RÉAMHRÁ |
---|
Rinne Keynes cur síos ar an [Eacnamaíocht] mar mhodh seachas dúnghaois, mar fhearas na hintinne, mar theicníc smaoinimh a chabhraíonn leis an sealbhóir teacht ar na cinntí is cirte. “Léiríonn na tionscadail atá liostáilte thíos cumhacht na heacnamaíochta mar inneall fionraíochta, a sholáthraíonn léargas chun chinntí a dhéanamh ar raon fairsing ceisteanna nuair a úsáidtear i gceart é. Mar sin bíonn an-tairbhe leis an mbonn fianaise a chuireann an eacnamaíocht agus eacnamaithe ar fáil do chinnteoireacht éifeachtach.
An tSraith Shinsearach Eacnamaí Óg na Bliana 2016 - An Chéad Áit |
---|
Comhghairdeas le Kate Lauren Walsh ó Mheánscoil na Toirbhearta, an Loch Buí, Cill Chainnigh a bhain amach an chéad áit i ngradaim Eacnamaí Óg na Bliana 2016 in aicme na Sraithe Sinsearaí lena dtogra dar teideal: “Eacnamaíocht na Sceimhlitheoireachta”. Comhghairdeas freisin leis an múinteoir Kate Elaine Murphy as an am, an díograis agus an iarracht ag cabhrú le Kate ar an tionscadal seo.
Aiseolas ó na Moltóirí
Is físeán maith é seo ina dtéitear i ngleic le ceist shuimiúil, ceist ar ar bhreathnaigh roinnt eacnamaithe mór le rá le déanaí. Ba phríomhphointe é an nasc (nó an ganntanas naisc) idir oideachas agus gníomhaíocht sceimhlitheoireachta in obair a rinneadh ar Eacnamaíocht agus Sceimhlitheoireacht. Is eacnamaí saothair ag Ollscoil Princeton é Alan Krueger, bhí sé ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chomhairleoirí Eacnamaíochta de chuid an Uachtaráin Obama agus bhí sé ina chomhairleoir ar an Aonad Náisiúnta i gcomhair Frithsceimhlitheoireachta. Cuirtear leis an obair a rinne eacnamaithe ar nós Krueger sa tionscadal seo, chabhraigh siadsan le daoine breathnú níos leithne a thabhairt ar an obair a dhéanann eacnamaithe agus cad a cheapann siad faoin obair sin. Ar an gcaoi sin sonraíodh tábhacht na heacnamaíochta chun beartais éifeachtacha a chruthú thar réimse fairsing saincheisteanna.
Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil ar thogra Kate a bhain amach an duais.
Eacnamaí Óg na Bliana 2016 na Sraithe Sinsearaí - an Dara hÁit |
---|
Comhghairdeas le Amal Mutahir agus Rachel O’Connor ó Choláiste Loreto, an Muileann gCearr a bhain amach an dara háit i ngradaim Eacnamaí Óg na Bliana 2016 in aicmena Sraithe Sinsearaí lena dtogra dar teideal: “Anailís teoirice cluichí ar ghéarchéim na n-imirceach”. Comhghairdeas freisin le Neil Garry, múinteoir Amal agus Rachel as an am, an dúthracht agus an iarracht ag cabhrú le Amal agus le Rachel ar an togra seo.
Aiseolas ó na Moltóirí
Agus anailís á déanamh acu ar iompraíocht eacnamaíoch, aithníonn eacnamaithe go bhféadfadh an chaoi a bhfreagraíonn a n-iomaitheoirí don iompraíocht sin dul i bhfeidhm ar an gcinneadh a ghlacann gníomhaire. Mar thoradh ar an idirghníomhaíocht straitéiseach sin, is minic a bhíonn gníomhairí réasúnta á n-iompar féin ar bhealaí a thagann salach ar a leas féin de réir dealraimh. Sraith uirlisí atá i dteoiric chluichí a bhíonn in úsáid ag eacnamaithe chun iompraíocht straitéiseach a thuiscint. Úsáidtear teoiric chluichí sa togra seo chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfadh idirghníomhaíochtaí straitéiseacha idir tíortha dul i gcion ar bheartais náisiúnta maidir le teacht isteach na n-imirceach. Ach an teoiric chluichí a chur i bhfeidhm agus idirghníomhaíocht straitéiseach san iompraíocht a aithint, léirítear go soiléir cén fáth nach féidir féachaint ar an mbeartas náisiúnta leis féin agus conas a d’fhéadfadh buntáistí leasa do chách a bheith mar thoradh ar bheartais chomhordaithe.
Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil ar thogra Amal agus Rachel a bhain amach an duais.
Eacnamaí Óg na Bliana 2016 san Idirbhliain - An Chéad Áit |
---|
Comhghairdeas le Mark Glynn agus Cian Buckley ó Mheánscoil Phádraig, Droichead Nua, Co. Chill Dara a bhain amach an chéad áit i ngradaim Eacnamaí Óg na Bliana 2016 in aicme na hIdirbhliana lena dtogra dar teideal: “An maitheas andúile atá sna meáinshóisialta?”. Comhghairdeas freisin le Barry Moriarty , a múinteoir as an am, an dúthracht agus an iarracht a rinne sé chun cabhrú le Mark agus le Cian ar an togra seo.
Aiseolas ó na Moltóirí
Togra an-spéisiúil atá anseo ina ndéantar an teoiric eacnamaíochta agus anailís eimpíreach a tharraingt le chéile. Ionas gur féidir faisnéis a fháil ó thaighde eimpíreach ar an eacnamaíocht, ní mór go mbeadh an taighde sin bunaithe ar thuiscint mhaith ar an teoiric eacnamaíochta is bun leis an iompraíocht. Úsáidtear coincheap eacnamaíochta an phraghasleaisteachais sa togra seo chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí andúile agus earraí neamh-andúile. Treoraithe ag na léargais atá sa teoiric, rinne na taighdeoirí anailís eimpíreach, bunaithe ar na sonraí príomhúla, le fáil amach cé chomh mór is féidir na meáin shóisialta a aicmiú mar earra andúile. Úsáidtear ticéid phictiúrlainne chun comparáid a dhéanamh, agus is léiriú maith atá ann ar an ról a bhíonn ag grúpaí cóimheasa agus tátail á bhaint acu san eacnamaíocht.
Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil ar thogra Mark agus Cian a bhain amach an duais.
Eacnamaí Óg na Bliana 2016 san Idirbhliain - an Dara hÁit |
---|
Comhghairdeas le DeprisseAnne Patricio ó Mheánscoil Loreto, Cill Chainnigh a bhain amach an dara háit in Eacnamaí Óg na Bliana 2016 - an Idirbhliain lena hiontráil dár teideal “Shrinkflation - paying more but getting less “ (Boilsciú bréagach - íoc níos mó agus faigh níos lú). Comhghairdeas freisin leis an múinteoir Deprisse Anne Aine Connery as an am, an díograis agus an iarracht a rinne sí ag cabhrú le Deprisse Anne ar an tionscadal seo.
Aiseolas ó na Moltóirí
Breathnaítear ar ról na praghsála sa chinneadh a dhéanann comhlacht ar aschur, tugtar neart samplaí de chásanna ina chuir comhlacht méadú praghsanna i bhfeidhm go hindíreach tríd an táirge a athrú, seachas an praghas deiridh a mhéadú go díreach. Sonraítear roinnt ceisteanna spéisiúla ar ról na réasúnachta agus faisnéise easnamhaí i gcinntí aonair ar cheannach, mar aon leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag eacnamaíocht iompraíochta chun níos mó eolais a fháil ar chinnteoireacht eacnamaíoch. Bhí an físeán a théann leis an tionscadal soiléir, dírithe, agus bhí go leor eolais agus léargais le fáil ann agus chabhraigh sé leis an mbreathnóir dul i ngleic leis an tionscadal gan mearbhall a chur orthu.
Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil ar thogra Deprisse Anne a bhain amach an duais.