Nuacht
Grúpa Nua Tacaíochta (Facebook) le haghaidh Múinteoirí Staidéar Foirgníochta agus MTW.
Chuir Eoin Kirwan, múinteoir i Scoil Phobail an tSeanbhábhúin i dTamhlacht grúpa nua FACEBOOK ar siúl do mhúinteoirí Teicneolaíochta Ábhar (Adhmad) agus Staidéar Foirgníochta. Is é aidhm an Ghrúpa deis a thabhairt do mhúinteoirí smaointe maidir le tionscadail a bheadh oiriúnach le húsáid sa seomra ranga a roinnt.
Is é ‘Smaointe do Thionscadail i dTeicneolaíocht Ábhar (Adhmad) agus Staidéar Foirgníochta’ ainm an leathanaigh. Is grúpa príobháideach é toisc go gcaithfidh Eoin, mar riarthóir an ghrúpa, aon iarratais ar bhallraíocht a cheadú.
Má tá suim agat ann seo é an nasc chuig an leathanach: