Teicneolaíochtaí Digiteacha
D’fhorbair Foireann Teicneolaíochta Digití SFGM an leathanach gréasáin nua seo d’ábhar coimeádaithe le tacú le scoileanna agus múinteoirí atá páirteach sa chianfhoghlaim d’fhonn leanúnachas a chur ar fáil do dhaltaí/scoláirí. Ag baint úsáid as roinnt de na hardáin agus/nó uirlisí ar líne ar a dtugtar cuntas ar an leathanach seo, cuirfear ar chumas scoileanna an tionchar a bhíonn ag dúnadh scoileanna a laghdú trí rochtain ar ábhair, tacaíocht, obair ranga agus aiseolas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí. Ach na huirlisí ar líne a fhiosraítear ar an leathanach seo a úsáid:
- Is féidir le múinteoirí acmhainní agus cleachtaí oideachais a chur ar fáil go héasca d’fhoghlaimeoirí, agus beidh na foghlaimeoirí in ann staidéar a dhéanamh orthu agus tascanna a chur i gcrích ón mbaile.
- Ag brath ar na huirlisí digiteacha atá ar fáil do gach scoil, féadfaidh múinteoirí straitéisí foghlama malartacha a úsáid chun cleachtaí ar líne is féidir le foghlaimeoirí a rochtain go cianda, a aimsiú agus a chruthú.
- Is féidir le foghlaimeoirí gníomhaíochtaí a chur i gcrích go digiteach a léiríonn an tuiscint atá acu, agus beidh múinteoirí in ann aiseolas a thabhairt chun an taithí foghlama a fheabhsú.
- Is féidir eolas agus tuiscint foghlaimeoirí a léiriú go héifeachtach trí chuid de na huirlisí ar theicneolaíocht an oideachais a fhiosraítear ar an leathanach gréasáin seo a úsáid (e.g. Edpuzzle, Flip, Kahoot, Quizlet agus WizerMe).
Ardáin chun Tacú leis an gCianfhoghlaim
Cliceáil ar na híomhánna agus ar na naisc thíos le tuilleadh a fháil amach faoi na hardáin éagsúla agus a ngnéithe ar líne is féidir a úsáid chun tacú leis an teagasc agus an chianfhoghlaim.
Ardáin |
||||
---|---|---|---|---|
|
|
|
|
|
Cliceáil ar na híomhánna agus ar na naisc thíos le tuilleadh a fháil amach faoin áit ar féidir foinsí iontaofa eolais a rochtain agus le huirlisí ar líne is féidir a úsáid chun tacú leis an teagasc agus an chianfhoghlaim a fhiosrú.
SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas - An Nuachtlitir is Déanaí |
---|
Tá cóip den nuachtlitir seo seolta chuig na múinteoirí uile ar liosta seolta SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas. Chun clárú le haghaidh an liosta seoltaí, cliceál anseo. |
Chun na scéalta is déanaí a fháil maidir le forbairtí nua, ná déan dearmad sinn a leanúint ar na meáin shóisialta. | ||
---|---|---|
|
|
|