Ceardlanna Corpoideachais SFGM | |
---|---|
![]() |
Cuireann ár bhfoireann de Chomhairleoirí Corpoideachais, Láithreoirí Comhlacha agus Éascaitheoirí Áitiúla ceardlanna i láthair go rialta i rith na bliana trí Líonra na nIonad Oideachais. Fógraíonn Líonra na nIonad Oideachais agus leathanach Twitter SFGM – @PDSTpe na ceardlanna Scrollaigh anuas chun eolas a fháil faoi cheardlanna atá ag tarlú faoi láthair i do cheantar. Cuir d’áit in áirithe ar cheann de na ceardlanna dhá uair an chloig seo trí chliceáil anseo. |
GLUAIS GO MAITH, GLUAIS GO MINIC – SEIMINEÁR 3 |
---|
Beidh SEIMINEÁR UM INNIÚLACHT FHISICIÚIL 3 ar siúl AR FUD NA TÍRE ón 25 Feabhra 2019
|
Cuir do spás in áirithe ag an seimineár seo trí chliceáil ar an gcnaipe dearg thíos – cuirtear clúdach ionadaí ar fáil do bheirt mhúinteoirí le freastal! |
Ceardlann Chorpoideachais – Scileanna um Theagasc Gleacaíochta sa Chorpoideachas: Teicnící agus Seicheamhú Rollta |
---|
Is gné thábhachtach de shnáithe Gleacaíochta an Churaclaim Corpoideachais é an rolladh. Tá sé mar aidhm leis an gceardlann dhá uair an chloig seo inniúlacht agus muinín múinteoirí a fhorbairt chun teagasc a dhéanamh i réimse teicnící rollta agus dul chun cinn sa Ghleacaíocht ag gach leibhéal ranga. *ACMHAINN NUA IONTACH* Cártaí Scileanna Gleacaíochta Is gné thábhachtach de shnáithe Gleacaíochta an churaclaim corpoideachais é an rolladh. Tá sraith cártaí scileanna forbartha ag Foireann Corpoideachais Bunscoile SFGM le tacú leat teagasc a dhéanamh go sábháilte i réimse teicnící rollta agus dul chun cinn sa ghleacaíocht ag gach leibhéal ranga.
Cliceáil anseo nó ar an íomhá thuas chun an tsraith cártaí a íoslódáil. Cliceáil ar an gcnaipe dearg thíos le freastal ar cheardlann gleacaíochta SFGM. Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht gleacaíochta in-scoile, téigh chuig http://pdst.ie.ie/school/register
|
Íoslódáil an bileoigín eolais do Cheardlanna Gleacaíochta anseo... |
Tabhair faoi deara: is ceardlann dhá uair an chloig é seo. Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun d’áit a chur in áirithe.
Acmhainní Ceardlainne SFGM atá Á nÉascú go Náisiúnta |
---|
Cliceáil ar na teidil thíos chun acmhainní do cheardlanna SFGM a íoslódáil:
|
Attachment | Size |
---|---|
![]() | 482.41 KB |
![]() | 540.77 KB |
![]() | 274.83 KB |
![]() | 2.18 MB |