Fáilte |
---|
Fáilte to leathanach baile Fhoireann na Gaeilge Iarbhunscoile an tSeirbhís um Fhorbairt Ghaimiúil do Mhúinteoirí. Tá sé i gceist againn go mbeidh an suíomh seo tacúil do mhúinteoirí agus iad ag tabhairt faoi chur chuige éagsúla i leith teagaisc, foghlama agus measúnú. Cuirtear roinnt moltaí praiticiúla ar fáil chun aird a tharraingt ar na bealaí éagsúla gur féidir le múinteoirí na cúig scil teanga a chur chun cinn ina gcleachtas laethúil.
Tacaíocht |
---|
An bhfuil a fhios agat go bhfuil tacaíocht scoile ar fáil i do scoil féin do mhúinteoirí Gaeilge agus do mhuinteoirí i nGaelcholáistí agus Coláistí Gaeltachta? Tá an tseirbhís seo saor in aisce agus díríthe go hiomlán ar riachtanais na scoile.
Is féidir le scoileanna iarratas a chur isteach ar thacaíocht i dtrí réimse lena n-áirítear Gaeilge. Sannfar comhairleoir chun tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil don scoil. Is féidir le príomhoidí iarratas a chur isteach ar an tacaíocht seo trí chuairt a thabhairt ar www.pdst.ie/schoolsupport.
Is é schoolsupport2022 an pasfhocal. Is féidir ceisteanna a chur chuig schoolsupport@pdst.ie.
Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar shonraí maidir le Tacaíochtaí.
Eolas |
---|
Pleanáil do Theagasc na Gaeilge
Tá liosta de na ceardlanna a bheidh ag teacht aníos i mbliana anseo. Is féidir clárú dóibh anseo.
Dátaí don dialann |
---|
Féach ar an bhféilire mar eolas ar imeachtaí atá eagraithe againn daoibh.
Teagmháil |
---|
Ceannaire Foirne:
Seosamh Mac an Iomaire seosamhmacaniomair@pdst.ie
Comairleoirí:
Áine Nic Giolla Phádraig: ainenicgiollaphadraig@pdst.ie
Marcus ó Floinn: marcusofloinn@pdst.ie
Riarachán:
Colette O’Byrne, An Riarthóir Gaeilge, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST), 14 Bealach an tSeoighigh, Páirc Ghnó na Páirce Thiar, Bóthar Nangor, Baile Átha Cliath 12.
Rphost: gaeilge@pdst.ie