gclár. Mínigh dó/di go múinfidh an clár dó/di conas a bheith sábháilte
  • Roghnaigh am den lá is féidir a chur ar leataobh chun na bileoga oibre a phlé.

 

Is cuid ríthábhachtach den chlár é rannpháirtíocht an tuismitheora i dtéarmaí atreisithe agus leanúnachais. Déan teagmháil leis an scoil más mian leat tuilleadh plé a dhéanamh ar an gclár, nó má bhíonn aon cheisteanna agat nó aon imní eile ort.