Matamaitic

Féach ar Shuíomh Gréasáin na Foirne Tacaíochta Matamaiticechun teacht ar thacaíocht don tSraith Shinsearach

 

 

 

Ag tosú an 1 Meitheamh 2018, tiocfaidh roinnt athruithe i bhfeidhm maidir leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do mhúinteoirí Matamaitice Iar-bhunscoile. Seo a leanas na hathruithe:

 

  • Tabharfar Matamaitic Iar-bhunscoile – SFGM ar an bhFoireann Tacaíochta Matamaitice

 

  • Beidh an suíomh gréasáin projectmaths.ie beo go dtí Meitheamh 2020. Ina dhiaidh sin, ní bheidh na hacmhainní inrochtana ach trí  scoilnet.ie.

 

  • Is féidir cóip de do thinreamh ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach ó 2009 go dáta a fháil ón riarthóir  grainnehaughneymdt@pdst.ie. Ag tosú ar an 1  Meán Fómhair 2018, taifeadfar gach imeacht um fhorbairt ghairmiúil leanúnach trí chóras bainistíochta sonraí SFGM.

 

  • Ón 1 Meán Fómhair  2018, caithfidh múinteoirí ar mian leo freastal ar imeachtaí Matamaitic Iar-bhunscoile – SFGM, áirithint a dhéanamh trí chóras bainistíochta sonraí SFGM. http://pdst.ie/onlinebookinginformation

 

 

  • Ón 1  Meitheamh, ba cheart do scoileanna ar mian leo cuairt tacaíochta scoile don mhatamaitic nó in aon réimse eile den churaclam a iarraidh, sin a dhéanamh anseo. Seoladh sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh trí ríomhphost chuig gach scoil

 

Iarratais ar Chuairteanna Scoile:  http://pdst.ie.ie/school/register

 

Cuirfear tacaíocht ar fáil ón 1  Meán Fómhair 2018 mar seo a leanas:

 

  • Tá sraith sé cheardlann ar fáil in Ionaid Oideachais Dhroim Conrach, Bhaile Átha Cliath Thiar, Bhaile Átha Luain, Phort Laoise, Luimnigh agus na Gaillimhe do Mhúinteoirí Nua-cháilithe a cháiligh ó 2014. Beidh sonraí maidir le gach ceardlann ar fáil ar projectmaths.ie, déan áirithint trí http://pdst.ie/onlinebookinginformation

 

  • Clár Ionduchtaithe dhá lá do mhúinteoirí nua don Staidéar Ceachta ar an 20 agus 21   Meán Fómhair 2018 in Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar. Áirithintí trí: http://pdst.ie/onlinebookinginformation

Moltar clárú go luath mar go bhfuil áiteanna teoranta.

Tabhair faoi deara: Murab ionann do chuid sonraí go díreach agus na sonraí i mbunachar sonraí na Comhairle Múinteoireachta, ní bheidh tú in ann clárú. Seiceáil do chlárú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta i dtosach chun litriú d'ainm agus d'uimhir Chomhairle Mhúinteoireachta a dheimhniú. Mar shampla, má bhíonn bearna idir O’Neill  agus O’ Neill ní bheidh tú in ann clárú mura bhfuil sé mar a chéile ar bhunachar sonraí na Comhairle Múinteoireachta.