Cad is Inniúlacht Fhisiciúil ann? |
---|
“Is féidir cur síos a dhéanamh ar litearthacht fhisiciúil mar an spreagadh, muinín, inniúlacht fhisiciúil, eolas agus tuiscint chun luach agus freagracht a ghlacadh as a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí coirp ar feadh an tsaoil.” (Whitehead, 2014) |
Cheap foireann Corpoideachais SFGM acmhainn chun tacú le múinteoirí an leanbh ag a bhfuil inniúlacht fhisiciúil a fhorbairt trí Scileanna Bunghluaiseachta. Ceapadh an acmhainn seo dar teideal Gluais go Maith, Gluais go Minic, le go gcuirfidh sí le teagasc an churaclaim corpoideachais i mbunscoileanna na hÉireann. Tá sé mar aidhm aici moll uirlisí a chur ar fáil chun tacú leis an múinteoir scileanna bunghluaiseachta a theagasc ar fud na bunscoile. Tá Treoracha do Mhúinteoirí agus trí Leabhar Gníomhaíochta mar chuid den acmhainn seo. Tá an acmhainn iomlán seo, lena n-áirítear ábhair bhreise ar nós píosaí físeán, teimpléad measúnaithe, ceachtanna samplacha agus uirlisí pleanála ar fáil ach cliceáil ar an nasc thíos. |
*** Ag teacht go luath! ***
Reáchtálfar SEIMINEÁR 3 i ngach Ionad Oideachais ón 25 Feabhra 2019. Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun d’áit a chur in áirithe.
Cliceáil ar na híomhánna thíos chun leagan PDF den acmhainn seo a fháil. Níl sé i gceist go nglacfadh forbairt Scileanna Bunghluaiseachta áit an cheachta corpoideachais. Ina ionad sin, tá sé i gceist go ndéanfaí an fhorbairt scileanna seo a chomhtháthú sa cheacht Corpoideachais, ag teacht le plean foriomlán na scoile. Ar an mbealach seo, díríonn an múinteoir ar fhorbairt scileanna i gceacht atá bunaithe ar cheann de shnáitheanna an churaclaim corpoideachais. Déantar idirdhealú ar na trí leabhar acmhainní idir na gníomhaíochtaí a dtugtar breac-chuntas orthu chun na scileanna seo a fhorbairt agus a dhaingniú. Baineann na gníomhaíochtaí i Leabhar 1 le ranganna na naíonán, baineann na gníomhaíochtaí i Leabhar 2 leis na ranganna sóisearacha/idirmheánacha, agus baineann na gníomhaíochtaí i Leabhar 3 leis na ranganna idirmheánacha/sinsearacha. |
|||
Leabhar Gníomhaíochta 1 | Leabhar Gníomhaíochta 2 | Leabhar Gníomhaíochta 3 |
Gluais Go Maith, Gluais Go Minic - Acmhainn Gaeilge! |
|||
---|---|---|---|
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Leabhar 1 | Leabhar 2 | Leabhar 3 |
Tacaíochtaí d’Inniúlacht Fhisiciúil do Scoileanna – Seimineár 1 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Seimineár 1 Láithreoireacht PowerPoint | Leabhar Rannpháirtithe Seimineár 1 | Alt InTouch |
Tacaíochtaí d’Inniúlacht Fhisiciúil do Scoileanna – Seimineár 2 | |||||
---|---|---|---|---|---|
Seminar 2 Presentation (English) | Seimineár 2 (Gaeilge) |
Planning Tools and Templates (PDF)
Planning Tools and Templates (leagan is féidir a chur in eagar) |
Leabhrán Rannpháirtithe – Seimineár 2 | Measúnú ar Scileanna Bunghluaiseachta |
|
---|
Is féidir le múinteoirí na físeáin seo a leanas a úsáid chun tacú le do chuid eolais ar réimse na hinniúlachta fisiciúla agus é a fhorbairt. |
---|
Is féidir teacht ar shraith físeán le tacú le teagasc agus foghlaim scileanna bunghluaiseachta ag https://www.scoilnet.ie/pdst/physlit/videos/