Eolaíocht Talmhaíochta na Sraithe Sinsearaí – Físeáin ar Eolaíocht Talmhaíochta

Ithreacha

 

Léirítear san fhíseán seo an tábhacht a bhaineann lenár nIthir agus Eolaíocht Ithreach le Talmhaíocht, táirgeadh Barr agus Ainmhithe. San fhíseán seo, scrúdaítear ithir ‘Mhaith’ agus scrúdaítear a hairíonna agus na saintréithe d’ithreacha maithe, torthúla. Pléitear anailís ar thástáil ithreach ina scrúdaítear riachtanas cothaitheach agus mianra ithreacha, pH ithreach, agus a dtionchar ar tháirgeadh bia. Scrúdaítear comparáidí próifíle ithreach ar Ithir Dhonn, Móin / Ithir Orgánach, Reigeasal, Podsal agus Gléireach agus pléitear a ndáileadh tíreolaíoch.

 

Beathaí

 

Déantar comparáid idir beathú Fliuch (Foráiste) agus Tiúcháin agus pléitear na tairbhí a bhaineann leis an dá cheann. Mínítear an tábhacht a bhaineann le bainistiú Féaraigh i dtéarmaí aschur táirgthe mar aon le scrúdú a dhéanamh ar an ról atá ag féar tirim, sadhlas agus Biatas Fodair. Scrúdaítear anailís tástála sadhlais agus cáilíocht sadhlais freisin.

 
 
Dioscadh ar Chóras Díleá Neamh-athchogantach.
 
 
Scrúdaítear san fhíseán sampla de chóras díleá neamh-athchogantach i muc. Mínítear struchtúr agus feidhm gach cuid den chóras díleá mar aon le struchtúr agus feidhm na n-orgán atáirgthe baineann i muc bhaineann.
 
 
 
Dioscadh ar Chóras Díleá Athchogantach
 
 
Scrúdaítear san fhíseán sampla de chóras díleá athchogantach in uan. Déantar comparáidí le córas díleá ainmhí neamh-athchogantach (muc). Sainaithnítear agus mínítear struchtúr agus feidhm gach cuid den chóras díleá athchogantach.
 
 
 
Léiriú ar an tástáil Gerber don chéatadán saille i mbainne agus uachtar amh 
 
 
Úsáideadh tástáil Gerber chun tástáil cheimiceach a dhéanamh ar bhainne agus ar uachtar chun an céatadán saille atá ann a chinneadh sular úsáid uachtarlanna modh leictreonach chun méid saille i samplaí bainne agus uachtair a ríomh.
 
 
Foghlaim Bunaithe ar Fhiosrú

Oideachas Eolaíochta bunaithe ar Fhiosrú

 

Oideachas Eolaíochta bunaithe ar Fhiosrú  ó SFGM  ar  Vimeo.