An Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta

Fáilte!


 

Tús Eolais ar an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta
 

 

Úsáideadh an cur i láthair seo  ag tús an lae seimineáir náisiúnta nuair a d’fhéachamar ar chúlra na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta. Sa chur i láthair, chíoramar impleachtaí na Straitéise do bhaill uile phobal na scoile don scoilbhliain seo agus ina dhiaidh sin go 2012-13. 

 


Baineadh úsáid as cúpla gearrthóg físe ag an seimineár a d’fhéadfadh a bheith úsáideach ag Cruinnithe Foirne, Chumann na dTuismitheoirí nó an Bhoird Bainistíochta. In dhá cheann de na gearrthóga físe seo pléitear sainmhínithe ar an Litearthacht agus ar an Uimhearthacht agus tá siad seo ar fáil ar leathanach baile an tsuímh. Breathnaíonn an chéad ghearrthóg físe ar an leathanach seo ar fhoghlaim chomhoibríoch idir daltaí trí réiteach fadhbanna i dtionscadal mata. Baineann an dara gearrthóg físe le cúrsaí taobh amuigh den seomra ranga agus scrúdaíonn sé comhoibriú idir múinteoirí agus le tuismitheoirí.

 

Tionscadal Mata: Réiteach Fadhbanna trí fhoghlaim chomhoibríoch idir daltaí

 

 

Múinteoirí ag comhoibriú le chéile agus le tuismitheoirí.

Beartaítear go rachaidh an roinn seo den suíomh Idirlín d’Uimhearthacht Iar-bhunscoile leis na seimineáir do Nascmhúinteoirí Uimhearthachta. Is é cuspóir na seimineár seo acmhainn in uimhearthacht a fhorbairt 578ag leibhéal scoile. Is é príomhfhócas na seimineár do nascmhúinteoirí uimhearthachta ná cur chun cinn agus forbairt na huimhearthachta sa scoil uile. Déantar iniúchadh sna seimineáir seo freisin ar  raon modhanna a bhfuil mar aidhm acu acmhainn in uimhearthacht a mhéadú sa churaclam ar fad.